Skip to main content


Nuacht

Féile Ealaíon Uirbeach SEEK

Is féile ealaíon uirbeach chomhaimseartha é Seek atá dírithe ar na hamharc-ealaíona a chur chun cinn i nDún Dealgan. Seoladh an fhéile bhliantúil náisiúnta seo in 2019 trína ndéantar stair agus pearsantachtaí Dhún Dealgan a chomóradh. Bhí sé thar a bheith gnóthach i nDún Dealgan arís i mbliana don tríú bliain as a chéile agus raon ealaíontóirí sráide Éireannacha agus Idirnáisiúnta i mbun múrphictiúir a dhéanamh.

Bhí féile an tsamhraidh seo thar na bearta, féile inar tugadh léargas ar phearsana mór le rá i stair Dhún Dealgan. In Óstán an Crowne Plaza a rinneadh an múrphictiúr is airde ón talamh in Éirinn. Ba é an t-ealaíontóir as an Astráil, Sam Bates, nó Smug One mar is fearr aithne air, a phéinteáil an múrphictiúr den Dia Lú.

Cuidíonn scéal an tsaothair ealaíne scéal Dhún Dealgan a insint chomh maith le ceangal a dhéanamh idir daoine agus oidhreacht na háite. Leagann na múrphictiúir dhochreidte béim ar an tionchar tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag ealaín san fhearann poiblí, an ról atá ag an ealaín chun athrú a spreagadh agus chun beocht nua a chur faoi spásanna i lárbhailte na tíre.

Chomh maith leis na múrphictiúir sa bhliain 2021, cuireadh, mar chuid d’fhéile bhreisithe, clár meantóireachta agus oiliúna ar fáil do dhaltaí idirbhliana agus do dhaltaí na 5ú bliana atá ag smaoineamh ar ghairm sna tionscail chruthaitheacha, chun go mbeadh siad ábalta teagmháil a bheith acu le healaíontóirí gairmiúla agus le comhordaitheoirí imeachtaí cultúir.

Gné bhreise eile a bhain le Féile SEEK, agus a rinneadh chun an chéad trí bliana den fhéile a cheiliúradh, ná leabhar a fhorbairt ina ndéantar na gaiscí a chomóradh – tá grianghraif de na múrphictiúir, agallaimh leis na healaíontóirí chomh maith le haistí ar dhaoine ón stair atá sna múrphictiúir sa leabhar.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×