Skip to main content
JJ Clarke Photo Exhibit


Nuacht

JJ Clarke – Grianghrafadóir Ardéirime – Tionscadal Pobail maidir le Taibhréim agus Spás Poiblí

Tá d'aidhm le hIontas an fhís agus an spás a theastaíonn don tionscantaíocht agus don nuáil san fhorbairt phearsanta agus san fhorbairt phobail a chur ar fáil, a thabhairt chun cinn agus a chothú agus is féidir sin a dhéanamh trí bhearta oideachais, cruthaitheachta agus ealaíne de chineálacha éagsúla.

Ón mbliain 2018 i leith, tá cúnamh á thabhairt faoi Éire Ildánach i gContae Mhuineacháin maidir le togra ildisciplíneach ardaidhme den nuáil d’fhonn rannpháirtíocht an phobail i mbearta cultúir agus cruthaitheachta a chothú. Bhí béim an-láidir ón tús ar an bpobal maidir leis an togra, ní hamháin maidir le haird agus tuiscint mhuintir na háite a chothú ar an oidhreacht iontach grianghrafadóireachta a d’fhág JJ Clarke, ach le modhanna oibre comhaimseartha maidir le rannpháirtíocht an phobail agus na próisis lena spreagtar sin.

JJ Clarke (1879-1961)

Ba dhochtúir é JJ Clarke (1879-1961) as Baile na Lorgan. Tar éis a bháis, tuigeadh go raibh bailiúchán iontach de ghrianghraif tógtha aige nárbh eol roimhe sin iad a bheith ar fáil. Is fearr a léirigh sé cathair Bhaile Átha Cliath mar a bhí i gceist i saothar James Joyce ná mar a rinne grianghrafadóirí eile a linne ach tá íomhánna sa bhailiúchán freisin, an ní is annamh, dá bhaile dúchais, a bhaineann leis an ré corraitheach c. 1904-05 nuair a bhí sé ina mhac léinn. Cé gur sa Leabharlann Náisiúnta atá an bailiúchán i dtaisce, íomhánna breátha den saol atá caite, maidir le leanaí, pobal daoine ar chearnóga gnóthacha agus spásanna poiblí eile, is beag eolais a bhí ar an saothar, fiú ina chontae dúchais féin.

D’oibrigh Togra JJ Clarke i gcomhar le staraithe, grianghrafadóirí, aisteoirí pobail, leanaí na háite agus spásanna poiblí gur cuireadh beocht in athuair ann le miondrámaí amharclannaíochta agus oirfidíocht sráide, dráma nua, taispeántas cuairte, léachtaí agus cainteanna.   Is eiseamláir bhreá an togra seo ar an gclár Éire Ildánach, le cur chuige idirdhisciplíneach an chomhair, a chuidíonn leis an bpobal dul i ngleic le bearta ealaíne ar ardchaighdeán an tráth céanna a ndéantar ceiliúradh ar oidhreacht cultúir na háite agus a gcothaítear cumas cruthaitheachta mhuintir na linne seo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×