Skip to main content
PHOTO: Mark Stedman


Nuacht

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an gCiste maidirle hÓige Ildánach ar Oileán Comhroinnte

Scroll
min read

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an gCiste maidirle hÓige Ildánach ar Oileán Comhroinnte

min read

15/01/24

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar an gCiste maidirle hÓige Ildánach ar Oileán Comhroinnte

Faoi ghné an Oileáin Chomhroinnte den Chlár Éire Ildánach, táthar ag iarraidh deiseanna cruthaitheachta a fhiosrú chun daoine óga a thabhairtle chéile.

Féachtar leis an scéim maoinithe maidir le hÓige Ildánach ar Oileán Comhroinnte le freastal a dhéanamh ar leanaí agus ar dhaoine óga ar fud oileán na hÉireann. Tá sé mar aidhm againn leas a bhaint as taithí agus as saineolas eagraíochtaí atá ag obair sna hearnálacha cruthaitheacha, cultúir, ealaíon, pobail agus óige chun rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh. Agus sinn ag obair as lámha a chéile, beimid in ann leanaí agus daoine óga a thabhairt le chéile agus mothú comhoibríoch, tuiscint agus dóchas don todhchaí a chothú trí mheán na cruthaitheachta.

Tá tionscadail ar scála agus a bhfuil uaillmhian shuntasach ag baint leo á lorg againn ó chomhpháirtíochtaí. Maidir leis na hiarratais sin, ba cheart comhpháirtí amháin ar a laghad a bheith lonnaithe i ngach dlínse. Bronnfar maoiniú deontais suas go dtí €180,000 ar 3 thionscadal ar a laghad. Táthar ag súil go mbronnfar deontas amháin ar a laghad ar chomhpháirtíocht a dhíríonn ar leanaí agus ar dhaoine óga nach gcloistear uathu ach go hannamh. Ba cheart na tionscadail a bheith ar siúl idir Meitheamh 2024 agus Nollaig 2025.

Tá treoir eolais iomlán agus Ceisteanna Coitianta le fáil anseo:
Treoir eolais iomlán as Gaeilge
Ceisteanna Coitianta as Béarla

Ní mór iarratais a chomhlánú ar líne agus iad a bheith curtha ar aghaidh trí Submit.com faoin 25 Márta 2024. Tá nasc chuig an bhfoirm iarratais thíos.

Creative Ireland (submit.com)

Deiseanna chun Tuilleadh Eolais a Fháil agus Aithne a Chur ar Dhaoine

Beidh Éire Ildánach ag reáchtáil trí sheisiún eolais agus líonraithe. Is éard a bheidh sna seisiúin sin ná cur i láthair faoin gciste, Ceisteanna Coitianta, agus deis do na hiarratasóirí casadh le comhpháirtithe féideartha ó ar fud an Oileáin d’fhonn comhoibriú a dhéanamh ar a dtionscadail. Reáchtálfaimid seisiún ar líne agus ceann ar an láthair i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath araon. Lean an nasc thíos chun d’áit a dheimhniú ag na seisiúin seo:

Ar Líne                      Déardaoin an 18 Eanáir         Cláraigh Anois 

Béal Feirste              Dé Céadaoin an 24 Eanáir    Cláraigh Anois

Baile Átha Cliath      Déardaoin an 8 Feabhra      Cláraigh Anois

This is a Shared Island initiative which is a whole of government priority to engage with all communities and political traditions to build consensus around a shared future on the island, underpinned by the Good Friday Agreement.

Further details on the Shared Island Initiative is available at www.gov.ie/sharedisland

Stay up to date

×