Skip to main content


Nuacht

An chéad Ghlúin eile de Thalann Cruthaitheach i mbun Taifeadta i Stiúideonna Iomráiteacha Windmill Lane i mBaile Átha Cliath mar chuid de Creative Tech Fest Kinia

Scroll
4 min read

An chéad Ghlúin eile de Thalann Cruthaitheach i mbun Taifeadta i Stiúideonna Iomráiteacha Windmill Lane i mBaile Átha Cliath mar chuid de Creative Tech Fest Kinia

4 min read

9/12/21

An chéad Ghlúin eile de Thalann Cruthaitheach i mbun Taifeadta i Stiúideonna Iomráiteacha Windmill Lane i mBaile Átha Cliath mar chuid de Creative Tech Fest Kinia

Sheol an carthanas Éireannach Kinia an t-albam Guth'21 an Nollaig seo, taifeadadh a rinneadh mar chuid de Creative Tech Fest Kinia na bliana seo, lena bhfeictear deis chruthaitheach na teicneolaíochta do dhaoine óga.

Chuir breis agus 500 duine óg iontrálacha isteach chuig Creative Tech Fest na bliana seo sa chatagóir An Chruthaitheacht Dhigiteach, ar chomórtas an-iomaíoch é. Bhí caighdeán na n‑iontrálacha sa chatagóir chomh maith sin gur cinneadh, seachas aon bhuaiteoir amháin a ainmniú, go dtabharfaí deis do sheisear taibheoirí den chéad scoth a gceol, mar aon le físeán, a thaifeadadh le stiúideonna iomráiteacha Windmill Lane. Rinne mór is fiú an cheoil, ina measc U2 agus Lady Gaga, taifeadtaí le Windmill a thug deis do na mic léinn stiúideo gairmiúil den chéad scoth a bhlaiseadh den chéad uair.

Bhí an taibheoir neamhspleách rac-cheol indí Uisce Jones ó Ghaillimh ar dhuine de na taibheoirí a fuair an deis cuid den cheol seo a thaifeadadh mar chuid de Creative Tech Fest Kinia na bliana seo. Is é a dúirt Uisce faoi, “Bhí sé iontach an deis a fháil taifeadadh in Windmill Lane, mar a rinne a lán bannaí eile dá leithéidí U2, Sharon Shannon agus Ed Sheeran. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh deis ag daoine óga an chéad chéim eile a bhaint amach inár ngairmeacha agus mianta ár gcroí a leanúint. Táim ar bís go bhfuil mo cheol féin, agus ceol na ndaoine eile a rinne taifeadadh liom in Windmill Lane, ar taifead agus ar fáil anois. Tá mé fíorbhuíoch gur tugadh an deis seo dom.’

Is é a dúirt Marianne Checkley, PF Kinia: “Theastaigh uainn cur go mór le heispéireas na ndaoine óga le Creative Tech Fest na bliana seo. D’athraigh Covid an bealach a reáchtálaimid an fhéile, ach níor athraigh sé caighdeán na dtallann a bhíonn muid a cheiliúradh. Bhain caighdeán na n-iontrálacha siar asainn, agus is mór is áthas linn a bheith in ann albam a fhoilsiú a cuireann raon guthanna ó gach cearn den tír ar taispeáint. Bíonn teacht ag gach duine óg ar an Eolaíocht agus ar an Teicneolaíocht tríd an gCruthaitheacht, go háirithe daoine óga a cheapfadh nach mbaineann siad leo.”

Níl i gclár Kinia sna Meáin Dhigiteacha ach gné amháin de raon cláracha náisiúnta a chuireann deiseanna ar fáil do dhaoine chun scileanna a fhoghlaim agus leas a bhaint as deiseanna foghlama agus gairme atá bunaithe ar an teicneolaíocht. Díríonn clár na Meán Digiteach ar raon scileanna na meán digiteach, idir scannánaíocht mhóibíleach agus léiriú fuaime, rud a chuireann ardán faoi leith ar fáil chun an teicneolaíocht agus an léiriú cruthaitheach a tharraingt le chéile.

Is féidir an t-albam a shruthú anois ar Apple Music, Spotify, YouTube, agus ar mhór-ardáin eile. Cuirfear an brabach go léir ar ais isteach i dtionscadail óige Kinia – gheobhaidh na daoine óga atá rannpháirteach 50% agus gheobhaidh coiste comhairleach óige Kinia, a chuireann comhairle ar fáil faoi gach gné de chláir óige Kinia, 50%.

Rinne mór is fiú an cheoil, ina measc U2 agus Lady Gaga, taifeadtaí le Windmill a thug deis do na mic léinn stiúideo gairmiúil den chéad scoth a bhlaiseadh den chéad uair.

Na daoine óga atá rannpháirteach:

McKenzie LoweI love You –  Tá McKenzie Lowe lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus déanann sí a cuid ceoil a fhorbairt agus a thaifeadadh le Seirbhís Óige Fhionnghlas.

Seán HeslinCasadh an tSúgáin – Is mac léinn tríú leibhéal é Seán Heslin atá ag déanamh staidéir ar an múinteoireacht bhunscoile. Tá suim mhór ag Seán sa cheol, agus creideann sé go bhfuil áit lárnach ag an gceol sa seomra ranga.

Uisce Jones – In Love – Óna bheith ag ceol ag cúinne na sráide go dtí an stiúideo, siod é Uisce Jones, amhránaí/scríbhneoir amhrán atá 16 bliana d’aois as iarthar na hÉireann. Meascán de cheol croíúil an ghiotáir, de ghuth úr agus d’fhocail a éilíonn athrú atá i gceol Uisce. Tá ceol Uisce fréamhaithe i gceol grúinse, indí agus rac le beocht na hóige.

Dubal C – Paranoia – Is rapálaí agus ceoltóir as Éirinn é Cian Carey, ar fearr aithne air leis an ainm DubalC.

Is as an bhFionnghlas i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath ó dhúchas é. Thosaigh sé ag rapáil agus é óg agus d’eisigh sé a chéad rian agus é sé bliana déag d’aois (cé gur thaifid sé rianta nár eisíodh agus é cúig bliana déag d’aois). Is as an amhrán “Rocket to the Moon” dá chuid agus as a cheol ar an albam COMIX le Bernard M. is fearr a aithnítear é.

Is minic a bhíonn sé ag comhcheol lena chara Danny Ruszo, agus d’eisigh siad albam iomlán le chéile dar teideal Immature, Not Amateur.

Áine Ní Ghríofa (Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe) – Fear Níos Fearr – Is as Gaeltacht Chonamara í Áine a labhraíonn Gaeilge agus atá gafa le ceol Billy Elliot. Scríobh Áine a liricí féin do cheann dá amhráin agus bhí an deis aici cur leis ar scoil, agus a thaifeadadh mar chuid de Creative Tech Fest Kinia 2021.

 Pobalcholáiste Thraolaigh Mhic Shuibhne – Dóchas – Mar chuid den Idirbhliain, shocraigh mic léinn ón bpobalcholáiste tabhairt faoina gceol rap féin a scríobh agus a thaifeadadh i gceardlann le GMCBeats a dhéanann ceardlanna “Song-in-a-Day” i réimsí na scríbhneoireachta amhrán, na cruthaitheachta, na rapála, na hamhránaíochta, an taifeadta, déanta buillí & teicneolaíocht an cheoil do scoileanna.

Naisc chuig na Físeáin Cheoil – Apple Music, Spotify agus YouTube.

Faigh tuilleadh eolais ar kinia.ie.

Stay up to date

×