Skip to main content


Nuacht

Home to Mayo

Scroll
min read

Home to Mayo

min read

31/08/22

Home to Mayo

Tharla an fhéile thrasatlantach HOME TO MAYO den chéad uair riamh idir an 25 agus 28 Bealtaine 2022. Iarradh ar mhuintir Mhaigh Eo i ngach cearn den domhan teacht Abhaile go Maigh Eo le linn mhí na Bealtaine in 2022.

Thug Comhairle Contae Mhaigh Eo maoiniú i leith féilte agus imeachtaí ar fud an chontae d’fhonn daoine a mhealladh le cuairt a thabhairt ar Mhaigh Eo. Ar bhuaicphointe an fheachtais, bhí an fhéile a cuireadh ar siúl ar scaradh gabhail idir Béal Easa, Caisleán an Bharraigh agus Cliara.

An chéad imeacht a cuireadh ar bun ná mórfheis cheoil i mBéal Easa ag a raibh deis ag leanaí Éireannacha ceol a sheinm agus damhsa a dhéanamh in éineacht le páistí as Nua-Eabhrach. D’fhreastail os cionn 100 duine ar na taibhithe. Ar an Satharn, d’fhreastail ceoltóirí as Meiriceá agus as Éirinn ar cheardlanna ceoil, áit ar múineadh poirt nua dóibh agus áit a bhfuair siad comhairle maidir le teicníc a fheabhsú.  Bhí deis ar leith ag an ngrúpa amhránaíochta chun foghlaim a dhéanamh ón móramhránaí Seán Keane, agus ansin bhí seans ag na leanaí ar fad dul i mbun amhránaíochta ar stáitse leis in Amharclann Ríoga TF, áit a raibh 700 duine sa lucht féachana an oíche sin. Chuaigh an ceoltóir de scoth an domhain Matt Molloy, an scríbhneoir amhrán Brendan Graham agus fear “Amarillo” é féin, Tony Christie, ar stáitse freisin ar an oíche. Deis ar leith a bhí ann do na páistí nach bhfaighidís ach uair amháin ina saol. Taispeánadh an cheolchoirm cúpla babhta ar Mayo TV i mbliana.

Ba é turas go Cliara buaicphointe an Domhnaigh. Lá aoibhinn a bhí ann, le scoth na haimsire. Rinne ceoltóirí agus damhsóirí an oileáin roinnt taibhithe, agus sheinn na ceoltóirí as Meiriceá agus na ceoltóirí as gach cearn de Mhaigh Eo freisin, agus ansin bhí seisiún leis na ceoltóirí go léir ag seinm, suas le 50 acu ag aon am amháin. Bhí gaolta na leanaí ó cheann ceann na tíre i láthair freisin. Chuaigh scata mór daoine amach sa bhád don imeacht.

Bhí os cionn 80 cuairteoir as na Stáit Aontaithe agus chóir a bheith 200 duine as gach cearn d’Éirinn i láthair chun páirt a ghlacadh in imeachtaí an deiridh seachtaine. Tarraingíodh isteach breis is 36 milliún duine leis an bhfeachtas Home to Mayo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×