Skip to main content


Nuacht

Éanlaith Bhithsféar Chiarraí

Scroll
min read

Éanlaith Bhithsféar Chiarraí

min read

9/09/22

Éanlaith Bhithsféar Chiarraí

Spreagann tionscadal Éanlaith Bhithsféar Chiarraí spéis i limistéir chosanta Thearmann Bithsféir Chiarraí agus i ngnáthóga agus in ainmhithe an cheantair.

Le cainteanna ar líne, ceardlanna scoile ar an láthair agus ar líne, comórtas ealaíne d’fhéilire na bliana, taispeántas ealaíne, imeachtaí sóisialta agus eile, tá de chuspóir leis an togra seo dea-bhail an phobail a chothú trí pháirt i gcúrsaí ealaíne agus oidhreachta.

Lean an tionscadal ar feadh 6 mhí ó Mhárta go Lúnasa 2022 agus bhí imeachtaí ar siúl do dhaoine d’aoisghrúpaí éagsúla agus le réimsí éagsúla spéise.

Bhí tríocha rang scoile ar fud Chiarraí ceangailte le ceardlann ealaíne ar líne á chur i láthair ag Katie O’Donoghue, údar agus maisitheoir léaráidíochta. D’fhoghlaim na daltaí faoi na héin a mhaireann sa Bhithsféar, an chuma atá orthu agus an modh le pictiúr díobh a tharraingt.  Cruthaíodh leabhar dathúcháin Éanlaith Bhithsféar Chiarraí le saothar ealaíne le Katie O’Donoghue agus téacs le Eleanor Turner agus cuireadh sin ar fáil do na bunscoileanna ar fud Chiarraí mar acmhainn a bhí le tarraingt anuas ó láithreán gréasáin Bhithsféar Chiarraí.

Ag dul leis an gceardlann, eagraíodh comórtas ealaíne maidir le féilire faoi scáth an tionscadail.  Roghnaíodh dhá cheann déag de phictiúir d’éin na Bithsféire as nach mór trí chéad pictiúr a chuir daltaí scoile i gCiarraí isteach.  Cuireadh na pictiúir ar fad ar taispeáint agus seoladh an fhéilire lá ghrianstad an tsamhraidh ag ócáid shóisialta a eagraíodh tráthnóna lenar bhain oscailt an taispeántais, seó puipéadóireachta le Seán Ó Laoghaire agus ceol traidisiúnta.

Fuair cúig chéad dalta scoile deis páirt a ghlacadh i gceardlanna maidir le speicis éagsúla den éanlaith agus le déanamh nide.  Shonagh Grey, Siobhán McAllister agus Tara Buckley a reáchtáil na ceardlanna sin.

Ar na himeachtaí a eagraíodh amuigh faoin aer, bhí dhá BhithBhliotsa.  Dírítear le Bithbhliotsa ar oiread agus is féidir de speicis éagsúla a aimsiú agus a shainaithint in imeacht tréimhse gairid ama. Thug na rannpháirtithe cuairt ar dhá fheirm atá suite laistigh den Bhithsféar i mí Bealtaine 2022 agus sonraíodh níos mó ná dhá chéad tríocha speiceas.  Chruthaigh an t-ealaíontóir Amanda Bentley Curran bunsaothair ealaíne bunaithe ar an gcaoi a ndeachaigh imeachtaí an lae i gcion uirthi féin.  I mí Bealtaine freisin, bhí an Dr Allan Mee i gceann an róid ar Shiúlóid Sléibhe maidir leis an Éanlaith sna Cruacha Gorma, i gcroílár an Bhithsféir.

Eagraíodh ócáid shóisialta tráthnóna amháin i mBothán na bhFear i gCill Airne agus chuir Feirmeoireacht Eiceashóisialta Chiarraí eolas i láthair faoin modh oibre maidir le bosca éin a dhéanamh agus a choinneáil i gcaoi mhaith.  Bhí scéalaíocht, ceol agus amhráin i gceist freisin.  Ócáid seo a eagraíodh i gcomhar le Bothán na bhFear i gCill Airne agus tionscadal EIP Fheirmeoireacht Eiceashóisialta Chiarraí. Ceol agus amhráin ó bhaill Bhothán na bhFear i gCill Airne, scéalaíocht le Seán Ó Laoghaire, tuairisc ar an mbosca éin le Luke Myers.

Duine a tháinig i láthair ag BithBhliotsa Feirme

"‘Is mian liom buíochas a ghabháil leat as ócáid chomh suimiúil sin a eagrú. D'fhoghlaim mé cuid mhór agus bhain mé an-sásamh as an lá.’ "

Seán Ó Laoghaire

"‘An ócáid is fearr a thaobhaigh mé lá ghrianstad an tsamhraidh riamh.’ "

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×