Skip to main content


Nuacht

Now and Then

Scroll
min read

Now and Then

min read

30/09/22

Now and Then

Ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair 2022, cuireadh an tionscadal Now & Then ar siúl, inar oibrigh na cleachtóirí ealaíon Catherine McVicker & Mary Hickey le daltaí rang a trí ó Ghaelscoil Chluain Meala agus leis an bpobal scothaosta in Ionad Cúraim Lae an Bhaile Ghaelaigh, Cluain Meala i gcaitheamh thréimhse 8 seachtaine.

Trí scéalta, amhráin, cluichí, gearrthóga fuaime agus leabhair gearrthóg a roinnt, d’fhoghlaim an dá dhream an-chuid faoina chéile. Trí leas a bhaint as na leabhair gearrthóg agus na gearrthóga fuaime, rinne siad cumarsáid lena chéile tráth nach raibh sé indéanta a bheith le chéile i gceart ar aon láthair de dheasca COVID. Fuair na leanaí tuiscint ar mar a bhí an saol blianta ó shin tríd na scéalta agus an ghaois a roinn na daoine scothaosta, bunaithe ar ar fhoghlaim siad le linn a saoil, agus tháinig na seanóirí ar an tuiscint nach bhfuil leanaí an lae inniu chomh difriúil sin ón gcaoi a raibh siad féin ag an aois sin.

Fuair an dá ghrúpa amach go bhfuil níos mó cosúlachtaí a nascann na glúnta le chéile ná difríochtaí eatarthu. Taithí iontach saibhir a bhí ann don uile dhuine a bhí bainteach leis. Mar go raibh srianta COVID maolaithe faoin am a raibh an seisiún deireanach le bheith ar siúl, bhíothas in ann gach duine a thabhairt le chéile dó, agus bhí deis ag na rannpháirtithe éadan a chur le hainm na ndaoine a raibh teagmháil á déanamh acu leo i gcaitheamh na n-ocht seachtaine. D’fhág sé sin gurbh álainn an seisiún deireanach é, a raibh amhráin, féiríní agus teastais críochnaithe mar chuid de. Bailíodh an méid sin ábhair, i bhfoirm grianghraf/físeán/gearrthóga fuaime, gur socraíodh gearrscannán a dhéanamh chun an tionscadal a chur i láthair an phobail i gcoitinne agus deis a thabhairt do na rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar an taithí ina hiomláine. Rinne ócáid bhronnta Oíche Chultúir chun ceann de na leabhair gearrthóg a thabhairt don dá ghrúpa mar chuimhneachán ar an tionscadal.

Now and Then

Open Video

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×