Skip to main content


Nuacht

Kinia: Fónamh d'Úsáid Scileanna a Spreagadh agus Dintiúirí a Bhronnadh

Scroll
1 min read

Kinia: Fónamh d'Úsáid Scileanna a Spreagadh agus Dintiúirí a Bhronnadh

1 min read

2/11/23

Kinia: Fónamh d'Úsáid Scileanna a Spreagadh agus Dintiúirí a Bhronnadh

Cuidíonn Éire Ildánach, i gcomhar le Kinia, le hoiliúint i dteicneolaíocht na cruthaitheachta a chur ar oibrithe óige, ar oibrithe deonacha agus ar dhaoine eile i réimse an oideachais a oibríonn le daoine óga. Cuireann Kinia oiliúint ar an láthair agus oiliúint ar líne ar fáil. Beidh Acadamh Kinia á sheoladh acu i mí na Samhna.

Spás foghlama pobail ar líne d’oidí atá in Acadamh Kinia.  Beidh deis acu cúrsaí i dteicneolaíocht na cruthaitheachta a fhiosrú agus clárú lena n-aghaidh ionas gur féidir leo foghlaim de réir mar is fearr leo féin, le físeáin spéisiúla lena ndéantar idirghníomhaíocht, le hacmhainní léitheoireachta agus le roghanna éagsúla maidir le hábhar a íoslódáil agus le plé a dhéanamh ar an ábhar sin

Is Oibrí Óige é Liam Devanney leis an tionscadal Include Youth, Obair Óige Éireann sa Chabhán agus i Muineacháin, agus thug seisean faoi roinnt cúrsaí oiliúna le Kinia, go háirithe: Scannánaíocht ar Fón Póca, Eolaíocht Ríomhaireachta agus STEAM.

“Is gné bhunriachtanach den obair feabhas a choinneáil ar na scileanna de réir mar a bhíonn nithe nua ag teacht chun tosaigh.  Trí scileanna nua a fhoghlaim, is féidir linn deiseanna nua a thairiscint do dhaoine óga sa cheantar.  Mar gheall ar an oiliúint a rinneamar le Kinia, bhí ar ár gcumas réimse leathan gníomhaíochtaí/grúpaí STEAM a rith le 12 mhí anuas.  Tugaim san áireamh leis sin úsáid a bhaint as Makey Makey, Skribot, Scratch agus cogaíocht róbait. Tá clár maidir le scannánaíocht fón póca á cur ar fáil againn faoi láthair do dhá aoisghrúpa faoi leith.”

Above: A small robot on wheels

Fónann an cur chuige maidir le cothú acmhainne atá ag Kinia do na hoidí i ndáil le tionscadail foghlama a chur i bhfeidhm ionas go bhféadann siadsan an t-eolas agus an tuiscint a thabhairt in athuair do na daltaí agus do na daoine óga a mbíonn siad ag obair leo.  Foghlaimíonn na daoine óga faoin réimse ar bhealach spéisiúil a mbaineann spraoi leis.  Cothaítear scileanna tábhachtacha iontu agus inniúlacht ina mbun, mar shampla oibriú i gcomhar, fadhbanna a réiteach, smaointeoireacht chriticiúil agus cruthaitheacht.

Eagraíonn Kinia dhá ócáid náisiúnta in aghaidh na bliana do dhaoine óga le ceiliúradh a dhéanamh ar a mbíonn bainte amach ag daoine óga le Teicneolaíocht na Cruthaitheachta.  Ba í seo an 10ú bliain ag an TechFest Cruthaitheacha, féile a cuireadh ar bun d’fhonn saothar na ndaoine óga a bhí páirteach ar chláir de chuid Kinia a chur os comhair an phobail.

"Thug an tionscadal sin deis do bhuíon cailíní óga (iad ar fad i Ranga a Sé) foghlaim faoi shaol STEAM le béim faoi leith ar an ról a bhí le mná na hÉireann sa réimse sin. "

“Bhíomar san iomaíocht faoi dhá chatagóir ag an TechFest Cruthaitheachta anuraidh.  Bhí an grúpa sinsearach san iomaíocht sa chogaíocht róbait agus chuir grúpa STEAM na gcailíní sóisir clár idirghníomhaíochta le chéile lena raibh aird á díriú ar pháirt mná de chuid na hÉireann i réimsí STEAM.   

Baineadh leas as ábhar conduchtach agus ábhar Makey Makeys agus chuir an grúpa clár idirghníomhaíochta le chéile le Scratch ar a raibh scéal cúigear ban de chuid na hÉireann i saol STEAM. Thug an tionscadal sin deis do bhuíon cailíní óga (iad ar fad i Ranga a Sé) foghlaim faoi shaol STEAM le béim faoi leith ar an ról a bhí le mná na hÉireann sa réimse sin.  Chuidigh sin lena spreagadh i mbun scileanna nua a fhoghlaim iad féin. 

Ghnóthaigh an grúpa tuiscint ar an tábhacht atá le hoibriú i gcomhar lena chéile, le scileanna cumarsáide, le bainistíocht ama, le róil faoi leith a leagan amach do dhaoine agus le spriocthráth a bheith leis an obair a chríochnú.  Foghlaimíodh an tráth céanna faoi ábhar conduchtach, faoi scileanna ealaíne a shaothrú agus a fheabhsú, chomh maith le roinnt scileanna bunúsacha maidir le códúchán ríomhaireachta.”

Above: Two young people work together on a robotics project

Tá tábhacht mar chuid de na cláir ag Kinia le haitheantas maidir leis an bhforbairt ghairmiúil agus na scileanna a bhíonn gnóthaithe. 

Ní haitheantas amháin ar a bhfuil bainte amach ag an oide atá i gceist leis na dintiúirí, bíonn d’údarás leo ag an Oide suaitheantais dhigiteacha a bhronnadh ar na daoine óga a n-oibrítear leo. 

Fiafraíodh de Liam faoin tairbhe atá ag gabháil le Dintiúirí Kinia d’Oidí agus an tionchar a bheidh acu ar dhaoine óga agus is é freagra a thug seisean:

“Is breá an rud na dintiúirí lena lua ar CV agus spreagtar duine le tabhairt faoi bhreis oiliúna agus cúrsaí éagsúla a chur ar fáil do dhaoine óga.  Beidh dintiúirí á mbronnadh agamsa ar dhaoine óga a bhí páirteach i ngrúpaí roimhe seo.  Tá roinnt de na hógánaigh a mbítear ag obair leo nach móide scolaíocht dara leibhéal críochnaithe acu agus tabharfaidh na dintiúirí seo aitheantas de shórt éigin dóibh chomh maith le ní le cur ar an CV agus iad ag tosú ar dheiseanna fostaíochta a chuardach.  Is breá le gach duine teastas a fháil, tugann sé ugach agus misneach dúinn.”

Bíonn eolas faoi chúrsaí oiliúna i dTeicneolaíocht na Cruthaitheachta ar kinia.ie

Tá breis eolais faoin obair i gcomhar idir Kinia agus Éire Ildánach anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×