Skip to main content


Nuacht

Babhta Ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

Scroll
5 min read

Babhta Ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

5 min read

5/02/21

Babhta Ceannais Junk Kouture 2020 buaite ag Synergy

Bhuaigh na mic léinn as Dún na nGall Brónach Harkin, Robyn O'Donnell agus Orlaith Doherty an babhta ceannais athsceidealaithe le gúna a spreag Elie Saab agus a bhí déanta as gloine ón bhfarraige, cartáin bhainne phlaisteacha agus prócaí suibhe briste "Ní fheicfidh mé cartán bainne ar an mbealach céanna go deo arís!" – an Moltóir Michelle Visage

Above:

B’fhiú go mór don triúr mac léinn as Dún na nGall, Brónach Harkin, Robyn O’Donnell agus Orlaith Doherty na míonna a chaith siad ag fuáil ghloine, á gearradh agus á briseadh, nuair a fógraíodh, Déardaoin 4ú Feabhra, gurbh iadsan seaimpíní Junk Kouture don bhliain 2020. Fuair a ndearadh, ‘Synergy’, gúna eireabaill éisc déanta as gloine na farraige, cartáin bhainne phlaisteacha agus gloine athchúrsáilte ar nós buidéil agus prócaí suibhe, an ceann is fearr ar bhreis agus 80 iomaitheoir a bhí sa bhabhta ceannais ó gach cearn d’Éirinn agus an comórtas faisin athchúrsála á chraoladh ar an teilifís den chéad uair riamh.

Thiúnáil an lucht féachana sa bhaile isteach chuig RTÉ2 agus chuig Seinnteoir RTÉ Déardaoin chun breathnú ar an tsraith de dhearaí dochreidte a chruthaigh agus a mhúnlaigh na dearthóirí óga cumasacha, a d’fhan chomh foighneach sin i rith na paindéime leis an mbeart a dhéanamh. Bhí sé ceaptha i dtosach go mbeadh babhta ceannais 2020 ar siúl i mí Aibreáin 2020 sa 3Arena, i mBaile Átha Cliath, ach cuireadh siar é nuair mar gheall ar Covid-19. Ní raibh deireadh caillte fós, áfach, mar go bhfuair Junk Kouture, le tacaíocht ó Éire Ildánach, deis dochreidte le haghaidh  ócáid bheo nuair a craoladh babhta ceannais Junk Kouture, atá 10 mbliana ar an bhfód, ar an teilifís den chéad riamh aréir.

Gúna ar dóigh ab ea ‘Synergy’ an cruthú buacach. Fuair sé spreagadh ón dearthóir clúiteach Elie Saab, agus is cinnte gur léirigh sé an sineirgíocht idir na seaimpíní, triúr a raibh an bua tuillte go maith acu, mar go ndeachaigh a gcomhiarracht i bhfeidhm go mór ar an bpainéal de shaineolaithe a bhí i mbun moltóireacht, lena n-áirítear an moltóir de chuid X-Factor Louis Walsh agus an moltóir ar RuPaul’s Drag Race, Michelle Visage.

Agus iad faoi stiúir an mhúinteora Pauline McDermott, bhailigh na daltaí, Brónach, Robyn agus Orlaith ó Phobalscoil Charn Domhnach gloine ón bhfarraige le fuáil ar an ngúna, chomh maith le painéalú gloine a dhéanamh as an nua don ghúna, gloine athchúrsáilte a bhriseadh ina phíosaí bídeacha agus é á spréadh os cionn gliú PVA chun an toradh a theastaigh a chruthú. Anuas air sin ghearr siad amach go cúramach gach peitil a bhi ar an ngúna as cartáin bhainne phlaisteacha a caitheadh amach. A bhuíochas dá gceardaíocht fíorálainn, an gcumas cruthaitheach den scoth atá iontu agus an teacht i láthair suntasach ar an stáitse, tá an fhoireann ag dul abhaile anois le duais €1,000 chomh maith le €2,000 eile dá scoil.

Tugadh onóir freisin don dream a bhuaigh duaiseanna fiúntacha eile ag an seó a bhí ann ina dhiaidh, Cóisir na mBuaiteoirí, agus a craoladh ar líne ar junkkouture.com díreach tar éis an chláir teilifíse. Tá teacht ar liosta iomlán na mbuaiteoirí thíos i Nótaí do na hEagarthóirí. Idir an dá linn, fógrófar buaiteoir an ghradaim Rogha an Lucht Féachana RTÉ ar 2FM ag 3PM Dé Sathairn 6ú Feabhra ar an Stephen Byrne Show. Cuireadh deireadh leis an vótáil Dé hAoine 5ú Feabhra ag 6PM.

