Skip to main content
Credit: Damien B. Donnelly


Nuacht

Féile Ealaíon Momentum 2021: Lusca & an Ros

Scroll
3 min read

Féile Ealaíon Momentum 2021: Lusca & an Ros

3 min read

14/09/21

Féile Ealaíon Momentum 2021: Lusca & an Ros

Ar an 15 agus an 16 Lúnasa 2021, tugadh pobail áitiúla le chéile ar fud 25 suíomh allabhrach lasmuigh in Oirthear Fine Gall le Féile Ealaíon Momentum.

Ealaíona beo i bpobal athéiríoch!

Faoi stiúir Declan Gorman, d’oibrigh 60 taibheoir pobail, 40 oibrí deonach cúlstáitse agus níos mó ná 50 duine aonair tacaíochta agus grúpaí pobail in éineacht lena chéile chun brionglóid Zoom ó thréimhse na dianghlasála a fhíorú sa saol réadúil, iar-Covid i dtréimhse roinnt seachtainí.

Cuireadh tús le hobair ullmhúcháin don fhéile 15 mhí roimhe sin nuair a roghnaíodh Declan faoin Snáithe Comhoibrithe sa scéim ealaíne poiblí “Infrastructure” ag Comhairle Contae Fhine Gall chun dul i dteagmháil le pobail áitiúla. Bhunaigh sé Green Belt Arts i mí an Mheithimh 2020.

Tháinig an grúpa seo le chéile gach seachtain ar Zoom chun taighde a dhéanamh ar na píosaí drámaíochta agus iad a fhorbairt agus a scríobh, a chuirfí i láthair ar deireadh thiar le linn 2021 i gcomhpháirtíocht le Cumann Drámaíochta an Rois; Grúpa Gníomhaíochta Lusca agus Scoil Drámaíochta Power.

Áiríodh leo sin The Green Belt Trilogy: trí cinn de dhrámaí úrnua a cuireadh i láthair ar feadh siúlóid gharbh ó fhothracha iontacha na póirseáide ag Diméin Chinn Iúir go dtí an Túr Martello ar Rinn Dhroim Mheánach. I seanláir bhailte an Rois agus Lusca in If These Streets Could Talk, cuireadh an lucht féachana ag fálróid ar bhealaí a bhí leagtha amach cheana, áit ar cuireadh scéalta drámaíochta i láthair a raibh ceangal fánach eatarthu inar cuireadh domhan na feirmeoireachta, na hiascaireachta, an oideachais agus shaol an phobail in iúl, agus tugadh aird ar leith ar shaol ceilte na mban in Éirinn sa 20ú hAois.

Mayor of Fingal Cllr. Seaná Ó Rodaigh

"I ndiaidh tréimhse chomh fada díomá mar gheall ar aon oiread sin imeachtaí bheith curtha ar ceal, tá sé ina ardú meanman a fheiceáil go bhfuil imeacht poiblí á chur in oiriúint chun cur ar chumas an phobail teacht le chéile ar bhealach sábháilte agus oidhreacht, cultúr agus tallann áitiúil Fhine Gall a cheiliúradh"

I measc imeachtaí eile a cruthaíodh do Momentum 2021, bhí “Parallels”, ar dráma gearr faoin laoch peile áitiúil Con Martin, ag Club Peile Aclaíocht an Rois, a bhí i gceist; “Grasshoppers Corner”, ar féile laistigh d’fhéile a bhí ann do lucht féachana réamhscoile, agus taispeántas ó Ghrúpa Oidhreachta Lusca de ghrianghraif stairiúla, físeáin agus déantúsáin a bhí mar inspioráid do roinnt de na radhairc dhrámaíochta.

Maidir le Féile Momentum, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seaná Ó Rodaigh: “I ndiaidh tréimhse chomh fada díomá mar gheall ar aon oiread sin imeachtaí áitiúla agus náisiúnta bheith curtha ar ceal, tá sé ina ardú meanman a fheiceáil go bhfuil imeacht poiblí á chur in oiriúint chun cur ar chumas an phobail teacht le chéile ar bhealach sábháilte agus oidhreacht, cultúr agus tallann áitiúil Fhine Gall a cheiliúradh ar bhealach chomh nuálach agus cruthaitheach

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Momentum 2021 agus faoi Thionscnamh Ealaíon The Green Belt, téigh chuig momentum2021arts.com agus chuig leathanach Facebook Momentum 2021.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×