Skip to main content


Nuacht

Cónaitheacht Múinte Ceoil: Tionscadal Éire Ildánach 2022 - Comhairle Contae Ros Comáin

Scroll
min read

Cónaitheacht Múinte Ceoil: Tionscadal Éire Ildánach 2022 - Comhairle Contae Ros Comáin

min read

31/05/22

Cónaitheacht Múinte Ceoil: Tionscadal Éire Ildánach 2022 - Comhairle Contae Ros Comáin

Deis foghlama chomhroinnte d’áitritheoirí Chontae Ros Comáin atá 60 bliain d’aois agus níos sine, á cur ar fáil ag Music Network agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Ros Comáin. Bhí Cónaitheacht Múinte Ros Comáin - Ag Casadh Ceoil le The Unwanted - ar siúl ó mhí Eanáir go mí na Bealtaine 2022 ag Teach King, agus bhí cúig duine dhéag as Ros Comáin atá 60+ bliain d’aois ann chun an grá atá acu don cheol a léiriú arís!

Comhpháirtíocht idir Music Network agus Oifig Ealaíon Ros Comáin ab ea é seo, inar cuireadh béim ar uirlis a chasadh arís agus ar an lúcháir a bhaineann le ceol a chasadh in éineacht a roinnt. Agus tairbhe á baint as na cúlraí ceoil atá ag comhaltaí uile an bhanna The Unwanted, Cathy Jordan (giotár, bodhrán), Seamie O’Dowd (giotár), agus Rick Epping (orgán béil), cuireadh deis ar fáil sa chlár teagaisc do na rannpháirtithe chun taithí a fháil ar réimse stíleanna agus teicnící ceoil chomh maith le neart deiseanna le bheith ag canadh. Cuireadh deireadh leis an gclár le taispeántais neamhfhoirmeálta ag deireadh mhí na Bealtaine mar chuid d’Fhéile na Bealtaine.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://www.musicnetwork.ie/news/catch-up-with-making-music-with-the-unwanted-the-roscommon-teaching-residency agus breathnaigh ar roinnt blaisíní óna dtaispeántais.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×