Skip to main content
Credit: Shauna O'Neill


Nuacht

Cuireann an IAF le hoidhreacht an ailtire mór le rá Frank Gibney

Scroll
4 min read

Cuireann an IAF le hoidhreacht an ailtire mór le rá Frank Gibney

4 min read

13/12/21

Cuireann an IAF le hoidhreacht an ailtire mór le rá Frank Gibney

Tá sé mar aidhm ag an gcomhoibriú nua um ghníomhú ar son na haeráide faoi stiúir Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann tógáil ar oidhreacht an ailtire a chuir feabhas ar an gcaighdeán saoil faoin tuath, i lár na tíre.

Rinneadh ceiliúradh ar oidhreacht Frank Gibney, an t-ailtire a bhí taobh thiar de roinnt sráidbhailte d’oibrithe de chuid Bhord na Móna i lár na tíre, ag ócáid phobail Dé Sathairn an 11 Nollaig i gCluain Tuaiscirt, Contae Ros Comáin. Ag an gceiliúradh seoladh tionscadal nua, Sráidbhailte na nOibrithe, faoi stiúir Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann (IAF) agus na heagraíochta comhshaoil Global Action Plan. Déanfaidh foirne dearthóirí agus taighdeoirí faoi stiúir ailtirí scrúdú ar oidhreacht agus ar fhís Gibney. Fiosróidh an tionscadal freisin na bealaí a bhféadfaí a phrionsabail a chur i bhfeidhm ar an timpeallacht atá ag athrú, go háirithe agus Bord na Móna ag éirí as móin a úsáid mar fhoinse fuinnimh.

Is cuid é an tionscadal seo de chlár Reimagine Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann. Oibríonn Reimagine le pobail ar fud na hÉireann chun réitigh a fháil agus a dhearadh le chéile d’fhadhbanna nó deiseanna a d’aithin na pobail ina gceantair féin. Tá Reimagine in ann feidhmiú mar thoradh ar Chiste Náisiúnta Cruthaitheachta Éire Ildánach agus maoiniú breise a thagann ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Tá tionscadal Sráidbhailte na nOibrithe an IAF ar cheann de 15 thionscadal ó gach cearn den tír atá á maoiniú ag Éire Ildánach trína chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach ar fiú €2mhilliún é. Breathnaíonn na tionscadail seo ar an mbealach is fearr le modhanna cruthaitheacha a úsáid chun fíorathrú a dhéanamh laistigh de na pobail, ar mhaithe le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Above:

Bhí ceol, scailtín fíona agus meanman Nollag ag an gceiliúradh nuair a seoladh an tionscadal in Úllord Pobail Chluain Tuaiscirt, i gContae Ros Comáin, agus na hailtirí Evelyn D’Arcy agus David Jameson ag taispeáint íomhánna agus léarscáileanna ó na cartlanna agus ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí a gcuimhní, a smaointe agus a bhfís don sráidbhaile a roinnt. Bhí an scannánóir Padraig Cunningham, ó Pure Designs i Mainistir na Búille, i láthair freisin agus scéalta faoi shaol an tsráidbhaile á mbailiú aige.

Ag labhairt dó roimh an seoladh, dúirt Shauna O’Neill, Cathaoirleach Chumann Forbartha Agus Bailte Slachtmhara Chluain Tuaiscirt :Is teistiméireacht é roghnú Chluain Tuaiscirt do thionscadal Sráidbhailte na nOibrithe ar an bhfís chomhchoiteann a bhí ag an iliomad teaghlach a thaistil ó gach cearn den oileán seo le cur fúthu i gCluain Tuaiscirt i dtús na 1950idí. As seo, tugadh go leor glúnta eile ar an saol, leis an bpobal atá i gCluain Tuaiscirt sa lá atá inniu ann a chruthú. Táimid ar bís maidir leis an deis a thabharfaidh Sráidbhailte na nOibrithe do Chluain Tuaiscirt, lena n-áirítear guth tábhachtach a thabhairt dár bpobal ó thaobh ár gcuimhní cinn, ár smaointe agus ár bhfís don todhchaí a roinnt. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh le gach duine a raibh baint acu leis an tionscadal seo.”

Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach,: Tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an tionscadal seo, a thagann go mór le Just Transition. Ailtire ab ea Frank Gibney a raibh fís fhorásach aige do cheantair tuaithe nua-aimseartha in Éirinn. Trí staidéar a dhéanamh air, agus ar na pobail a bhunaigh sé trína dhearaí, is féidir linn a chinntiú go mbeidh guth, sa tírdhreach tuaithe atá ag athrú, ag na daoine sin a rinne freastal orainn lena saothar, agus b’fhéidir fiú go dtiocfaí ar threoirphlean nuálach don fhorbairt inbhuanaithe tuaithe.”

Labhair Nathalie Weadick, Stiúrthóir an IAF, freisin agus dúirt sise: “I láthair na huaire, tá pobail ar fud lár na tíre ag dul i ngleic leis an tionchar a eascróidh as Éirinn a bheith ag éirí as móin a bhaint. Ní hamháin go bhfuil poist caillte acu ach tá a bhféiniúlacht caillte, in éineacht leis an bpobal a cruthaíodh trína gcuid oibre. Agus muid ag iarraidh dul i ngleic le fíordhúshláin an athraithe aeráide agus le géarchéim na bithéagsúlachta, tá an baol ann go bhfágfaimid inár ndiaidh na hoibrithe agus na pobail a thug solas isteach inár dtithe tráth dá raibh agus a chruthaigh neamhspleáchas cumhachta dár dtír óg. Le maoiniú ó Chiste Ghníomhú ar son na hAeráide Éire Ildánach, tá pobail atá i gcroílár an athraithe seo ag féachaint ar an oidhreacht a d’fhág ailtire amháin, Frank Gibney, againn chun inspioráid a fháil do thodhchaí a sráidbhailte.

“Ba bhealaí nua iad na scéimeanna tithíochta de chuid Frank Gibney chun tithíocht a raibh géarghá léi a chur ar fáil faoin tuath in Éirinn, agus tá siad suntasach ó thaobh a n-úsáid fhadtéarmach, dearaí ar leith, ionchorprú an spáis phoiblí, dlús, insiúltacht, agus beocht – is eiseamláirí feabhais iad ó thaobh pleanáil inbhuanaithe agus dearadh uirbeach.”

In 2022, tosóidh Sráidbhailte Oibrithe ag obair leis na cónaitheoirí i mBéal Átha Liag, Contae an Longfoirt agus i gCill Chormaic, Contae Uíbh Fhailí.

Chun go mbeidh tú cothrom le dáta maidir leis an tionscadal seo, tabhair cuairt ar www.reimagineplace.ie

Léigh tuilleadh faoi na tionscadail Um Ghníomhú ar son na hAeráide go Cruthaitheach anseo.

Stay up to date

×