Skip to main content


Nuacht

Seolann an tAire Martin Cruinniú na nÓg 2021 – lá de ghníomhaíocht chruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga, Dé Sathairn, 12 Meitheamh 2021

Scroll
3 min read

Seolann an tAire Martin Cruinniú na nÓg 2021 – lá de ghníomhaíocht chruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga, Dé Sathairn, 12 Meitheamh 2021

3 min read

4/05/21

Seolann an tAire Martin Cruinniú na nÓg 2021 – lá de ghníomhaíocht chruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga, Dé Sathairn, 12 Meitheamh 2021

D’fhógair Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sonraí Chruinniú na nÓg 2021, lá de ghníomhaíocht chruthaitheach do pháistí agus do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois. Comhfhiontar idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Clár Éire Ildánach, údaráis áitiúla agus RTÉ atá i gCruinniú na nÓg 2021 agus is é an t-aon imeacht den chineál seo ar domhan.

Agus Cruinniú na nÓg 2021 á fhógairt aici, dúirt an tAire Martin: 

“Le 3 bliana anuas, tá Cruinniú na nÓg mar phríomh-imeacht i bhféilire cultúrtha na hÉireann. Cuireann sé deiseanna ar fáil do 1.2 milliún páiste agus duine óg a bheith fiosrach, nuálach agus barr a gcumais chruthaithigh a bhaint amach. Cuirtear béim ar an rannpháirtíocht agus as triail a bhaint as rud éigin nua cosúil le cniotáil, drumadóireacht, beochan a dhéanamh, damhsa comhaimseartha agus i bhfad níos mó. Tá gach imeacht saor in aisce agus ar fáil ar líne. 

 Ag an am seo anuraidh, bhí orainn imeachtaí Chruinniú na nÓg a aistriú ar líne, ach ba é an Cruinniú ba rathúla a bhí againn riamh agus ghlac na céadta míle duine óg ar fud na cruinne páirt sa lá náisiúnta chun ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht na hóige. I mbliana táimid ag súil leis an leibhéal céanna fuadar idirnáisiúnta le tionscadail nua iontacha.”

 Ag tógáil ar rath 2020, tá foirne Cultúir agus Cruthaitheachta Éire Ildánach tar éis na céadta imeacht a phleanáil cheana féin in údaráis áitiúla ar fud na tíre. Tá ról an-tábhachtach ag na foirne seo chun Cruinniú na nÓg a reáchtáil go rathúil mar deartar a gcuid imeachtaí chun dul i ngleic le riachtanais páistí agus daoine óga áitiúla. I mbliana feicfimid imeachtaí ar nós Monarcha Sorcais i gCarraig Uí Leighin i gcontae Chorcaí, ceardlann bheo idirghníomhach Éadaí Athchúrsáilte i gcontae Lú agus tabharfaidh Zú Bhaile Átha Cliath cuireadh do dhaoine óga féachaint ar dhomhan iontach na n-ainmhithe gan cnámha droma!

Mar thoradh ar na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair, d’fhorbair Clár Éire Ildánach agus a chuid comhpháirtithe roinnt treoracha chun gnímh atá cruthaitheach, cultúrtha agus idirghníomhach a d’fhéadfadh páistí, daoine óga agus teaghlaigh a chruthú ina mbailte agus ina ngáirdíní féin Dé Sathairn, an 12 Meitheamh.

Tá na himeachtaí seo a leanas ina measc:

Cniotáil ar fud na tíre: Airfield Estate i nDún Droma 400 pacáiste olla chuig cniotálaithe óga timpeall na tíre. Beidh olann sna pacáistí seo ó thréad Iácóib de chuid Airfield. Tá sé mar aidhm ag Airfield spéis sa cheardaíocht, san inbhuanaitheacht agus sa chruthaitheacht a spreagadh i measc óige na hÉireann.

Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí Ag obair le Gráinne Fordham ó Cartoon Saloon, foghlaimeoidh páistí agus daoine óga scannánaíocht nua agus na scileanna beochana is déanaí i sraith ceardlann ar líne. Tugtar cuireadh do pháistí agus do dhaoine óga teacht chuig féile na bliana seo saor in aisce. Beidh saothar scannánóirí óga na hÉireann le feiceáil san fhéile chomh maith.

