Skip to main content


Nuacht

Léargas ar an Taobh Tíre i do Thimpeall

Tá sé chúrsa oiliúna Léargas ar an Taobh Tíre i do Thimpeall curtha ar fáil i gContae an Clár idir na blianta 2018 agus 2021. Bhí 70 duine de mhuintir an phobail, bunaithe ar an Scairbh, i Sráid na Cathrach, i gCill Rois, i gCill Dalua, ar an gCarn agus i gCill Chisín páirteach sna cúrsaí sin.

Is iad Éire Ildánach, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir (BOOLC) agus Comhairle Chontae an Chláir a chur maoiniú ar fáil do na cúrsaí. Is í Zena Hoctor a réitíonn ábhar na gcúrsaí agus is í a chuireann an t-ábhar sin i láthair, i gcomhair le haoiléachtóirí agus le teagascóirí BOOLC.

Is é is príomhaidhm leis an oiliúint ‘Léargas ar an Taobh Tíre i do Thimpeall’ rannpháirtithe an chúrsa a bheith ábalta gnéithe den oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha, atá le fáil ina n-áit féin, a aithint, a scrúdú agus a thaifeadadh agus sin a dhéanamh trí thaighde deisce agus obair allamuigh. Cuirtear treoir agus teagaisc ar fáil ar acmhainn oidhreachta sa taobh tíre a aithint chomh maith le teicnící taifeadta, ag díriú ar an gceantar áitiúil ina bhfuil an cúrsa ar siúl, agus tugtar léargas ginearálta níos leithne ar fáil ar an gcuid eile den chontae agus ar an gcuid eile den tír. Baintear úsáid as réimse teicnící oiliúna éagsúla, lena n-áirítear léachtaí bunaithe sa rang, cás-staidéir, turais allamuigh agus obair thionscadail.

Tríd an bpróiseas sin, cuirtear ar chumas mhuintir an phobail áitiúil a n-acmhainn oidhreachta áitiúil féin a aimsiú, a aithint, a chur chun cinn agus a chaomhnú. Cuireann gach rannpháirtí na teicnící atá foghlamtha acu i bhfeidhm trí staidéir phraiticiúla oidhreachta i ngrúpaí agus ina n-aonar. Déanann sin cruthaitheacht rannpháirtithe an chúrsa a chumasú agus chuireann sé folláine aonair agus pobail chun cinn trí thaiscéalaíocht áitiúil oidhreachta.  Faigheann rannpháirtithe an chúrsa amach faoina n-oidhreacht chultúrtha féin agus tugtar deis dóibh a bheith páirteach inti, rud a chuireann leis an mbraistint chomhuintearais atá acu as a n-áit féin.

Nuair a bhíonn na staidéir sin tugtha chun críche, eagraítear seóthaispeántas poiblí, áit a mbíonn na rannpháirtithe ábalta an méid atá faighte amach acu a chur i láthair go físiúil agus ó bhéal.  Déantar na tionscadail a óstáil ar leathanach Oidhreacht an Chláir ar iCAN – Craobhchóras Chartlanna Pobail na hÉireann. Is iad Ard-Mhúsaem na hÉireann i gCaisleán an Bharraigh agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae an Chláir a dhéanann iCAN – Craobhchóras Chartlanna Pobail na hÉireann – a óstáil.  Cuireann an oiliúint idirlín sin ar chumas pobal áite stair agus oidhreacht na háite a chur i láthair trí chlár céimiúil oiliúna agus meantóireachta.

Cuireadh an cúrsa ar fáil ar líne de bharr COVID agus ba í Zena Hoctor a tháinig aníos leis an múnla hibrideach seo a úsáideadh ar an gCarn agus i gCill Chisín araon.

Tá comhordú á dhéanamh ar an gcúrsa ag Congella McGuire, an tOifigeach Oidhreachta i gComhairle Chontae an Chláir agus comhalta de chuid Mheitheal Cultúir Éire Ildánach an Chláir agus Margot Walsh ó BOOLC agus is í Zena Hoctor a tháinig aníos leis an gcúrsa agus a chuireann ar fáil é.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×