Skip to main content


Nuacht

Reading the Local Landscape

Tionscadal láidir faoi scáth Éire Ildánach i gContae an Chláir is ea “Reading the Local Landscape”. Eagraítear an cúrsa oiliúna seo, a bhfuil an-rath air, san oidhreacht áitiúil i gcomhar idir Comhairle Chontae an Chláir agus Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir (BOOLC) agus rinneadh páirtmhaoiniú air sa bhliain 2018 agus sa bhliain 2019 faoin gclár Éire Ildánach i gContae an Chláir.

Leagtar béim ar rannpháirtíocht dhaoine a fhágann an scoil roimh cheann cúrsa, ar lucht aighneachta an phobail agus ar dhaoine den phobal atá an-tugtha do chúrsaí oidhreachta.  Faoin tráth seo, tá ceithre áit inar eagraíodh an cúrsa – an Scairbh, Sráid na Cathrach, Cill Rois agus Cill Dalua.  Tugtar buneolas san áireamh ar an ngeolaíocht, ar an mbithéagsúlacht, ar an oidhreacht nádúrtha, ar an tseandálaíocht agus ar an ailtireacht agus tá d’aidhm leis an gcúrsa go mbeadh ar chumas na rannpháirtithe tograí oidhreachta bunaithe ar a gceantar áitiúil féin a fhorbairt.  Zena Hoctor a rinne an cúrsa a leagan amach agus a chur i láthair le meitheal saineolaithe ar na réimsí éagsúla.

Tá baill foirne de chuid Chomhairle Chontae an Chláir le háireamh ar na saineolaithe sin agus áisitheoireacht ar siúl acu maidir le turais agus cainteanna, e.g. Éamon Doyle, geolaí Chomhairle Chontae an Chláir, Ionad Leabharlann Contae an Chláir maidir le Léann Áitiúil, an brainse Comhshaoil agus an tOifigeach Caomhnúcháin.

Bíonn tairbhe leathanréimseach ón gcúrsa seo ag na rannpháirtithe agus ag an bpobal.  Tá curtha ag na grúpaí lena gcuid scileanna agus iad díograiseach maidir le torthaí an chúrsa a chur ar fáil don phobal i gcoitinne.  Tá leas as an tionscnamh freisin ag na rannpháirtithe atá faoi oiliúint mar chuid den tionscnamh iCAN (Craobhchóras Chartlanna Pobail na hÉireann) le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae an Chláir.  Cuireann an oiliúint idirlín sin ar chumas phobal áite stair agus oidhreacht na háite a chur i láthair trí chlár céimiúil oiliúna agus meantóireachta.  Cuirtear ardán maidir leis an gcúrsa “Reading the Local Landscape” ar fáil ar roinn Oidhreacht an Chláir de láithreán gréasáin iCAN.  Tugadh cúnamh taca maidir le tionscnamh iCAN trí chistíocht a chur ar fáil faoi chlár Éire Ildánach an Chláir agus tá cúig cinn de ghrúpaí oidhreachta pobail i mbun leathanaigh gréasáin dá gcuid féin a chruthú ar an tairseach sin.  Foghlaimíonn na rannpháirtithe le scríobh don idirlíon, athbhreithniú agus athdhréachtú a dhéanamh ar ábhar, cáipéisí agus íomhánna a scanadh agus ábhar, mar shampla físeáin agus scáth-thurais ar shuíomhanna tábhachtacha, a chur suas ar an láithreán.

Tá comhordú á dhéanamh ar an gcúrsa ag Congella McGuire, an tOifigeach Oidhreachta i gComhairle Chontae an Chláir agus comhalta de chuid Mheitheal Cultúir na Comhairle agus Margot Walsh ó BOOLC.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×