Skip to main content


Nuacht

Athchruthú na Cruthaitheachta - Tréimhsí Cónaitheachta d'Ealaíontóirí faoi Chríonna Ildánach

Scroll
4 min read

Athchruthú na Cruthaitheachta - Tréimhsí Cónaitheachta d'Ealaíontóirí faoi Chríonna Ildánach

4 min read

22/07/20

Athchruthú na Cruthaitheachta - Tréimhsí Cónaitheachta d'Ealaíontóirí faoi Chríonna Ildánach

I rith na bliana 2019, leathnaíodh leis an tionscnamh do Thréimhse Cónaitheachta ag Ealaíontóirí in Ionaid Cúraim faoi Chríonna Ildánach le cúnamh ón gCiste Náisiúnta Cruthaitheachta faoin gclár Éire Ildánach, ó Chrannchur Eagraíochtaí Chúram Sláinte Pobail FSS agus ón gComhairle Ealaíon. Leis an tionscnamh seo, tugadh le chéile seisear ealaíontóirí agus daoine i sé cinn d'ionaid cúraim ar fud na tíre.

D’iarr an clár Éire Ildánach ar roinnt de na daoine a bhí páirteach in obair an togra seo smaoineamh a dhéanamh ar an togra féin agus ar a raibh foghlamtha acu.  Tá ábhar léargais sna tuairimí a cuireadh ar fáil agus ábhar machnaimh.

“Is é an trua é ach fuair duine de na seandaoine bás a raibh mise ag obair go dlúth i seisiúin aonair léi.  Bhíodh sí an-chairdiúil le roinnt de na daoine eile a mbím ag obair leo agus bhí an-chumha orthu ina diaidh.  Bhí seisiún cuimhneacháin an-deas againn agus mapa gearradh líonóile de cheann de na bailte beaga in aice láthair in úsáid againn a cuireadh le chéile d’fhonn cuimhní cinn a spreagadh sa chaoi gur thosaigh daoine ar scéalta breátha faoin gcara a bhí imithe uainn agus faoi shean-nósanna na tuaithe a bhabhtáil lena chéile.

D’inis duine amháin faoi na nósanna a bhain le bualadh an choirce agus faoin bhféasta agus an damhsa a bhíodh acu ag ceiliúradh an fhómhair nuair a thagadh deireadh le séasúr na hoibre. Ba léir go raibh dea-thoradh ag an gcaint agus ag na scéalta ar dhaoine sa ghrúpa agus gur chuidigh sé le roinnt den chumha a bhí orthu an lá sin a bhogadh.

Feictear dom gur maith an léiriú seo ar an leas breise a bhíonn as obair ealaíne seachas saothar deas a chruthú le crochadh ar an mballa. Thug daoine den fhoireann faoi deara freisin an caidreamh dlúth a bhí cothaithe i rith na seisiúin cruthaitheachta idir mé féin agus an bhean a cailleadh agus dúirt duine amháin gurbh iontach an rud go deis aici freastal orthu i rith na seachtainí deireannacha dá saol.”

An Ráithín

Age and Opportunity - Artist Residencies in Care Settings

Open Video

Luaigh na daoine scothaosta a ghlac páirt sna ceardlanna gur mór a thaitin leo an nuacht a bhain leis na gníomhartha dóibh chomh maith leis an éiginnteacht agus an éagsúlacht a ghabhann le bearta cruthaitheachta.  Thug an fhoireann cúraim faoi deara gur tháinig muinín agus misneach chun cinn iontu, gur bhain siad an-taitneamh as an gcaidreamh leis na healaíontóirí agus gur mhór acu an deis iad féin a chur in iúl.  Bhí tábhacht mhór ag na daoine seo atá ag dul in aois leis an gcaint agus an comhrá a chothaigh na healaíontóirí.  Rinne siad cíoradh leis na healaíontóirí ar scéal a mbeatha, d’aithris siad dánta agus dúirt siad amhráin.

Le himeacht aimsire, d’airigh roinnt de na daoine aosta go raibh dul chun cinn suntasach á dhéanamh acu agus d’eascair as sin misneach agus muinín as a gcumas féin. Dúirt roinnt acu gur spreagadh an t-iontas arís ina saol agus dúirt daoine eile a thug seo faoi deara orthu go raibh siad mar a bheidís ar ais i laethanta a n-óige, gur mhór an tairbhe a bhí á bhaint acu as an obair, go raibh siad beo múscailte seachas mar a bhíodh.

Chonacthas meangadh gáire ar na rannpháirtithe, iad ag cur spéise ina raibh ar bun, taitneamh á bhaint acu as rudaí nua a mhothú agus caidreamh ar siúl acu ar bhealaí nár ghnách leis an lucht cúraim ná le daoine muinteartha dá gcuid a fheiceáil le fada.  Luaigh siadsan go raibh feabhas ar an tsláinte meabhrach agus cognaíochta le tabhairt faoi deara ar na daoine a ghlac páirt sna tograí cruthaitheachta.

Chonacthas don lucht foirne sna hionaid éagsúla  go raibh an mianach cruthaitheachta a bhí iontu á thapú ag na daoine aosta, daoine ina measc nárbh fhurasta caidreamh a chothú leo roimhe sin agus nach gcuireadh spéis i mbearta de chineálacha eile san ionad.

De réir mar a leanadh leis an gclár, bhí tuairim éagsúil ag an lucht cúraim de na seandaoine seo a bhí faoina gcúram agus bhain siad féin leas as an gcaidreamh i rith na dtograí ealaíne chun aithne níos fearr a chur orthu. De réir mar a bhí na tionscadail cruthaitheachta ar siúl, tuigeadh dóibh gur mó atá i gceist le healaín ná pictiúr deas nó earra eile a chruthú agus gurb é an cur in iúl is bunúsaí ar fad ina leith.  Chonacthas dóibh an fiúntas a bhaineann le ham astu féin ag ealaíontóir agus duine scothaosta agus chuir siad rompu caidreamh a chothú idir iad féin agus na daoine críonna ar an gcuma chéanna.  Dúirt duine amháin, ‘Chonacthas lucht an ionaid ag cruthú i bhfad níos fearr ná mar a bheadh tnúth againn féin leis.  Ní bhíonn am againne – níl an scil againn ná na hacmhainní – a leithéid seo a dhéanamh agus is é an t-am agus an caidreamh dáiríre a bhun agus a bharr.

Is breá le hÉire Ildánach agus le Críonna Ildánach a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an dara babhta de thréimhsí cónaitheachta i mí Eanáir 2021 le béim ar an damhsa agus ar bheartaíocht cultúir i réimsí na hoirfidíochta.  Fógrófar gairm scoile go gairid maidir le healaíontóirí a mbeadh fonn orthu páirt a ghlacadh ann.

Is féidir níos mó eolais faoi na Tréimhsí Cónaitheachta faoin scéim Críonna Ildánach 2019-2020 a léamh ach cliceáil anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×