Skip to main content


Nuacht

Get Ireland Making - Scileanna ár gceardaithe agus ár ndearthóirí cumasacha a roinnt

Scroll
4 min read

Get Ireland Making - Scileanna ár gceardaithe agus ár ndearthóirí cumasacha a roinnt

4 min read

10/09/20

Get Ireland Making - Scileanna ár gceardaithe agus ár ndearthóirí cumasacha a roinnt

I mí Aibreáin 2020 nuair a bhí an phaindéim i mbarr a réime chuaigh Clár Éire Ildánach agus Éire Shláintiúil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Dearaidh & Ceardaíochta Éireann (DCCI) chun sraith de cheardlanna agus de ghníomhaíochtaí ceardaíochta/dearaidh ar líne, #GetIrelandMaking, a sheoladh. Bhí an tionscnamh uathúil seo mar chuid de fhreagairt láraithe an Rialtais ar ghéarchéim Covid-19.

D’iarr #GetIrelandMaking ar dhearthóirí agus ceardaithe de chuid na hÉireann a gcuid eolais ar ábhair agus ar phróisis na ceardaíochta a roinnt trí ghníomhaíochtaí spraíúla agus tarraingteacha do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Ina dhiaidh sin dhírigh ár bpobal cumasach dearthóirí agus déantóirí ar ghníomhaíochtaí a dhearadh a thacódh leis an bhfolláine agus leis an teacht aniar a fhorbairt, agus a d’fhéadfaí a dhéanamh go héasca sa bhaile le hábhair a fhaightear timpeall an tí.

I measc na ngníomhaíochtaí seo bhí ceardlanna idirghníomhacha céim ar chéim agus ranganna teagaisc i bhfoirm físeáin ghearra a craoladh ar chainéal YouTube DCCI agus rte.ie/culture. Taobh istigh de thréimhse réasúnta gairid chuir #GetIrelandMaking 39 físeán teagaisc ceardaíochta agus 19 seimineár gréasáin beo ar fáil. Rinneamar coimisiúiniú ar 10 bpodchraoladh seachtainiúil ar an gcruthaitheacht agus daoine óga agus craoladh iad seo ó mhí Iúil go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 2020.

Get Ireland Making: Rian Do Chrann Ghinealaigh Teaghlaigh

Open Video

Get Ireland Making: Dear do sheomra féin

Open Video

Dúirt Louise Allen, Ceann na gClár Nuálaíochta agus Forbartha ag DCCI,: Tá ríméad ar Chomhairle Dearaidh & Ceardaíochta Éireann a bheith mar chuid den tionscnamh seo faoi stiúir an Rialtais. Is bealach iontach é chun tacú le réimsí an chultúir agus na cruthaitheachta le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Tá sé mar aidhm ag Get Ireland Making na scileanna agus na buanna atá ag ceardaithe agus ag dearthóirí na hÉireann a thabhairt díreach isteach inár dtithe.’

Agus muid ag obair in éineacht lenár gcomhpháirtithe sa Rialtas, le RTÉ agus le heagraíochtaí cultúir eile, chuir sé lúcháir orainn a bheith ag faire ar an gclár GetIrelandMaking ag forbairt le físeáin d’imeachtaí speisialta ar nós Cruinniú na nÓg, taispeántas Generation an Ghailearaí Náisiúnta Dearaidh & Ceardaíochta, Mí Ceardaíochta Chorcaí agus Seachtain na hOidhreachta. Tá sé mar aidhm ag an DCCI leanúint ar aghaidh ag tacú le héiteas Get Ireland Making trínár gceardaithe a chur ar taispeáint agus tacaíocht a thabhairt dóibh trí chomhoibriú leo sa todhcaí agus nascadh isteach lena bpríomhimeachtaí chun an tionscnamh a chur chun cinn tuilleadh agus lucht féachana nua a shroicheadh.

Mar gheall ar Get Ireland Making, tá fáil ag muintir na hÉireann anois ar go leor físeán teagaisc agus acmhainní d’oideachasóirí gur féidir breathnú orthu arís agus arís eile agus cuirfear an pobal, na múinteoirí, na ceardaithe agus na glúnta ceardaithe atá le teacht ar an eolas agus coinneofar iad gafa sna blianta amach romhainn.

Faigh tuilleadh eolais faoi Let’s Get Ireland Making anseo.

 

 

Stay up to date

×