Skip to main content
Wexford


Nuacht

Plean Óige Chruthaitheach Nua Seolta

Plean chun Cumas Cruthaitheach gach Linbh agus Duine Óig a Chumasú.

Sheol an Taoiseach, Leo Varadkar, TD, mar aon leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD agus an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohue TD, plean cuimsitheach Éire Ildánach Óige Chruthaitheach inniu (7 Nollaig).

Leagtar amach in Óige Chruthaitheach, a seoladh i Scoil Náisiúnta Cailíní Naomh Laurence O’Toole, Plás Seville, bearta chun ceann de phríomhspriocanna Chlár Éire Ildánach, lena chinntiú go mbíonn rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, taithí agus rannpháirtíocht i gceol, i ndrámaíocht, in ealaín agus i gcódú faoi 2022, a sheachadadh. I gcroílár an phlean seo tá creideamh láidir gur cheart go mbeadh cruthaitheacht agus cultúr i lár an oideachais dár ndaoine óga ar fad. Cé go bhfuil raon an-leathan gníomhaíochtaí cultúrtha ar fáil faoi láthair do leanaí agus do dhaoine óga, tá sé mar aidhm leis an bplean cur leis an méid ata ann cheana mar aon le tionscadail agus tionscnaimh nua a fhorbairt san am céanna.

Na ceithre chuspóir straitéiseacha fadtéarmacha atá in Óige Chruthaitheach:

  • Comhoibriú idir cuir chuige foirmiúla agus neamhfhoirmiúla leis an gcruthaitheacht san oideachas a thacú;
  • An raon gníomhaíochtaí cruthaitheacha atá ar fáil dár ndaoine óga a bhreisiú;
  • An próiseas cruthaitheach a leabú trí chlár a fhorbairt a chuirfidh ar chumas múinteoirí cabhrú le daoine óga foghlaim agus scileanna agus cumais chruthaitheacha a chur i bhfeidhm;
  • Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do mhúinteoirí atá ag obair sna Luathbhlianta, agus i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna.

Tá roinnt gníomhartha tábhachtach do 2018-2019 ag baint leis an gcéad chéim forfheidhmithe den phlean cúig bliana. Áirítear orthu seo píolótú a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha, tionscnamh a thugann ealaíontóirí isteach sa seomra ranga; píolótú a dhéanamh ar Scéim Braislí Scoileanna Ildánacha chun tionscadail chruthaitheacha chultúrtha agus ealaíonta a chothú; cláir chruthaitheachta a fhorbairt do dhaoine óga i bpobail faoi mhíbhuntáiste; tionscadail CPD Luathbhlianta a fhorbairt agus tionscadail CPD bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna reatha a phríomhshruthú.

Tá sé mar aidhm ag an bplean freisin deiseanna níos mó a thabhairt isteach do dhaltaí chun códú agus smaointeoireacht ríomhaireachta a fhoghlaim; chun deiseanna a leathnú le bheith páirteach i ndrámaíocht/ dtéatar taobh amuigh den scoil agus chun straitéis a thabhairt isteach a fhorbraíonn agus a leathnaíonn amhránaíocht chórúil. Déanfar athdhearadh ar Chruinniú na Cásca a bhí ar siúl anuraidh agus a raibh an-tóir air agus forbrófar é mar Cruinniú – lá cruthaitheachta náisiúnta do leanaí agus daoine óga i gcomhairle leis na hÚdaráis Áitiúla. Bunófar Comhpháirtíochtaí Óige Cruthaitheacha Áitiúla ar bhonn píolótach freisin agus tacófar le gnéithe breise den Chairt um Ealaíona san Oideachas chomh maith.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Óige Chruthaitheach, léigh an plean ina iomláine anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×