Skip to main content


Nuacht

Mórbhileog Scríbhneoireachta Shligigh, The Cormorant Eagrán 3

Seoladh an chéad eagrán de The Cormorant i mí Iúil 2018. Tionscnamh de chuid an Tread Softly Festival a bhí ann agus mórtas áite na scríbhneoirí a bhfuil ceangal acu le Sligeach á spreagadh go mór leis.

Áirítear orthu sin Kevin Barry, a ainmníodh ar liosta na n-údar maidir le mórdhuais Booker, Molly McCloskey, Tess Gallagher agus cuid mhór eile.  Cuireadh níos mó ná 300 saothar isteach maidir leis an tríú eagrán i mí Iúil 2019 agus foilsíodh 31 acu.  Glactar le saothar próis faoi bhun 300 focal agus le saothar filíochta faoi bhun 50 líne don fhoilseachán.  In Eagrán 3, tá béim ó thaobh téama ar mhéala, ar chumha agus ar aithreachas.  Ní fios cén t-ualach mór atá á iompar ainneoin cuma na héadroime, íomhá de leanbh ag déanamh cleas na bacóide, ruóg meathbhán ar threabhsar gearr imeartha, stocaí búrláilte mar a bheadh uibheacha i dtarracán.

Tá dlúthcheangal le Sligeach i gceist le roinnt den saothar, an fear cré-umha a goideadh as Droim Chliabh, dán i gcuimhne ar Dermot Healy. Tarlaíonn ina dhiaidh sin féin go luíonn saothar den sórt sin go caomh cóiriúil le dánta agus scéalta atá suite in áiteanna i bhfad i gcéin.  Tugtar an léitheoir go Yorkuta, campa Gulag tráth den saol, mar ar fhan na géibheannaigh tar éis iad a ligean saor gur phéinteáil íomhánna geala ildaite múrmhaisiúcháin ar na ballaí coincréite ar cuibhríodh taobh istigh díobh iad.  Go Vítneam á buamáil ag na Stáit Aontaithe an tráth a raibh bratach na tíre sin á sá sa talamh ar an ngealach. Chuig abhainn i South Carolina ar a ndéantar deatach agus cnámharlaigh a iompar.  Tá an mórtas áite a bhí le sonrú chomh follasach sin ar an gcéad eagrán chomh suntasach céanna maidir leis an eagrán seo.

Tá clúdach rítharraingteach ar gach ceann de na heagráin.  Le hEagrán 3, tá grianghraf de mharcaigh capaill ar thrá Choillín na mBodhar a thóg Eddie Lee, ceoltóir agus grianghrafadóir as Sligeach, de Chnoc na Riabh.  Mar a chéile le cuid mhór den saothar in The Cormorant, tá an fhéachaint agus a bhfuil i gceist le breathnú ón áit seo, á chur in iúl go láidir.

Phléigh na heagarthóirí Louise Kennedy, Una Mannion agus Eoin McNamee a fheabhas atá ag éirí leis an bhfoilseachán agus an tábhacht atá leis an gcistíocht faoi Éire Ildánach. ‘Tá an t-ádh orainn gur cuireadh saothar ar chaighdeán chomh hard isteach chugainn; tá ábhar le 72 scríbhneoir foilsithe againn, cuid mhór as Sligeach agus cuid mhór arb é an chéad saothar dá gcuid é a foilsíodh riamh.  A bhuíochas den chistíocht ó Chomhairle Chontae Shligigh faoin gclár Éire Ildánach, tá deis ag scríbhneoirí Shligigh saothar a chur os comhair an phobail agus a fhoilsiú ar aon leathanach le hábhar ó údair a bhfuil iomrá go hidirnáisiúnta orthu.’

Cuirfear Eagrán 4 ar fáil roimh dheireadh na bliana 2019 le cistíocht arís faoi scáth Éire Ildánach (Sligeach).

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×