Skip to main content


Nuacht

Fógraíonn an tAire Catherine Martin T.D. infheistíocht €500,000 sa chlár nua maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Críonna faoi Éire Ildánach

Scroll
3 min read

Fógraíonn an tAire Catherine Martin T.D. infheistíocht €500,000 sa chlár nua maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Críonna faoi Éire Ildánach

3 min read

20/07/20

Fógraíonn an tAire Catherine Martin T.D. infheistíocht €500,000 sa chlár nua maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Críonna faoi Éire Ildánach

D'fhógair an tAire Meán Cumarsáide, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin T.D., clár nua maidir le bearta cruthaitheachta do dhaoine críonna a thabharfar i gcrích faoin gclár Éire Ildánach in éineacht leis na páirtnéirí straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus leis na húdaráis áitiúla.

Leagtar amach an clár nua maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Scothaosta d’fhonn roinnt de na torthaí sóisialta atá ar an bpaindéim a chúiteamh.  Beidh sé á thionscnamh gan mhoill agus á thabhairt i gcrích go ceann 18 mí.

Ag tagairt di don ghá atá ag daoine scothaosta le bearta cruthaitheachta a dhéanamh, dúirt an tAire Catherine Martin T.D.:

“Is tubaisteach an cur isteach atá ar shaoránaigh scothaosta na tíre ag an bpaindéim seo. B’éigean dóibh iad féin a choinneáil amach go hiomlán óna gcuid gaolta agus a gcuid cairde agus briseadh, dá thoradh sin, an caidreamh sóisialta óna n-eascraíonn sonas, misneach agus an tsláinte meabhrach. Is eol don Roinn gur féidir leas a bhaint as cúrsaí ealaíne agus bearta cruthaitheachta chun an caidreamh sóisialta a cuireadh ar gcúl a chothú in athuair.”

Fógraíonn an tAire Catherine Martin clár nua maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Scothaosta

Open Video

Beidh na tograí seo a leanas á dtabhairt i gcrích ag páirtnéirí straitéiseacha de chuid Éire Ildánach:

Beidh tréimhsí cónaitheachta á gcur ar fáil ag Age and Opportunity le healaíontóirí i sé cinn d’ionaid cúraim ar fud na tíre.  Leanfaidh na tréimhsí sin go ceann sé mhí agus beidh béim ar dhamhsa, ar cheol agus ar chur i láthair.

Beidh sraith de thionscadail éagsúla á dtabhairt i bhfeidhm ag Foras Ospíse na hÉireann (IHF) dírithe ar na deacrachtaí a ghabhann le saothrú an bháis, leis an mbás agus le méala tar éis an bháis. Áirítear orthu sin cnuasach filíochta dar teideal By Your Side a thiomsú d’fhonn cuidiú le smaointe faoin mbás, faoi mhéala agus faoi chumha a chur in iúl.

Cuirfidh an clár Éire Ildánach bonn treise faoi thionscadal taighde in éineacht le Staidéar Fadaimseartha na hÉireann maidir le Dul in Aois (TILDA) d’fhonn an toradh a bhíonn ar pháirt a ghlacadh i mbearta sóisialta agus i mbearta cruthaitheachta ar shláinte agus ar mheon dhaoine fásta  50+ bliain d’aois a mheas.

Déanfaidh Waterford Healing Arts Trust (WHAT) Renew a fhorbairt, clár ealaíne ilchineálach (ceol, ealaín, scríbhneoireacht, damhsa agus filíocht) dírithe go sonrach ar dhaoine scothaosta atá i gcocún a bheidh ina chuid den Well Festival of Arts and Wellbeing. Leanfaidh WHAT leis an gclár beo ceoil Healing Sounds on the Wards in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge go deireadh na bliana 2020 agus leathnófar an togra maidir le Dánlann Oscailte – Taispeántas Ealaíne atá Oiriúnach do Dhaoine a Fhulaingíonn Néaltrú.

Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA)  Mar chuid de chlár leitheadach IMMA maidir le cruthaitheacht an phobail, beidh 10 gcinn d’fhíseáin ghairide, le saorchead iad a fhéachaint, trína ligtear do dhaoine Bailiúchán IMMA a bhreathnú go deas réidh ar a gcompord agus acmhainní clóite treorach ag gabháil leo.  Beidh seisiúin ‘Armchair Azure’, ar féidir iad a thapú i gcéin, á reachtáil ag IMMA gach mí do dhaoine a bhfuil néaltrú ag dul dóibh, dá gcuid cairde agus dá gcuid gaolta, chomh maith le seisiúin gach coicís do ghrúpa in árais altrachta ar féidir iad a chur in áirithe roimh ré.  Le cúnamh ó Éire Ildánach, tabharfaidh IMMA an deis do chomhordaitheoirí gníomhaíochta in árais altrachta cúnamh ó ealaíontóirí agus ó áisitheoirí ealaíne a thapú maidir le bearta spéisiúla cruthaitheachta a leagan amach agus a chur ar fáil do dhaoine in árais altrachta.  Leis na tionscnaimh seo agus le bearta eile, cuirfear le caidreamh IMMA le daoine scothaosta ar fud na tíre a bhfuil na srianta maidir le Covid19 ag dul i gcion orthu.

Mercer’s Institute of Successful Ageing (MISA), Ospidéal San Séamas. Oibreoidh ealaíontóir cónaithe le daoine scothaosta atá ina n-othair in Ospidéal San Séamas in éineacht le gaolta na n-othar agus foireann an ospidéil.  Beidh saothair nua á gcruthú acu chun a saol féin agus saol lucht úsáide na seirbhíse a chur in iúl.

Cuideoidh Éire Ildánach leis an tionscadal Ageing Voices de chuid Sing Ireland chun acmhainní agus cláir oiliúna sárchleachtais a chur ar fáil do cheoltóirí agus don lucht cúraim agus iad ag obair le daoine scothaosta nuair a bheidh sábháilte sin a dhéanamh.

Chomh maith leis an gclár náisiúnta, cuirfidh Éire Ildánach 25 tionscadal cruthaitheachta do dhaoine scothaosta ar fáil i bpáirtnéireacht leis na húdaráis áitiúla ar fud na tíre.

Áirítear ar na buaicphointí portráidí físeáin slómó de dhaoine scothaosta i gCeatharlach, tionscadal maidir le Leabhar Nótaí Pobail i gCill Dara, cleamairí nua-aimseartha i gContae Liatroma, tionscadal scannánaíochta do ghlúnta éagsúla i gContae Lú ina dtabharfaidh daoine óga agus na daoine scothaosta a chónaíonn in aice leo tuairisc ar an tréimhse dianghlasála, dialann a scríobhadh 77 bliain ó shin a fhoilsiú agus a thaifeadadh i gContae na Mí agus ceolchoirmeacha taistil ceoldrámaíochta i bPort Láirge.

Ag trácht di ar pháirt na n-údarás áitiúil sna cláir de chuid Éire Ildánach a bhaineann leis an gcruthaitheacht ag daoine agus iad ag dul in aois, dúirt an tAire Catherine Martin T.D.: “Is iontach an fonn agus an fuinneamh atá le tabhairt faoi deara ar na tionscadail a bheidh na húdaráis áitiúla a chur i gcrích.  Tá tréith na samhlaíochta ag baint leo ó thús deireadh agus iad ag freastal go díreach ar riachtanais phobal na háite.  Is cúis ríméid dom cúnamh a bheith á thabhairt maidir le tionscadail chomh suimiúil agus chomh spéisiúil leo seo do shaoránaigh scothaosta na tíre.”

Is féidir tuilleadh eolais faoin gclár maidir le Cruthaitheacht na nDaoine Scothaosta a thagann faoin gclár Éire Ildánach, a léamh ar www.creativeireland.gov.ie

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×