Dúirt ball de Synergy Robyn O’Donnell: “Baineadh siar asainn agus táimid ar bís go bhfuil sé buaite againn. Ní féidir linn a chreidiúint i ndáiríre go bhfuil sé seo tarlaithe tar éis gach rud a thit amach le bliain anuas, bhí go leor constaicí ar an mbealach! Go raibh míle maith agaibh a mholtóirí as muid a roghnú. B’fhiú na huaireanta a chaith muid ar an ngúna seobhailíomar gloine na farraige ar an trá, bhriseamar seanphrócaí agus buidéil agus ghearramar amach na céadta peitil as cartáin bhainne. Gabhaim buíochas lenár múinteoir as a spreagadh ar fad a thug sí dúinn. Thaitin gach nóiméad a chaitheamar ar Junk Kouture linn agus táimid ríméadach gur éirigh leis an mbabhta ceannais dul ar aghaidh.”

Michelle Visage said: “Synergy! Bhí sibh taibhsiúil, bhí sé sin dochreidte! Le bheith fíríneach, níl a fhios agam cén chaoi a ndearna sibh gúna as gloine farraige ach rinne sibh é! Agus cartáin bhainne? Ní bhreathnóidh cartán bainne mar an gcéanna dom arís. D’fhéadfainn a bheith á chaitheamh in ionad a bheith ag ól as. Tá sé sin dochreidte a thaiscí, tá sé ar fad tuillte agaibh. Comhghairdeas!”

Dúirt Louis Walsh: “Synergy, bhí sé sin thar a bheith difriúil, thar a bheith úrnua, thar a bheith barántúil agus tá sé déanta as gloine. Gan amhras, chuaigh go leor oibre isteach ann agus tá sé sin le feiceáil. Tá sé fíor-álainn agus is buaiteoir iontach, iontach é maith sibh Synergy.”

Dúirt POF Junk Kouture Troy ArmourComhghairdeas leis an dream ar fad a shroich an babhta ceannais in 2020 agus iad tar éis fanacht chomh foighneach leis an mbeart a dhéanamh. Tá súil agam gur bhain gach duine atá ag breathnú ar an teilifís anseo in Éirinn agus ar Sheinnteoir RTÉ inár gcríocha idirnáisiúnta nua taitneamh as an seó iontach seo. Mar is gnách, tá mé faoi gheasa ag an tallann atá i measc na ndaoine óga iontacha seo. Ba mhaith liom comhghairdeas ollmhór a dhéanamh lenár mbuaiteoirí foriomlána Brónach, Robyn and Orlaith – tugann siad léargas ar gach a bhfuil i gceist le Junk Kouture. Tá talann acu mar a bhaineann le cúrsaí faisin agus tá inbhuanaitheacht i gcroílár an chruthaithe álainn seo. Táim cinnte go n-éireoidh thar barr leis na daoine óga cruthaitheacha seo.”

 

Above:

Dúirt Stiúrthóir Éire Ildánach, Tania BanottiTá ríméad ar Chlár Éire Ildánach comhghairdeas a dhéanamh le Robyn, Brónach agus Orlaith as Carn Domhnach, i nDún na nGall as a ndearadh iontach. Ceiliúraimid an úsáid iontach a bhain siad as ábhair athchúrsáilte lena n-áirítear na prócaí suibhe, gloine ón bhfarraige agus cartáin bhainne. Caithfear comhghairdeas ó chroí a dhéanamh freisin lena múinteoir Pauline McDermott, a threoraigh a cuid daltaí ionas go raibh rath orthu sa tionscadal iontach seo. B’iontach an rud é an díograis agus na scileanna a léirigh na hiontrálaithe go léir a fheiceáil agus déanaimid ceiliúradh ar an obair chrua a rinne siad, ar a bhfís agus ar a dtiomantas do dhomhan níos glaise.

Idir an dá linn, leanfar leis an leagan amach seo, ar éirigh go maith leis, is é sin an babhta ceannais a taifeadadh ó chian agus seó a chur le chéile lena chraoladh in 2021. Mar is gnách, is í an riail órga ná go gcaithfear an feisteas a dhéanamh as ábhair atá 100% athchúrsáilte. Tá an clárú do chomórtas 2021 oscailte anois do dhaltaí ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe go dtí Dé hAoine an 19 Aibreán. Féach ar junkkouture.com anois le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi le cur isteach air nó cláraigh ar aip úrnua Junk Kouture atá ar fáil le híoslódáil do IOS agus Android.

I mí Mheán Fómhair 2021, tosóidh Junk Kouture ag forbairt agus ag dul fad le críocha nua spreagúla mar shampla an Fhrainc, an Iodáil, SAM agus an UAE.

Is féidir le daltaí agus múinteoirí coinneáil suas chun dáta freisin ó thaobh gach a mbaineann le Junk Kouture ar na cainéil meán sóisialta, @junkkouture.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×