Skip to main content
Creative Youth Plan 2023-2027 launch at National Gallery of Ireland


Nuacht

Plean Óige Ildánach nua 2023-2027 do leanaí agus do dhaoine óga

Scroll
min read

Plean Óige Ildánach nua 2023-2027 do leanaí agus do dhaoine óga

min read

28/03/23

Plean Óige Ildánach nua 2023-2027 do leanaí agus do dhaoine óga

Sheol an Rialtas Plean Óige Ildánach nua don tréimhse 2023-2027 inniu chun an chruthaitheacht a leabú tuilleadh i gcroílár shaol aos óg na hÉireann.

Ag cur leis an rath a bhí ar an gcéad Phlean Óige Ildánach 2017-2022, is é aidhm an Phlean nua seo níos mó deiseanna a chur ar fáil do gach duine idir 0 agus 24 bliana d’aois le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach i ngach gné dá saol. Thar sheacht gcuspóir straitéiseacha, cinnteoidh an Plean Óige Ildánach go leanfar ar aghaidh le guth lárnach a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga sa chinnteoireacht maidir lena chur i bhfeidhm agus tabharfar tús áite dóibh siúd nach gcloistear go minic agus a bhíonn faoi mhíbhuntáiste. Tacófar le cúramóirí, oideoirí, ealaíontóirí agus cleachtóirí cruthaitheacha chun lárnacht agus luach na cruthaitheachta ina saol a aithint.

  • Tá sé d’aidhm ag Plean Óige Ildánach 2023-2027 chun chur ar chumas leanaí agus daoine óga a bheith cruthaitheach, idir 0 go 24 bliana, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd nach gcloistear go minic agus a bhíonn faoi mhíbhuntáiste.
  • Faoin bPlean Óige Ildánach nua, cuirfear deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach ar fáil do na mílte leanaí agus daoine óga.
  • Leanúint ar aghaidh ag tabhairt guth lárnach do leanaí agus do dhaoine óga sa chinnteoireacht maidir lena chur i bhfeidhm.
  • Leanúint ar aghaidh le cláir a mbíonn tionchar acu ar dhaoine amhail na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach, Cruinniú na nÓg, Scoileanna Ildánacha, Braislí Cruthaitheacha agus BLAST.
  • Ciste Cothaithe Óige Ildánach nua €500,000 chun tacú le treoirthionscadail faoi stiúir an aosa óig a thugann tús áite do leanaí agus do dhaoine óga nach gcloistear go minic.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD, an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD seoladh Phlean Óige Ildánach nua 2023-2027 ag imeacht faoi stiúir an aosa óig a bhí ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar an 28 Márta 2023. Reáchtáladh díospóireacht phainéil ag an seoladh idir na hAirí agus ceathrar óga cruthaitheacha agus taispeánadh taibhiú ceoil ó Music Generation agus léiriú focal labhartha a eagraíodh trí Scoileanna Ildánacha.

Foróige Hub na nÓg | Óige Ildánach

Open Video

Ó 2017 i leith, bhí tionchar suntasach ag Óige Ildánach go náisiúnta, agus cuireadh na nithe seo a leanas ar fáil:

  • Tacaíocht do bhreis agus 2,000 scoil agus ionad Ógtheagmhála chun cur le heispéireas scoláirí trí réimse cláir chruthaitheacha ar nós Scoileanna Ildánacha, BLAST (Ealaíona Beo a Thabhairt chuig Daltaí agus Múinteoirí) agus Braislí Cruthaitheacha.
  • Rochtain ar chláir amhail scríbhneoireacht chruthaitheach, leathnú ar dhrámaíocht don aos óg agus teicneolaíocht chruthaitheach, beochan agus podchraoltóireacht san áireamh, sa phobal agus bunú 6 Chomhpháirtíocht Áitiúla Óige Ildánacha laistigh de 6 Bhord Oideachais agus Oiliúna.
  • Tacaíocht d’oideoirí chun cruthaitheacht a leabú ina gcleachtas teagaisc gairmiúil trí fhorbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil.
  • Cruinniú na nÓg, príomhlá náisiúnta na cruthaitheachta do leanaí agus do dhaoine óga, a chuir os cionn 2,800 imeacht ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an 31 údarás áitiúil ó 2018.
  • Leathnú ar Chomhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla Music Generation.

