Skip to main content


Nuacht

On the Wireless

Scroll
min read

On the Wireless

min read

21/01/22

On the Wireless

Sraith faisnéise fuaime i gcúig pháirt a bheidh in On the Wireless, arna léiriú ag Tadhg Ó Meachair agus Joanna Hyde ina dtarraingeofar aird ar chodanna éagsúla de Chlár Chomhairle Contae Chorcaí, an Chruthaitheacht agus Daoine Scothaosta.

20-30 nóiméad a bheidh gach eipeasóid agus díreoidh siad ar thionscadail éagsúla, lena n-áirítear na hEalaíona don tSláinte, Bringing Art Home agus Postal Project Mhúsaem na hAmhránaíochta; turas Michelle Collins tríd dheasghnáth an chaointe agus tionscadal an chaoineadh in Ospidéal agus Ospís Ollscoil Marymount; an turas ceolchoirme a thug Jimmy Crowley agus Eve Telford ar thithe cúraim le fócas speisialta ar Ionad Cúraim Cónaithe agus Sráidbhaile Scoir Sciobairín; aonad Leabharlann Soghluaiste Chomhairle Contae Chorcaí; agus the Dresser Project Chorcaí le Michael Fortune.

Bainfidh On the Wireless leas as go leor agallaimh agus comhráite neamhfhoirmiúla le rannpháirtithe, ealaíontóirí, comhordaitheoirí cláir agus baill foirne, agus daoine ábhartha eile ar casadh leo le linn na hoibre allamuigh.
Mar chuid den tsraith beidh na cuimhní cinn, na heispéiris, an plé, na scéalta, agus an béaloideas a ndearnadh taifeadadh orthu, fite fuaite de réir téamaí le sleachta as na tionscadail thuasluaite, chomh maith le filíocht, seanchas béil, fuaimdhreacha, agus ceol traidisiúnta, in éineacht le ceol atá nuachumtha ag Tadhg agus Joanna.

Beidh tuilleadh sonraí faoin áit ar féidir leat an seó a chloisteáil ar fáil ar Ardáin Meán Sóisialta Ealaíona Chontae Chorcaí go rí-ghairid.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×