Skip to main content


Nuacht

Moladh do dhaoine óga tabhairt faoin gcruthaitheacht do Chruinniú na nÓg 2020 ar líne!

Déanfar Cruinniú na nÓg 2020, lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do leanaí agus do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois, agus i 2020 tá sé mar chuid d'fheachtas #InThisTogether an Rialtais.

Le os cionn 500 gníomhaíocht, imeacht agus píosa craoltóireachta ar líne saor in aisce, thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan T.D. moladh do RTÉ agus d’fhoirne cultúir na n-údarás áitiúil as a dtacaíocht chun Cruinniú na nÓg a sheachadadh agus mhol sí do dhaoine óga ar fud na tíre dul ar líne, páirt a ghlacadh agus tabhairt faoin gcruthaitheacht don Chruinniú.

Dúirt an tAire Madigan: “Is suntasach agus is éagsúil iad na dúshláin atá romhainn ar fad mar gheall ar phaindéim COVID-19 – go háirithe sa réimse ina gcuirimid seirbhísí agus gníomhaíochtaí díreacha ar fáil do shaoránaigh na tíre. Bhí nuálaíocht agus cruthaitheacht de dhíth chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, agus tá aird dírithe arís ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do na saoránaigh is óige le taithí a fháil ar an gcruthaitheacht – triail a bhaint as rudaí nua, an cumas cruthaitheachta atá ó nádúr iontu féin a thabhairt chun aire agus chun foirfeachta. Mar sin beidh Cruinniú na nÓg á cheiliúradh arís againn Dé Sathairn an 13 Meitheamh beag seo, lena bhfuil roinnt gníomhaíochtaí don chruthaitheacht, cultúr agus rannpháirtíocht forbartha againn ina mbeidh leanaí, daoine óga – an teaghlach ar fad go deimhin – ábalta dul i mbun na cruthaitheachta ina dteach féin agus ina ngairdín féin Dé Sathairn an 13 Meitheamh.”

Is comhoibriú Cruinniú na nÓg 2020 idir Clár Éire Ildánach na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, na h-údaráis áitiúla agus RTÉ, agus beidh gach imeacht don Chruinniú in 2020 ar fáil ar líne, le roinnt imeachtaí ar chainéil agus ar ardáin éagsúla RTÉ, lena n-áirítear RTÉ 2, RTÉjr, podchraolta RTÉjr, RTÉ Home School Hub, RTÉ.ie/Learn, agus RTÉ.ie/Culture.

I measc na ngníomhaíochtaí agus na n-imeachtaí  tá glao chun gnímh ar fud na tíre mar Céilí sa Chistin agus Cuirimis Eitleog in Airde, imeachtaí séimhe filíochta do leanaí faoi 4 le Branar Téatar do Pháistí.  Tá neart gníomhaíochtaí beartaithe go m’fhéidir go mbeadh ar leanaí agus ar dhaoine óga cleachtadh a dhéanamh dóibh anois, nó dul i mbun na hoibre orthu roimh ré nó beidh réimse mór millteach gníomhaíochtaí le sult a bhaint astu ar siúl ar an lá, ó cheardlanna agus ranganna go ceadail agus píosaí léitheoireachta agus go leor eile.

Dúirt an tAire Madigan chomh maith: “Níl sé ach cúpla seachtain ó shin ó d’fhógair mé go mbeifí ag leanúint ar aghaidh le Cruinniú na nÓg 2020, agus tá freagra iontach faighte ó shin i leith againn ó leanaí – agus ó theaghlaigh – ó ar fud na tíre maidir lenár “nGlao chun Gnímh”. Ach ní bheadh dada de seo ag tarlú gan an freagra dochreidte a thug ár bpáirtithe Foirne Cultúir i ngach ceann den 31 údarás áitiúil, chomh maith leis na grúpaí agus eagraíochtaí ealaíon, cultúir, oidhreachta agus pobail, ealaíontóirí, lucht ceardaíochta agus lucht cruthaitheach a thug aghaidh ar an dúshlán le deiseanna fiúntacha a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a bheith cruthaitheach an 13 Meitheamh.”

Ghlac an tAire Madigan buíochas chomh maith le RTÉ as an ról níos mó atá glactha ag an stáisiún as imeachtaí agus gníomhaíochtaí Chruinniú na nÓg 2020 a óstáil.

I measc buaicphointí chlár RTÉ do Chruinniú na nÓg 2020 tá:

  • Scoil Scannánaíochta Úrnua – Treoir ón dream a bhfuil cos istigh acu maidir le do chuid scannán féin a chur le chéile le samplaí ó stiúrthóirí óga na tíre;
  • My Creative Life (17 bpodchraoladh);
  • Pop Up Poetry for Little Peeps (Ocht ngearrthóg bheochana shaincheaptha);
  • Céilí sa Chistin;
  • Cuirimis Eitleog in Airde;
  • Códú do Chruinniú;
  • We Create Magic – rapcheol saincheaptha le Scoil Náisiúnta Cappabue agus GMC Beats;
  • Dancing By Distance; agus
  • Bí i do Choimeádaí Scéil

Dúirt Dee Forbes, Príomhstiúrthóir RTÉ: “Tá ríméad ar RTÉ ról tábhachtach a ghlacadh arís i dtacaíocht a thabhairt do chlár Chruinniú na nÓg. Cé go raibh RTÉ páirteach sa Chruinniú ón gcéad lá riamh, d’fhéadfá a rá gurb é clár na bliana seo, agus muid i lár paindéim dhomhanda, an clár is tábhachtaí agus is dúshlánaí – go dtí seo. Mar atá feicthe againn lá i ndiaidh lae le cúpla mí anuas, cuireann an chruthaitheacht bealach ar fáil do dhaoine óga na tíre a bheith dearfach, an domhan nua seo ina bhfuilimid ar fad a scrúdú agus iad féin a chur in iúl. Mar sin, is tráthúil atá sé tríd an gclár ábhair atá leagtha amach againn do Chruinniú na nÓg ar fud na teilifíse, raidió agus ar líne, go leanann RTÉ de bheith ag cur tacaíocht ar fáil agus ag spreagadh na cruthaitheachta maidir leis na saoránaigh is óige sa tír, sa bhaile ina dtithe agus ina ngairdíní féin i mbliana, áit a bhfuil siad slán sábháilte.  Guím gach rath ar gach duine atá ag glacadh páirte.”

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×