Faoin bPlean Óige Ildánach nua, déanfar tuilleadh forbartha ar na cláir sin, mar aon le deiseanna nua do na mílte leanaí agus daoine óga.

"Is é aidhm an Phlean nua seo níos mó deiseanna a chur ar fáil do gach duine idir 0 agus 24 bliana d'aois le haghaidh rannpháirtíocht chruthaitheach i ngach gné dá saol"

Agus í i mbun cainte ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Catherine Martin:

“Tá cruthaitheacht ó dhúchas ag leanaí agus ag daoine óga, agus forbraíonn siad trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus trí rudaí a aimsiú. Tá go leor de sin le feiceáil anseo inniu. Tá a fhios againn go bhfuil cumas gan teorainn sna daoine óga agus féachann Plean Óige Ildánach 2023-2027 leis an gcumas sin a fhorbairt agus a chothú, go háirithe ar bhealaí a thugann tús áite dóibh siúd nach mbíonn páirteach sa chruthaitheacht go minic. Faoin gcéad chéim eile seo d’Óige Ildánach, tá sceitimíní orm pleananna a fhógairt le haghaidh Threoirchiste Cothaithe Óige Ildánach nua atá le seoladh go luath. Trí chomhpháirtíochtaí ar féidir leo leanaí agus daoine óga nach gcloistear go minic a mhealladh, leithdháilfear €500,000 thar dhá bhliain chun tacú le tionscadail a dhear daoine óga agus chun measúnú a dhéanamh ar bhacainní féideartha ar rannpháirtíocht chruthaitheach. Táim ag tnúth freisin le tuilleadh comhoibriú tras-rialtais i réimsí amhail Luathfhoghlaim agus Cúram agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach.”

Déanfaidh an Ciste Cothaithe Óige Ildánach, agus tacaíocht aige ó Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, rannpháirtíocht chultúrtha, ealaíonta agus chruthaitheach a threorú do dhaoine óga. Agus €500,000 ar fáil thar dhá bhliain, féachann sé le tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar féidir leo teacht ar ghrúpaí ar leith de dhaoine óga nach gcloistear rómhinic, agus a chur ar a gcumas tionscnaimh chruthaitheacha nuálacha a fhorbairt.

Agus í ag freastal ar sheoladh an lae inniu, dúirt an tAire Norma Foley:

“Nuair a thugaim cuairt ar scoileanna mar Aire Oideachais, bím faoi dhraíocht i gcónaí nuair a fheicim an tionchar dearfach agus go deimhin cumhachtach atá ag na healaíona agus ag an gcruthaitheacht ar phobail na scoileanna.  Creidim go láidir go gcuidíonn rochtain leanúnach ar thimpeallacht bhríomhar ealaíon leis na daltaí a gcuid scileanna smaointeoireachta criticiúla agus cruthaitheachta a fhorbairt. Nuair a bhíonn teacht acu ar na healaíona, feicimid freisin go mbíonn méadú ar fhorbairt phearsanta, ar chomhbhá agus ar an gcumas dul i mbun comhoibriú leis na leanaí agus daoine óga. I mbeagán focal spreagtar spás don oideachas taobh amuigh den churaclam traidisiúnta, áit a dtugtar brionglóidí chun fíre agus a spreagtar uaillmhian gan teorainn. Táim tiomanta do chúnamh a thabhairt lena chinntiú go mbeidh teacht ar na healaíona san oideachas mar go bhfuil sé thar a bheith fiúntach do mhúinteoirí, ealaíontóirí agus do phobail na scoileanna agus chomh maith leis sin cuireann sé go mór le saol na ndaltaí.

Leis an bplean seo, Óige Ildánach 2023-2027, leanfaidh muid orainn leis na hiarrachtaí atá ar bun againn chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár an oideachais in Éirinn. Áireofar orthu sin cláir faoi stiúir na Roinne Oideachais amhail BLAST, Braislí Cruthaitheachta agus Óige Ildánach Áitiúil.

Sheol muid an tseachtain seo caite an próiseas iarratais do na cláir BLAST agus Braislí Cruthaitheachta don scoilbhliain atá ag teacht. Tá siad sin oscailte do scoileanna ar fud na tíre. Ina theannta sin, cuirfidh muid tuilleadh leis na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach agus muid i mbun comhoibriú ar fud an Rialtais.”

