Skip to main content


Nuacht

Taispeántas cultúrtha cinniúnach nua ó Chlár Éire Ildánach agus TG4 fógartha chun cultúr na hÉireann a cheiliúradh

Scroll
4 min read

Taispeántas cultúrtha cinniúnach nua ó Chlár Éire Ildánach agus TG4 fógartha chun cultúr na hÉireann a cheiliúradh

4 min read

30/11/20

Taispeántas cultúrtha cinniúnach nua ó Chlár Éire Ildánach agus TG4 fógartha chun cultúr na hÉireann a cheiliúradh

Tá taispeántas cultúrtha suntasach nua, Samhlú, fógartha ag Clár Éire Ildánach agus TG4 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht agus ar obair ealaíne na hÉireann sa bhliain dhúshlánach, 2020.

Craolfar Samhlú 2020, ceiliúradh 90 nóiméad ar TG4 an 15 Nollaig ag 9.30pm. Tá sé suite i dtimpeallacht álainn Chor na Rón, i gCo. na Gaillimhe agus sé á óstáil ag Tommy Tiernan, sa chéad chomhoibriú dá chuid le TG4. Taispeántas atá ann a thabharfaidh léargas ar réimsí éagsúla den cultúr agus den chruthaitheacht agus beidh léirithe le feiceáil ó Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Catherine Young Dance. Tá píosa úrnua ‘Samhlú’ cumtha ag cumadóir Riverdance, Bill Whelan, agus cuirfear é seo a láthair den chéad uair freisin mar chuid den chraoladh. Fite fuaite sa chlár beidh sé ghearrscannán ina bhfeicfear ealaíontóirí Waterford Walls, Modern Day Mummers as Contae Liatroma, Catherine Young Dance agus na gearrscannáin Lackeen, Fiach agus An Irish Goodbye.

SAMHLÚ 2020 | TG4 | Ealaín na Samhlaíochta, The Art of Imagining

Open Video

Craolfar Samhlú Croí Cruthaitheach, ó am go ham le linn 2021. Dhá scannán déag gearrfhoirme, a ndearnadh coimisiúnú orthu, is ea iad seo. Rogha de chláir faisnéise gearrfhoirme atá iontu ina dtaispeánfar ealaíontóirí agus daoine cruthaitheacha ó gach cearn d’Éirinn, agus rachfar sa chúlra chun léargas domhain a thabhairt dúinn ar an gcaoi a bhforbraíonn agus a gcruthaíonn ealaíontóirí a gcuid saothar.

Above:

Dúirt an tAire Catherine Martin “Samhlú! Ní fhéadfadh an glaoch iontach seo chun athmhachnamh a dhéanamh ar ár saol teacht ag am níos fearr. I ndoimhneacht an gheimhridh, tar éis bliain fhada chrua, tabharfaidh an clár draíochtúil seo ardú croí dúinn. Agus é faoi stiúir cuid de na daoine is cáiliúla i saol an chultúr in Éirinn, is ceiliúradh é Samhlú ar na rudaí maithe ar fad a thugann ár n-ealaíontóirí dúinn sa saol. Thar ceann mo Roinne ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le TG4 agus leis na healaíontóirí a raibh baint acu le ‘Samhlú’ a dhéanamh. Is ómós é an clár iontach seo don tsamhlaíocht iontach agus an intleacht chruthaitheach atá acu.”

Above:

Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe Samhlú 2020 Treisíonn an ceiliúradh seo ar ‘Samhlú’ bliain ina raibh cláracha láidre ealaíon agus cultúir ag TG4.  Bhí an pobal agus an chruthaitheacht ariamh anall i gcroílár aschur TG4.  Ní raibh an oiread baint ag na daoine, an chruthaitheacht agus an fholláine le chéile riamh agus a bhí le 9 mí anuas. Tá an-áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach ionas go mbeadh fáil ag an bpobal ar fud na hÉireann ar shaothair chruthaitheacha agus ar thionscadail a chuaigh chun tairbhe do shaoil an phobail agus an duine aonair i rith bliana ar leith.”

Above:

Craoltar Samhlú 2020 ar TG4 Dé Máirt an 15 Nollaig ag 9.30pm agus is féidir é a fheiceáil ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4 www.tg4.ie

Craolfar Samhlú Croí Cruthaitheach ón 6 Eanáir 2021.

Stay up to date

×