Skip to main content


Nuacht

Bhuaigh Samhlú an duais don chlár bunaidh is fearr in 2020 as craoltóirí réigiúnacha uile na hEorpa

Scroll
3 min read

Bhuaigh Samhlú an duais don chlár bunaidh is fearr in 2020 as craoltóirí réigiúnacha uile na hEorpa

3 min read

4/05/21

Bhuaigh Samhlú an duais don chlár bunaidh is fearr in 2020 as craoltóirí réigiúnacha uile na hEorpa

Tá Samhlú, clár ar thug Éire Ildánach maoiniú do TG4 lena dhéanamh le linn na dianghlasála agus a thaispeánann go leor obair chruthaitheach sa bhaile le linn 2020, tar éis duais mór de chuid na hEorpa a bhuachan @ CIRCOM - gradaim Chumann Eorpach na Teilifíse Réigiúnaí.

Bhuaigh sé an gradam do ‘An clár is nuaí agus is nuálaí’ agus an ceann is fearr faighte aige ar chraoltóirí atá i bhfad níos mó ná é dála an BBC agus na craoltóirí Nordacha.

Dúirt an tAire Catherine Martin: “Comhghairdeas ó chroí le TG4 agus le Fíbín Media i gConamara. Is éacht iontach é an gradam le haghaidh an clár is nuaí agus is nuálaí a bhuachan i gcoinne craoltóirí réigiúnacha atá i bhfad níos mó.

Tá an-mheas againn ar fad ar Shúil Eile TG4. Tá lúcháir orm gur mhaoinigh mé an clár Samhlú. Bhí sé mar mhian againn na cleachtais chruthaitheacha neamhghnácha, ar éirigh chomh maith sin leo in ainneoin COVID, a thaispeáint. Chuige sin bhí 126 ealaíontóir le feiceáil ó gach cearn d’Éirinn, lena n-áirítear ceol nuachumtha ón gcumadóir Bill Whelan. Is mór an t-ómós atá tuillte freisin ag an bpobal léiriúcháin neamhspleách san iarthar”

“Bhí ról dochreidte ag cláir ar nós Samhlú mar a bhain leis na daoine a choinneáil dóchasach agus an náisiún a spreagadh. Toisc go bhfuil Conamara, i bpobal na Gaeltachta, i gcroílár an oiread sin den chruthaitheacht agus den nuálaíocht, tá an gradam seo thar a bheith cuí agus taispeánann sé cultúr na hÉireann don domhan ar fad. Nuair a smaoiníonn tú go bhfuair an clár an bua ar léiriúcháin ó chuid de na craoltóirí is mó san Eoraip, is léiriú breise é ar an obair dhochreidte a cuireadh isteach chun Samhlú a dhéanamh,” a dúirt an tAire Jack Chambers.

Cad é Samhlú?

Taispeántas ilghnéitheach den chultúir agus den chruthaitheachta ab ea Samhlú, a craoladh ar TG4 ar an 15 Nollaig 2020.

Bhí léirithe ann ó Shane Hennessey, Moxie, Slow Moving Clouds, Julie Feeney, Morgan Bullock, David Geaney, Rónán Ó Snodaigh, Varo agus Catherine Young Dance. Taispeánadh ar ‘Samhlú’ saothar nua bunaidh de chuid Bill Whelan, cumadóir Riverdance, den chéad uair le linn an chraolta.

Bhí sé ghearrscannán fite fuaite leis an gclár ina bhfacthas ealaíontóirí Waterford Walls, Modern Day Mummers as Contae Liatroma, Catherine Young Dance, agus na gearrscannáin LackeenFiach agus An Irish Goodbye. Rinneadh an scannánú in aon sheachtain amháin i gCloch na Rón, Gaillimh agus fostaíodh 106 de lucht déanta scannán agus bhí saothair le os cionn 126 ealaíontóir ann.

Féach thíos an obair ar chúl an stáitse ar Samhlú nó féach ar an gcraoladh iomlán ar TG4 anseo.

 

 

Samhlú: Behind the Scenes

Open Video

Stay up to date

×