Skip to main content


Nuacht

Tacaíocht bhreise d’iniúchadh cruthaitheach Fhoras Ospíse na hÉireann ar chaillteanas

Scroll
3 min read

Tacaíocht bhreise d’iniúchadh cruthaitheach Fhoras Ospíse na hÉireann ar chaillteanas

3 min read

7/10/21

Tacaíocht bhreise d’iniúchadh cruthaitheach Fhoras Ospíse na hÉireann ar chaillteanas

Tá tacaíocht bhreise fógartha ag an Aire Catherine Martin do scéimeanna méala pobail shárluachmhara Fhoras Ospíse na hÉireann atá dírithe ar chruthaitheacht.

Agus é fréamhaithe i gcruthaitheacht, chuir Foras Ospíse na hÉireann (IHF), le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach, tús le tionscnamh Ealaíon agus Rannpháirtíocht Chruthaitheach ag   luathchéimeanna na paindéime. Goileann caillteanas orainn ar fad, agus na gnáthnósanna chun bheith ag déanamh bróin ceilte orainn agus baill foirne cúraim trí chéile, chuir an clár bealach ar fáil do dhaoine ciall a bhaint as tréimhse dheacair.

Tríd an deontas méadaithe, déanfar teagmháil níos leithne le pobail ar fud na tíre. Beidh 26 micriDheontas Síl do phobail chun tacú le hiniúchtaí cruthaitheacha féinstiúrtha maidir le brón agus beidh seacht gclár den Líonra Cultúr Comhbhách (CCN) i gceist a reáchtálfar ar feadh 12 seachtaine.

Tá sé mar aidhm leis na 26 micridheontas tacú le grúpaí, eagraíochtaí agus daoine aonair chun iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí cruthaitheacha agus inbhraite aitheantas a thabhairt dá bhfreagairt ar an bhfírinne uilíoch a bhaineann le bás a fháil, an bás féin agus méala, go háirithe le linn na paindéime COVID-19. Tabharfar tús áite do chuir chuige nuálacha i leith machnamh agus cuimhneamh. Tá sé mar aidhm leis na deontais cuidiú le tús a chur le tionscadail ealaíne áitiúla, nó tacú le tionscadail atá ann cheana neart a bhailiú – d’fhéadfadh ealaíontóirí, lucht ceirde nó códóirí bheith i gceist leis sin. D’fhéadfadh grúpa a bheith ann nó fiú duine aonair a bhfuil smaoineamh maith aige/aici.

Tá na cláir CCN ina gceardlanna áitiúla ina ndíríonn an pobal ar iniúchadh a dhéanamh ar chaillteanas le linn na paindéime. Is é an aidhm atá leis clár oiliúna a bhunú do dhaoine cruthaitheacha a oibríonn sna healaíona agus i sláinte, laistigh de chreat idir piaraí.

Osclófar d’iarratais ar dheontas Déardaoin an 7 Deireadh Fómhair, déan iarratas tríd an bhfoirm iarratais dhigiteach ar láithreán gréasáin IHF nó íoslódáil agus priontáil amach foirm iarratais ó láithreán gréasáin IHF agus seol tríd an bpost í.

"Trí na healaíona, cultúr agus cruthaitheacht, is féidir sólás a thabhairt agus cuidiú le daoine atá faoi mhéala cuimhneamh ar bhealach inbhraite áirithe"

Dúirt an tAire Catherine Martin “Tuigim gur chuir an phaindéim uafásach seo isteach ar gach pobal in Éirinn. Ní hamháin gur thóg COVID go leor daoine muinteartha uainn, ach chuir sé isteach ar na gnáthbhealaí chun brón agus comóradh a dhéanamh. Aithním gur féidir sólás a thabhairt do dhaoine agus cuidiú leo brón a dhéanamh agus cuimhneamh ar bhealach inbhraite áirithe trí na healaíona, cultúr agus cruthaitheacht. Le maoiniú ó mo roinn tríd an gClár Éire Ildánach, táim sásta gur féidir le Foras Ospíse na hÉireann leanúint ar aghaidh lena thacaíocht thábhachtach do dhaoine agus pobail déileáil le méala trí iad féin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach agus ealaíonta.”

Sharon Foley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin IHF, muiníneach go mbainfear tairbhí buana as an infheistíocht leanúnach sa chlár seo. “Trí na hEalaíona agus Rannpháirtíocht Chruthaitheach, tugtar deiseanna dúinn in IHF leas a bhaint as cruthaitheacht agus ealaíona chun spásanna fiúntacha a thógáil ina ndéantar iniúchadh ar nithe deacra ar nós bás a fháil, bás agus méala. Tá Machnamh, Cuimhneamh, Athnuachan ina chreat foghlama ag IHF a fhorbrófar sa bhliain atá le teacht. Tríd an gcreat seo, cuirtear deis ar fáil éascaíocht a dhéanamh ar an bpobal agus ar phobail nasc domhain a dhéanamh leis an tsaincheist maidir le bás a fháil, an bás féin agus méala. Bhí a fhios ag daoine ar feadh na céadta bliain faoin acmhainn atá ag na healaíona agus cruthaitheacht chun rannpháirtíocht agus tacaíocht fhiúntach maidir le bás agus caillteanas a neartú. Tá ríméad orainn tacaíocht a fháil ó Éire Ildánach agus ón Aire chun é sin a dhéanamh.”

Launch of Irish Hospice Foundation’s book ‘Reflection’. Photo: Paul Sherwood

Agus é tacaithe ag an gClár Éire Ildánach freisin, tá foilsiú leabhar IHF ‘Reflection’ – atá ina meascán d’agallaimh agus dánta ina ndéantar cur síos ar an gcaoi ar dhéileáil daoine ar an líne thosaigh le laethanta luatha na paindéime agus an tionchar a d’imir bás a fháil, bás agus méala orthu – ina chomóradh ar dheireadh céim thosaigh agus ar thús na hinfheistíochta nua seo. Ta ‘Reflection’ ar an gcéad sraith de thionscnaimh cruthaitheacha faoi stiúir IHF chun foghlaim ón bpaindéim seo.

Faigh tuilleadh eolais ag Foras Ospíse na hÉireann ar líne.

Stay up to date

×