Skip to main content
Sing Street


Nuacht

Plean nua ag an rialtas chun fostaíocht a dhúbailt in earnáil chlosamhairc na hÉireann

Tá an tionscal ina bhfuil flúirse oibre cheana féin ar tí fás thar cuimse agus is gearr go mbeidh sé ar an tionscal is láidre in Éirinn.

Tar éis measúnú a rinne comhairleoirí idirnáisiúnta inar cinneadh go bhféadfadh Éire an líon atá fostaithe aici sa tionscal scannán, teilifíse agus beochana a dhúbailt taobh istigh de chúig bliana, sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. inniu Plean Gníomhaíochta Closamhairc úrnua ar fiú €200 milliún é.

Beidh an tionscnamh nua seo atá dírithe go fadtéarmach, le brath ar fud an tionscail go léir, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’uaillmhian an Rialtais cur ar chumas na hÉireann a bheith ina mol domhanda do léiriú scannán, drámaí agus beochan teilifíse – earnálacha ina bhfacthas fás thar cuimse in Éirinn le blianta beaga anuas agus a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta faighte acu.

Is fiú breis is €1 billiún do gheilleagar na hÉireann tionscal closamhairc agus beochana na hÉireann i láthair na huaire, agus tá sé de chumas ag an bplean nua seo, atá leagtha amach faoin gClár Éire Ildánach, ní hamháin líon na bhfostaithe lánaimseartha sa tionscal a mhéadú go dtí thart ar 24,000, ach a oll-luach a fhás freisin go dtí beagnach €1.4 billiún.

Idir mhaoiniú caipitil méadaithe d’earnáil na scannán agus síneadh ar fhaoiseamh cánach do rannán cluichí na hÉireann go dtí bearta margaíochta níos mó, forbairt scileanna gnó agus maoiniú sonrach do réimsí mar drámaí teilifíse nua Éireannacha, déanfaidh Grúpa Stiúrtha ardleibhéil buan maoirsiú ar na príomh-mholtaí sa tuarascáil, agus cinnteoidh sé go gcuirfidh na ranna ábhartha agus a gcuid gníomhaireachtaí na gníomhaíochtaí i gcrích.

Le sár-thionscal den scoth faoina bhfuil borradh cheana féin a chonaiceamar le déanaí le scannáin cosúil le Room, The Lobster agus The Breadwinner de chuid Cartoon Saloon agus chomh maith is a d’éirigh leo sin, tá an plean seolta ag tréimhse an-tráthúil d’fhorbairt leanúnach chruthaitheach na hÉireann.

Rinne Olsberg SPI i gcomhar le Nordicity an Measúnú Eacnamaíoch ar an Tionscal Closamhairc in Éirinn thar ceann na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, na Roinne Cumarsáide, Gníomh ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus na Roinne Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta.

Is féidir leat an tuarascáil a léamh agus an Plean Gníomhaíochta Closamhairc a fheiceáil anseo

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×