Skip to main content
Photo: michaelorourkephotography.ie


Nuacht

Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chill Dara

Scroll
1 min read

Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chill Dara

1 min read

28/02/22

Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chill Dara

Tá go leor bainte amach ag foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chill Dara, atá ag obair laistigh de Chlár náisiúnta Éire Ildánach, Pobail Ildánacha, ó bunaíodh í sa bhliain 2018.

Tá muid bródúil as na tionscadail nuálacha maidir le gníomhú cruthaitheach ar son na haeráide atá againn le healaíontóirí agus lucht na n-ealaíon, a bhfuil comhpháirtíochtaí láidre leis an Roinn Tíreolaíochta, Ollscoil Mhá Nuad agus le heagraíochtaí pobail mar thacaíocht leo.  Déanaimid cláir Eolaí Saoránaigh a chur chun cinn go gníomhach, trína ndéantar daoine aonair a spreagadh chun a dícheall a dhéanamh tuiscint a fháil ar bhithéagsúlacht agus ar an dúlra.  De réir mar a thagann muid as paindéim Covid19, tacóidh an fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta tuilleadh le comhfhorbairt shamhlaíoch áite i saoráidí agus acmhainní faoin spéir ar fud na tíre.

Déanaimid ceiliúradh ar oidhreacht Chill Dara, trí chomhshaothar bunaithe ar Shackleton le Ceolfhoireann Chontae Chill Dara agus leis an bpíobaire uilleann clúiteach, Brian Hughes, a sheolfar i bhfómhar na bliana 2022, mar chomóradh ar 100 bliain ó cailleadh é.  Tá foireann Éire Ildánach ag cur clár dar teideal Bríd 1500 chun cinn, in ómós an naoimh, bandé agus feiminigh a shamhlaítear le Cill Dara i gcónaí, agus 1500 bliain ó bhásaigh sí ag teannadh linn in 2024.

Is Contae Aoisbháúil  muid, agus dá réir sin, trí chlár Ealaíon, Sláinte agus Folláine Chomhairle Chontae Chill Dara, tá muid tiomanta d’eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán a chur ar fáil do shaoránaigh níos sine an chontae, ar fud foirmeacha ealaíne agus ar bhealach a fháiltíonn roimh úsáid na teicneolaíochta.  Sa tionscadal An Pobal a Fhí Le Chéile, a bhfuil tacaíocht aige faoin gclár náisiúnta Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine, eagrófar ceardlanna idirghlúine ar olann agus ar chniotáil, cruthófar acmhainn oideachais réaltachta fíorúla chun próiseas ‘Feirm-go-Lomra’ a iniúchadh agus cuirfear taispeántas ar siúl.

Déanaimid ceiliúradh ar leanaí agus ar dhaoine óga leis an gclár bliantúil Cruinniú na nÓg agus déantar ceiliúradh orthu go leanúnach le linn na bliana tríd an tacaíocht a chuirimid ar fáil d’amharclanna do dhaoine óga agus nithe eile.  Thacaigh muid le cláir Theanga Chomharthaíochta na hÉireann trí Athy Sing and Sign Club, agus tugann muid aitheantas freisin do theanga choiteann na n-ealaíon agus na cruthaitheachta agus déanann muid ár ndícheall gach duine sa phobal a chuimsiú i dtionscadail a thacaíonn le daoine aonair ó chúlraí éagsúla agus a dhéanann ionadaíocht dóibh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×