Skip to main content
Regina Dunne with guests at BloomHQ Mountrath for the launch of a new history publication 'Opening a Window on the Past' by Regina Dunne 2019/2020 Laois Historian in Residence and Laois Libraries under the Decade of Centenaries Programme, and supported by Creative Ireland Laois as part of the Creative Ireland Programme (2017-2022) in partnership with Laois County Council. Picture: Alf Harvey.


Nuacht

Opening a Window on the Past Léargas ar shaol bheirt bhan cheannródaíocha as Laois: Lucy Franks agus Helen Roe

Seoladh an foilseachán staire áitiúil, Opening a Window on the Past, le Staraí Cónaithe Laoise 2019/2020, Regina Dunne, ina bhfiosraítear saol bheirt bhan as Laois: Lucy Franks and Helen Roe, le linn Sheachtain Oidhreachta 2021.

Le blianta beaga anuas, tá ardú tagtha ar an líon foilseachán agus taighde atá dírithe ar mhná ceannródaíocha na tíre seo a bhíonn ligthe i ndearmad go minic. Cuireann Opening a Window on the Past leis an gcnuasach sin de litríocht náisiúnta ar stair na mban.  Bhí Lucy Franks agus Helen Roe araon ceannródaíoch ina gcuid oibre i réimse na hoibre sóisialta, an oideachais agus na ndaonnachtaí agus tugtar aitheantas leis an bhfoilseachán don tionchar a bhí acu ar stair an náisiúin, go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Scrúdaítear saol agus am na mban mór le rá seo, tugtar scéalta ar leith agus iontacha chomh maith le hoidhreacht bhuan na mban chun beatha, agus tugtar aitheantas do na róil shuntasacha a bhí acu le linn ré an athraithe i stair na hÉireann.

Bhí Gertrude Lucy Maria Franks (1878-1964) ó Mhná Aontaithe na hÉireann Bhaile an Chaisleáin (ICA), lárnach in athbheochan Bhantracht na Tuaithe ag deireadh na 1920í agus an Country Shop a bhunú ar Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath.  Ina theannta sin, chuidigh láithreacht tacaíochta Lucy Franks ag Aontaí an Earraigh san RDS leis an scoil samhraidh bhliantúil a bhunú agus atá fós ar siúl sa lá atá inniu ann, agus bhí sí ina comhalta bunaidh de Bhantracht Tuaithe an Domhain.  Tugtar aitheantas don tionchar a bhí aici ar bhantracht na tuaithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta san fhoilseachán seo.  Insítear scéal luathlaethanta Bhantracht na hÉireann i Laois san fhoilseachán seo agus ar an athbheochan a rinne an cumann le linn ré achrannach i stair na hÉireann.

Ba í Helen Maybury Roe (1895-1988) as Maighean Rátha an chéad Leabharlannaí Contae, an chéad Uachtarán mná ar Chumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann (RSAI), agus bhí sí go mór i bhfách le stair áitiúil, béaloideas, agus ag oscailt fuinneoga an domhain do gach duine i Laois bídís óg nó sean trí scéalta agus leabhair.  Thaistil sí bóithre Laoise ina Ford Model T ag tabhairt léachtaí ar stair áitiúil, flóra agus fána, ag taifeadadh béaloideas áitiúil, ag glacadh grianghraf de sheandálaíocht ársa, agus chreid sí go mór sa stair áitiúil a chaomhnú.  Tá eolas maith uirthi i réimse na hEalaíne Luath-Chríostaí agus ‘i saol na cloiche’ agus fiosraítear san fhoilseachán seo an obair shuntasach atá déanta aici ar stair áitiúil Laoise agus an saol a chaith sí ina céad Leabharlannaí Contae i Laois.

Is féidir ‘Opening a Window on the Past’ a fháil anois i leabharlanna uile Laoise agus i siopaí leabhar áitiúla.

Cinnteoidh sé go mbeidh a n-áit féin ag mná ceannródaíocha Laoise seo i litríocht oidhreachta Laoise agus go mbeidh luach ar a gcuid ábhair agus go mbeidh an t-ábhar sin á phlé amach anseo.

Creidiúint don íomhá: Alf Harvey

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×