Skip to main content


Nuacht

Harmony – Clár AR de chuid BHP Insurances

Scroll
5 min read

Harmony – Clár AR de chuid BHP Insurances

5 min read

14/11/20

Harmony – Clár AR de chuid BHP Insurances

Is comhar páirtnéireachta an Clár AR idir Business to Arts agus an Ciste Náisiúnta Cruthaitheachta a thagann faoi scáth Éire Ildánach. Oibrítear le gnólachtaí maidir le beartaíocht nua CSR a thabhairt chun cinn (nó cur go suntasach leis an mbeartaíocht atá ar bun cheana féin). Tagann réimse forleitheadach beartaíochta faoi scáth an Chlár AR, le cláir éagsúla á rith ag comhlacht eagraithe agus ag ealaíontóirí maidir le caidreamh le muintir an phobail, caidreamh le baill foirne agus bearta cruthaitheachta san ionad oibre.

Harmony

Harmony an teideal atá ar Chlár AR de chuid BHP Insurances atá á eagrú i gcathair Luimnigh. Tar éis próiseas gairmscoile oscailte, roghnaíodh Máire Carroll, pianódóir coirme, chun oibriú le teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair. Tá Máire ag obair freisin le baill foirne de chuid BHP Insurances maidir le ceardlanna agus bearta eile atá bunaithe ar chur i láthair ealaíne agus ar ghnéithe den oideachas, iad ar fad á leagan amach ionas go gcothaítear tuiscint an cheoil agus taitneamh as an gceol ina measc sin uile a bhíonn i láthair.

Deir Máire Carroll:

Ó mhí Deireadh Fómhair 2019 i leith, tá mé páirteach i dtionscadal dar teideal ‘Harmony’ faoin gclár Business to Arts AR. Tá d’ádh orm go bhfuil Siobhán agus Áine in BHP Insurances ina gcrann seasta agam. Bhí siad i mo chuideachta ag na ceithre cheardlann tosaigh. Chuidigh an comhluadar agus an meon tairbheach atá acu leis an ngrúpa a tharraingt go dlúth le chéile ón tús.

Nuair a roghnaíodh mise anuraidh don chlár cónaithe seo, chuir sé an-ríméad orm. D’oibrigh mé ar thionscadail éagsúla i measc an phobail cheana a raibh dúshlán agus spleodar i gceist leo, ina measc: clár Chiste Ealaíne na nDugthailte agus an Cór ‘Raise Your Voice’ i gcomhar le Glyndebourne Opera. Is mór a bhíonn le baint as oibriú i measc an phobail agus tá oscailt súl agus spreagadh á bhaint agam go dtí seo as an seal cónaithe seo i Luimneach. Is breá an rud i gcónaí ag ealaíontóir an deis bualadh le comhghleacaithe nua agus oibriú leo i rith tréimhse cónaithe agus smaoineamh ar na modhanna is fearr chun dul i mbun ceoil leo.

Is pribhléid atá ann an spraoi agus an gliondar a bhaineann leis an gceol a chur ar a súile, agus ar a gcluasa, ag daoine eile agus is iontach an rud ag pianódóir de mo leithéid deis a fháil an pianó agus ceol an phianó a chur i láthair do lucht éisteachta nua. Tá pianó ingearach den déanamh Kawai curtha isteach i mol teaghlaigh agus ar ár gcumas dá bharr sin deis ar an gceol a thabhairt do theaghlaigh. Is breá liom an dóigh a n-oibríonn an pianó a mhíniú do leanaí, an chúis atá le troitheán a bhrú le do chois agus tú ag seinm a léiriú dóibh. Bíonn siad fiosrach i gcónaí, ceisteanna i ndiaidh a chéile acu. I gcás roinnt de na teaghlaigh i Luimneach, ba é seo an chéad uair acu ceol beo a chleachtadh, pianó a fheiceáil in aice láthair agus foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn sé.

Fanann cuimhne ghlé agam ar an gcéad seisiún a bhí againn, píosaí éagsúla á seinm agam ar an bpianó, dréacht le Bach, iomann, rann do naíonáin, amhrán as scannán le Disney agus eile. Níl srian ná teorainn leis an réimse ceoil is féidir a chur i láthair ar an bpianó. Tharla i rith an tseisiúin tosaigh sin gur iarr duine de na tuismitheoirí aiste ceoil de chuid Beethoven. B’álainn an rud a bheith in ann píosa ceoil ba chuimhin leo féin ó laethanta a n-óige a sheinm dóibh.

