Skip to main content


Nuacht

‘Scéalta Baile’ scrúdaíonn an podchraoladh saol na n-áitritheoirí is nuaí in Éirinn

Scroll
3 min read

‘Scéalta Baile’ scrúdaíonn an podchraoladh saol na n-áitritheoirí is nuaí in Éirinn

3 min read

20/04/22

‘Scéalta Baile’ scrúdaíonn an podchraoladh saol na n-áitritheoirí is nuaí in Éirinn

Sa phodchraoladh nua seo le Manchán Magan, tugtar léargais dúinn ar thíortha dúchais agus cultúr na n-áitritheoirí Soláthair Dhírigh i gcontaetha Laoise agus na hIarmhí.

Le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach trí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Laoise agus Oifig Ealaíon Chomhairle na hIarmhí, tugann an tsraith nua podchraolta ‘Scéalta Baile’ léiriú ar na saolta, dóchais agus cuimhní óige atá ag na n-áitritheoirí in Ionaid Soláthair Dhírigh agus i gCóiríocht Éigeandála.

I rith na sraithe, labhraíonn an scríbhneoir agus an craoltóir Manchán Magan le baill nua dár bpobail as an Afraic agus Meiriceá Theas faoi na cuimhní muirneacha atá acu faoina n-áit dúchais, na bianna agus na caithimh aimsire is fearr leo agus na dóchais atá acu don todhchaí.

“Deis iontach chun eolas a chur ar áiteanna difriúla den domhan”

Ag cur réimse de léargais chorraitheacha ar fáil faoi shaol na ndídeanaithe agus an lucht iarrtha tearmainn atá tar éis teitheadh go hÉirinn ó ghéarleanúint agus contúirt, cuireann an tsraith phodchraolta 10 n-agallamh i láthair a rinneadh le háitritheoir Soláthair Dhírigh ó Ionad Soláthair Dhírigh an Hibernian, Mainistir Laoise agus ó Ionad Soláthair Dhírigh an Montague, Emo. Tá 18 n-agallamh sa tsraith iomlán, déanta le hocht n-áitritheoir Soláthair Dhírigh bhreise ó New Horizons, Baile Átha Luain, Co na hIarmhí.

Míníonn Manchán Magan é mar seo, “Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil an slua luachmhar daoine seo faighte aici mar bhronntanas ó réimse iontach agus andúchasach de chultúir le blianta beaga anuas. Tháinig an chuid is mó acu ar a dteitheadh ó chineál éigin tráma agus faoi láthair tá siad ag déanamh a mbealach go mall trí chóras an tSoláthair Dhírigh. Tugann na baill nua seo dár bpobal deis iontach dúinn eolas a fháil faoi chodanna difriúla den domhan agus faoi chleachtais dhifriúla cultúir a bhíonn lán d’eagna agus de dearcthaí nua.”

Beidh na 18 n-eipeasóid ar fad sa tsraith ar fáil ar na hardáin mhóra podchraolta go léir, agus freisin trí www.manchan.com.  Craolfar eipeasóidí níos giorra de chúig nóiméad ar Midlands 103 FM ar an Luan, Máirt agus Déardaoin idir 9.15am agus 12 meán lae, ó sheachtain an 8ú Aibreán ar aghaidh.

Ó theangacha traidisiúnta go sóláistí cócaireachta

Curtha in eagar ag Lauren Varian agus le fuaimrian ó Brían MacGloinn ón ngrúpa ceoil Ye Vagabonds agus an ceoltóir/cumadóir Myles O’Reilly, tá gach eipeasóid deich nóiméad comhdhéanta de chomhrá gearr faoi gach saghas topaice, lena n-áirítear creidimh phágánacha, treabhadh le daimh, deasghnátha na ríogachta, teangacha traidisiúnta, polagamas, ceol soiscéil, leigheasanna luibheanna agus sóláistí cócaireachta. Tugann na comhráite léiriú freisin ar na dóchais agus na haislingí atá ag na n-áitritheoirí nua Éireannacha dá dtodhchaí in Éirinn, agus an pháirt ba mhaith leo féin a bheith acu sa tsochaí.

Oifigeach Ealaíon agus Comhordaitheoir Éire Ildánach Chomhairle Contae Laoise, Muireann Ní Chonaill:

“Nuair a thosaigh muid ag smaoineamh ar dtús faoi thionscadal faoi ghlórtha agus saoil áitritheoirí in Ionaid Soláthair Dhírigh i Laois, chuimhnigh muid láithreach ar Mhanchán agus bhí muid cinnte go mbeadh an cur chuige cruthaitheach atá aige mothálach do riachtanais agus do chomhthéacs na n-áitritheoirí, chomh maith le bheith in ann caint agus comhrá a chothú chun déileáil le réimse de théamaí a bhí gar do chroíthe agus do chuimhní ár mbaill nua pobail. Tá ríméad orainn go bhfuil an tsraith podchraolta seo á seoladh anois tar éis na moille de bharr Covid-19, agus tá muid an-bhuíoch don am atá tugtha ag Sandy/Charmaine, Noma, Lwandi agus Feza ón Ionad Soláthair Dhírigh ag an Montague, Emo, agus Kemi, Aruna, Ivann, Sie agus Pauline ón Ionad Soláthair Dhírigh ag an Hibernian, Mainistir Laoise. Buíochas speisialta freisin do Rosemary Kunene ón Dignity Partnership, agus Marina Rafter as a dtacaíocht leis an tionscadal seo.”

Éist le gach ceann de 18 n-eipeasóid sa tsraith ar na hardáin mhóra podchraolta nó trí www.manchan.com.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×