Skip to main content
Línte na Farraige


Nuacht

Línte na Farraige

Scroll
min read

Línte na Farraige

min read

30/09/22

Línte na Farraige

An eolaíocht agus an ealaín ag teacht le chéile chun súile agus intinní a oscailt do thionchar an athraithe aeráide ar leibhéil borrthaí stoirme ar fud chósta na hÉireann Le hamharc-shuiteálacha solais thionscadal Línte na Farraige, tugtar le fios an t-ardú atá tuartha ar leibhéil na farraige de thoradh borrthaí stoirme amach anseo Lasfar na suiteálacha den chéad uair ag an bPóirse Caoch i nGaillimh agus lonnófar iad in áiteanna eile cois cósta sna míonna atá amach romhainn

Seolfar amharc-shuiteálacha solais suaithinseacha an mhí seo chun súile agus intinní a oscailt do na leibhéil borrthaí stoirme a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud chósta na hÉireann amach anseo [Déardaoin an 29 Meán Fómhair 2022]

Leis na suiteálacha seo, arna bhforbairt ag foireann tionscadail Línte na Farraige, marcálfar línte borrtha a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí. Tá siad sin bunaithe ar chásanna féideartha maidir le hastaíochtaí ó Thuarascáil Measúnachta 6 (TM6) de chuid an Phainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA), a foilsíodh le déanaí agus ó shonraí taoidemhéadair na hÉireann.

Is tionscadal comhoibríoch é Línte na Farraige atá faoi anáil shuiteálacha solais fíoráille Timo Aho agus Pekka Niittyvirta, beirt ealaíontóirí ón Fhionlainn. Bhí eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Claith agus Ollscoil Mhá Nuad, ó na hOifigí Réigiúnacha um Ghníomhú ar son na hAeráide (ORGAnna) agus ó Údaráis Áitiúla páirteach sa chomhshaothar ealaíne agus eolaíochta seo, mar aon le dearthóirí ó Algorithm agus Native Events. Tá Línte na Farraige i measc na dtionscadal ar bronnadh maoiniú orthu ón gcéad chiste um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, tionscnamh de Chlár Éire Ildánach i gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Lasfar na suiteálacha den chéad uair ag an bPóirse Caoch i nGaillimh Déardaoin an 29 Meán Fómhair agus lonnófar iad in áiteanna eile cois cósta sna míonna atá amach romhainn.

Bainfear úsáid as grianphainéil agus pacaí ceallraí atá cumhachtaithe go hin-athnuaite chun soilse a chumhachtú, nach lasfar ach faoi dhó sa lá le linn don taoide a bheith ag ardú.

Zoë Roseby, Comhalta Taighde i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Coláiste na Tríonóide, ar dhuine de na heolaithe a bhfuil baint acu leis an tionscadal. Dúirt sí:

“Roghnaíomar na suiteálacha suaithinseacha seo a lonnú i suíomhanna a bhfuil tábhacht áitiúil leo chun aontacht agus gníomhú a chur chun cinn i measc pobal. Is é is aidhm leis an tionscadal seo plé ar leibhéil farraige atá ag ardú a spreagadh agus a léiriú gur fúinne féin atá sé fós an todhchaí a mhúnlú, mar go bhfuil ráta agus méid ardaithe leibhéal na farraige amach anseo ag brath – den chuid is mó – ar ár gcuid astaíochtaí gáis ceaptha teasa.

Tá sé mar aidhm le Línte na Farraige daoine aonair a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar mar a d’fhéadfadh gníomhú sochaíoch comhchoiteann an t-athrú aeráide agus ardú leibhéal na farraige a mhaolú, agus, ar deireadh thiar, chun todhchaí níos inbhuanaithe a bhfuil teacht aniar níos mó inti a chothú.”

Ardú leibhéal na farraige agus borrthaí stoirme

Rangaítear diantuile cósta ar cheann de na gnéithe is bagraí agus is contúirtí a mbíonn tionchar acu ar shaol agus bonneagar an duine. Tá an bhagairt go dtarlóidh tuile cósta ag méadú de dheasca athruithe ar tharluithe adhaimsire agus ar leibhéil farraige.

Tá na réamh-mheasa a bhaineann le hardú leibhéal na farraige a úsáidtear sa tionscadal seo bunaithe go mór ar shonraí in TM6 PIAA, a foilsíodh i mí Lúnasa 2021. Leis na sonraí seo, táthar ag tuar go dtiocfaidh ardú idir 0.28 agus 1.01m ar leibhéal domhanda na farraige ag brath ar chás na n-astaíochtaí (íseal go han-ard faoi seach) faoi dheireadh an chéid.

Ó rinneadh leibhéil na farraige i nGaillimh a thomhas den chéad uair sa bhliain 1842, tá ardú 25-30cm tagtha orthu. Le blianta beaga anuas, tá Gaillimh ar cheann de na háiteanna is mó a dtagann daoine chuici chun tuairisciú a dhéanamh ar thuile cósta a bhaineann le stoirmeacha. Tarlaíonn borrthaí stoirme nuair a shéideann gaotha láidre uisce i dtreo an chósta. Déantar tionchair na dteagmhas seo níos measa ansin de thoradh ardtaoidí rabharta.

I mí Eanáir 2018, bhí cathair na Gaillimhe faoi uisce tar éis Stoirm Eleanor. Tharla sé seo an t-am céanna le hardtaoide rabharta, agus d’ardaigh leibhéal an uisce 90cm os cionn íochtar an Phóirse Chaoch i nGaillimh. Tá an líne solais a thaispeántar le suiteáil Línte na Farraige ag an bPóirse Caoch ag 1.9 méadar.

Cuirtear in iúl leis seo an t-ardú ar leibhéil na farraige atá réamh-mheasta i mborradh den chineál céanna in 2150 nuair a bheidh ardú 1 méadar tagtha ar leibhéil na farraige – cás a mbeadh athrú aeráide measartha ag baint leis.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach láithreán gréasáin idirghníomhach an tionscadail: www.lintenafarraige.com

Stay up to date

×