Skip to main content


Nuacht

An Meaisín Soghluaiste Ceoil (Mobile Music Machine): aoibhneas an cheoil bheo á thabhairt go dtí tithe cúraim cónaithe timpeall na tíre

Scroll
2 min read

An Meaisín Soghluaiste Ceoil (Mobile Music Machine): aoibhneas an cheoil bheo á thabhairt go dtí tithe cúraim cónaithe timpeall na tíre

2 min read

30/03/22

An Meaisín Soghluaiste Ceoil (Mobile Music Machine): aoibhneas an cheoil bheo á thabhairt go dtí tithe cúraim cónaithe timpeall na tíre

Tá €500,000 bronnta ag Éire Ildánach ar an Meaisín Soghluaiste Ceoil chun 400 ceolchoirm a dhéanamh i dtithe cúraim cónaithe. Ó 2020 i leith, tá cuid de na ceoltóirí is mó cáil in Éirinn tar éis seinm leis an Meaisín Soghluaiste Ceoil i níos mó ná 1,000 ceolchoirm i dtithe cúraim in 18 gcontae fud fad oileán na hÉireann. Leis an dordveidhleadóir Gerald Peregrine i gceannas, chuir na ceolchoirmeacha seo faoiseamh tráthúil agus aoibhneas an cheoil ar fáil dóibh siúd a bhí scoite amach ag an bpaindéim.

Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ón gClár Éire Ildánach, le tacaíocht bhreise ó Éire Shláintiúil, an Crannchur Náisiúnta, The Ireland Funds agus Féile Cheoldráma Ghleann na Dubhabhann.

Chun saothar na n-oibrithe ar an líne thosaigh a cheiliúradh, óstálfaidh an Meaisín Soghluaiste Ceoil, le tacaíocht ó Éire Ildánach, ceolchoirm speisialta cheiliúrtha sa Cheoláras Náisiúnta ar an 15 Meitheamh 2022. Mar chuid den cheolchoirm beidh ceolfhoireann 45 phíosa leis an stiúrthóir David Brophy, agus beidh a lán de na ceoltóirí a d’oibrigh leis an Meaisín Soghluaiste Ceoil le dhá bhliain anuas ag seinm chomh maith. 

Ina measc siúd beidh Claudia Boyle, Emmet Cahill, Steve Cooney, Mary Coughlan, Jerry Fish, Red Hurley, Niamh Kavanagh, Séan Keane, Iarla Ó Lionáird, Simon Morgan agus a thuilleadh nach iad.  Ina theannta sin beidh an Frontline Workers Choir ag seinm, chomh maith le cóir idirghlúine Aoisbhá Éireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chlár Cruthaitheacht do Dhaoine Níos Sine de chuid Éire Ildánach téigh chuig Tionscadail Chruthaitheacha.

Stay up to date

×