Bhí roinnt eolais ar an bpianó ag cuid de na tuismitheoirí agus ba mhór an chúis áthais dóibhsean deis eile a bheith acu foghlaim le píosaí ceoil a sheinm arís. Bhí tuismitheoirí áirithe a raibh ar a gcumas an beart céanna a dhéanamh le leanbh dá gcuid, an píosa céanna ceoil á fhoghlaim ag gach aon duine acu i gcuideachta a chéile. Gné speisialta den chlár a bhí ansin, nach raibh súil ar bith leis.

Tar éis na seisiúin tosaigh a chur dínn, tugadh uirlisí eile ceoil i gceist. Tugadh an veidhlín san áireamh chomh maith leis an gcorn Francach agus cuid mhór snaguirlisí éagsúla, mar shampla an xileafón, na ciombail agus drumaí na hAfraice, a raibh an-tóir orthu, agus an-ghleo astu! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ngáire a bhí as na leanaí agus iad ag féachaint ar an gceoltóir coirne ag seinm Happy Birthday trí phíobán. Chuir sin sceitimíní orthu. Agus, ar ndóigh, d’impigh siad uile air seans a thabhairt dóibh féin triail a bhaint as!

An pianó a chur i láthair na dteaghlach agus múineadh dóibh leis an bpianó a sheinm, b’shin príomhchuspóir an chláir ach díríodh freisin ar bhearta chun meon an ghrúpa a chothú i measc na ndaoine. Caitheadh seisiúin éagsúla le seó spleodrach Baby Shark a chruthú (arna roghnú ag na rannpháirtithe féin) le cleasa speisialta bualadh bos agus amhránaíocht. Cuidíonn sin le teaghlaigh misneach a chothú agus muinín a chur ina chéile ó thaobh an cheoil de. Chuidigh cluichí rithime le nasc dlúth a cheangal idir daoine. Ó tharla go mbíonn athrú ar líon na ndaoine a bhíonn i láthair ó sheisiún go chéile, níor mhór cúrsaí a choinneáil sochóirithe agus dul in oiriúint do chásanna éagsúla.

Sular tháinig COVID-19, bhí beartaithe agam leanúint leis na ceardlanna seo, tuilleadh ceoil a chur ar fáil agus leathnú le réimse ceoil na dteaghlach ar an bpianó. Táim ag tnúth go mór leis na ceardlanna a bheidh á reáchtáil le teaghlaigh in BHP Insurance agus a bhfuil foghlamtha go dtí seo againn ón mbeartaíocht i Luimneach a chur ina láthair sin freisin. Is fada liom go mbím ar ais i Luimneach arís níos faide amach sa bhliain ag leanúint leis an tréimhse cónaithe faoin gclár Harmony.

Clár Tréimhse Cónaithe

Rith Máire trí cinn de cheardlanna le teaghlaigh i Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair i rith mí Deireadh Fómhair agus mí na Samhna 2019 agus dhá cheardlann go dtí seo i rith na bliana 2020. Chomh maith leis na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i Mol na dTeaghlach, bhí cliaint pobail (teaghlaigh atá aistrithe amach as Mol na dTeaghlach ó shin ach a bhfuil dlúthcheangal i gcónaí acu leis an bhfoireann) páirteach sna ceardlanna chomh maith.

Baineann Máire leas as cluichí ceoil, amhránaíocht agus seinm an phianó agus uirlisí eile chun leanaí a spreagadh agus iad a chur ag obair le chéile. Iarrann Máire ar an ngrúpa amhrán a bhfuil eolas acu air nó a bhfuil eolas go coitianta air a roghnú agus bunaíonn sí ábhar na ceardlainne air sin ó tharla gur cabhair ag na leanaí maidir le dul i gcleachtadh an phianó agus na n-uirlisí eile eolas a bheith acu cheana féin ar an amhrán.

Beidh fuílleach na gceardlann le Mol Teaghlaigh Chlann Shíomóin an Mheán-Iarthair agus BHP Insurances á reáchtáil roimh dheireadh na bliana 2020.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×