Skip to main content
Credit: Robert Thompson


Nuacht

Déanann leabhar nua filíochta áilleacht Chontae na Gaillimhe a cheiliúradh

Scroll
2 min read

Déanann leabhar nua filíochta áilleacht Chontae na Gaillimhe a cheiliúradh

2 min read

13/12/21

Déanann leabhar nua filíochta áilleacht Chontae na Gaillimhe a cheiliúradh

Tá Gaillimh ag ceiliúradh seoladh leabhar iontach grianghrafadóireachta agus filíochta dátheangach, 'An Áit Seo/ This Place'.

Tugann an táirge neamhghnách seo léargas ar áilleacht an chontae mar a chonaic, a shamhlaigh agus a thaifead an cuairteoir agus an duine ón áit é.

Dúirt Ruth Mulhern, Oifigeach Turasóireachta agus ball d’fhoireann Éire Ildánach i gComhairle Chontae na Gaillimhe, a tháirg an leabhar: “Theastaigh uainn léargas a thabhairt ar an oiread ceantar i nGaillimh agus ab fhéidir agus filíocht sa dá theanga a fhí isteach le híomhánna a roghnaíodh go cúramach. Cuireadh tús leis an tionscadal go luath in 2020 díreach sular tharla an t-athrú tobann de bharr na paindéime domhanda. Bhí an deis agus an cor dea-chinniúna chomh tábhachtach céanna don tionscnamh agus a bhí an phleanáil, tráth a raibh an rath a bhí i ndán d’aon tionscadal ag braith ar an gcumas a bheith freagrúil agus oiriúnaitheach.”

Cuireadh go leor smaoinimh isteach sa gcaoi a mbreathnaíonn agus a mhothaíonn an leabhar, agus a bhuíochas sin don dearthóir Bob Gray, tagann na focail agus na híomhánna le chéile go deas sna leathnaigh ar fad. I measc na ndaoine a bhí ar an bhfoireann chruthaitheach bhí na filí Erin Fornhoff agus Máire Holmes agus an grianghrafadóir Matthew Thompson. Thaistil siad ar fud an chontae agus thaifead siad Gaillimh díreach mar atá sé, agus daoine agus áiteanna nádúrtha á dtaifead acu chomh maith le  dearadh agus cultúr ábhartha na mbailte agus na gcúlchríoch. Sa phróiseas, d’éirigh leo spiorad speisialta cheantar tuaithe na Gaillimhe a thabhairt leo.

Seolfar é roimh Nollaig, agus mar chomhartha buíochas do mhuintir Chontae na Gaillimhe, beidh líon teoranta cóipeanna ar fáil saor in aisce i Siopa Leabhar Kenny, Siopa Leabhar Charlie Byrne agus i leabharlanna éagsúla lena n-áirítear Tuaim, Béal Átha na Sluaighe, Port Omna, Baile Locha Riach, Órán Mór, An Cheathrú Rua, An Clochán agus Leabharlann Chathair na Gaillimhe. Coinneofar cartlann leabhar sna leabharlanna freisin, le go bhféadfar breathnú orthu amach anseo agus an áit seo a chur i gcuimhne dúinn, mar a bhí sé ag an am seo.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail Éire Ildánach Chomhairle Chontae na Gaillimhe anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×