Is tionscadal é Garageland a thugann seans do bhannaí ceoil Éireannacha ceol a sheinm ar Garageland Youth TV, cainéal tiomnaithe teilifíse ar líne deartha chun na deiseanna céanna a thabhairt do cheoltóirí óga is a fhaigheann a bpiaraí níos sine. Tá RTÉ 2XM bródúil as tacú le Garageland.

Is tionsacadal Dhamhsa Éireann é Let’s Dance a thacaíonn le compántais damhsa óige ar fud na tíre, agus a dhéanann teagmháil le grúpaí ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi dhamhsa in Éirinn, ach atá deacair a shroicheadh. Beidh foireann chruthaitheach a bhfuil taithí aici ann, cóiréagrafaí gairmiúil, léiritheoir digiteach agus comhordaitheoir tiomnaithe san áireamh chun acmhainní ar líne a sholáthar atá dírithe ar spéis daoine óga sa damhsa a spreagadh.

Cuirfidh Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, Imagine-Orchestra i láthair. Ba mhaith leis an gCeol-Acadamh an churiarracht dhomhanda a shárú don cheolfhoireann óige ar líne is mó riamh. Níl aon uirlisí ceoil nó oiliúint fhoirmiúil ag teastáil! Tabharfaidh Imagine-Orchestra rochtain do pháistí ar acmhainní digiteacha ina ndéantar iniúchadh ar chruthú ceoil agus fuaime, trí uirlisí, tríd an gcorp, agus trí earraí atá timpeall an tí.

Céilí Cistine – D’fhéadfadh céilí cistine tarlú in aon áit ar domhan agus gach cultúr agus traidisiún a chuimsiú. Tar éis an ratha a bhí ar chéilí na bliana seo caite, tabharfaidh Áirc Damhsa sraith Ceardlanna Meithle – ina nglacfaidh daoine óga, grúpaí óige agus scoileanna páirt i gclár leagtha amach thar na ceithre seachtaine roimh Chruinniú na nÓg.

Buail do Dhroma – Ag obair leis an drumadóir Brian Flemming, reáchtálfaidh Ionad Ealaíon an Ghlóir, Clár Éire Ildánach agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha clár drumadóireachta idirnáisiúnta a thosóidh in Éirinn leis an mbodhrán agus a thaistealóidh ar fud na cruinne ag baint úsáide as drumaí dúchasacha na hAfraice, na hÁise, Mheiriceá agus na hEorpa.

Reáchtálfaidh TG4, le tacaíocht ó Rannán Gaeltachta na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, sraith speisialta tionscadail Ghaeilge, gnéchláir shaincheaptha faoi thionscadail náisiúnta Chruinniú na nÓg 2021 san áireamh. Léireoidh Cruthaím tallanna 33 páiste agus duine óg ó gach contae sa tír mar aon le hionadaí ar dhiaspóra óg na hÉireann, agus déanfaidh an scríbhneoir a bhfuil duaiseanna buaite aige, Philip Doherty, ceiliúradh ar an lá le Síscéal Dheibeanna TikTok.

Cuireann Éire Ildánach tacaíochtaí agus acmhainní ar líne ar fáil i gcomhar le Airfield Trust, Féile Scannán an Aonaigh do Pháistí, Garageland, Damhsa Éireann, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, Damhsa Áirc, Glór agus RTÉ chun deis a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga úsáid a bhaint as a gcuid cruthaitheachta.

Tá níos mó sonraí agus acmhainní ar fáil ó shuíomh gréasáin Éire Ildánach agus ó ardáin RTÉ, féach ar www.creativeireland.gov.ie agus www.rte.ie.

Ina theannta sin, reáchtálfaidh údaráis áitiúla réimse gníomhaíochtaí agus imeachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha ar líne do Chruinniú na nÓg – beidh na sonraí go léir ar fáil ar  www.cruinniu.creativeireland.gov.ie.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×