Ag an seoladh inniu, dúirt an tAire Roderic O’Gorman:

“Coinníonn an Plean Óige Ildánach nua guth páistí, leanaí agus daoine óga i gcroílár phleanáil agus sheachadadh na dtionscnamh cruthaitheach uile. Ní hamháin go bhforbraítear a gcruthaitheacht trí chláir spéisiúla agus nuálacha éagsúla, tugtar cumhacht dóibh a dtuairimí a chur in iúl nuair a bhíonn cláir á ndearadh agus á meas. Tá an-áthas orm go gcuirfidh mo Roinn féin maoiniú ar fáil do Chomhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach eile, agus go gcuirfear le hacmhainneacht gach linbh agus duine óg chun taithí a fháil ar chlár cruthaitheach agus páirt a ghlacadh i gcinntí maidir le conas, cén áit agus cad é a sheachadtar dóibh. Tá áthas orm a rá freisin go bhfuil comhairliúchán ar na Dréachtphrionsabail a foilsíodh le déanaí maidir le Rannpháirtíocht sna hEalaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram ar bun agus tá muid ag obair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon chun Ealaíona sa Luathfhoghlaim agus Cúram agus scéim Cúraim Leanaí in Aois Scoile a chur ar fáil ar bhonn píolótach, rud atá mar bhonn agus mar thaca faoin gCreat Náisiúnta do Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga sa Chinnteoireacht..”

Dúirt an tAire Simon Harris:

“Tá an-tábhacht le scileanna cruthaitheachta do dhaoine óga, go háirithe dóibh siúd a bhfuil suim acu gairm bheatha a bhaint amach sna tionscail chruthaitheachta. Tá gá le tras-scileanna a bhaineann le cruthaitheacht, amhail smaointeoireacht chriticiúil, scríbhneoireacht chruthaitheach, smaointeoireacht deartha, fiosracht, diongbháilteacht, teacht aniar, samhlaíocht, gníomhú, agus comhoibriú chun maireachtáil sa lá atá inniu ann. Cinntíonn mo Roinn féin go bhfuil scileanna cruthaitheachta mar chuid lárnach de chláir bhreisoideachais agus ardoideachais, lena n-áirítear printíseachtaí. Agus trí Phlean Óige Ildánach 2023-2027, geallaim go gcothófar na scileanna sin tuilleadh. Is cúis áthais dom a lua gurb é ceann de na príomhthosaíochtaí atá agam don chéad chéim forfheidhmithe an Phlean nua sin breathnú ar an gcuma ba cheart a bheith ar champas ildánach sa bhreisoideachas agus san ardoideachas.”

Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon Maureen Kennelly:

“Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon dul i gcomhpháirtíocht lenár gcomhghleacaithe ar fud an rialtais chun plean uaillmhianach Óige Ildánach a sheachadadh le haghaidh 2023-27. Tháinig méadú suntasach ar an infheistíocht a rinne an Chomhairle Ealaíon in ealaíona leanaí agus daoine óga mar chuid dár straitéis deich mbliana.

Tá an-áthas orainn leanúint ar aghaidh ag treorú Scoileanna Ildánacha. Ó bunaíodh iad in 2018, chuir Scoileanna Ildánacha ar chumas leanaí agus daoine óga a bheith cruthaitheach agus éistear leo, tugtar aird dóibh agus cuirtear a gcuid smaointe i ngníomh sna scoileanna. Cuirfimid leis an leathnú a rinneadh le déanaí ar chlár na scoileanna i suíomhanna eile amhail campas coinneála Bhaile an Oibricigh a ligeann dúinn leanúint lenár gcuid oibre chun na healaíona in Éirinn a éagsúlú. Chomh maith leis sin, tá comhpháirtíocht nua á cur ar bun againn chun tacú leis na healaíona sa luathfhoghlaim agus sa chúram agus i gcúram leanaí in aois scoile lenár gcomhghleacaithe ar fud na Ranna ábhartha agus iad a chur chun cinn. Trí oibriú le chéile, is féidir leis seo a bheith an-tairbheach do leanaí agus do dhaoine óga, agus cinnteofar go bhfuil na healaíona agus an chruthaitheacht mar chroílár i saol leanaí.”

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Óige Ildánach, téigh chuig anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×