Skip to main content


Nuacht

Seoltar plean d’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití in Éirinn amach anseo

Scroll
min read

Seoltar plean d’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití in Éirinn amach anseo

min read

16/01/24

Seoltar plean d’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití in Éirinn amach anseo

Inniu sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM) Catherine Martin T.D., an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF), Simon Coveney T.D., agus an tAire Stáit do Chúrsaí Digiteacha, Dara Calleary T.D., Plean do na hEarnálacha Cruthaitheachta Digití in Éirinn.

D’fhorbair lucht chlár Éire Ildánach an plean laistigh den RTCEGSM agus RFTF an plean, ina dtugtar freagra ar ghealltanas a thugtar i gClár an Rialtais chun iarracht a dhéanamh leas a bhaint as acmhainneacht shoiléir na n-earnálacha seo maidir le fostaíocht inbhuanaithe agus acmhainneach, fás onnmhairithe agus forbairt réigiúnach.

Díreofar sa phlean ar thrí earnáil i dtionscail na cruthaitheachta digití:

  • Earnálacha dearaidh tráchtála (lena n-áirítear dearadh tionsclaíoch, dearadh táirgí, cumarsáid amhairc, Ui/Ux agus dearadh idirghníomhaíochta, dearadh seirbhíse agus dearadh straitéiseach.
  • Cluichí Digiteacha
  • Cruthú ábhair (lena n-áirítear fógraíocht agus brandáil, ábhar tráchtála do na meáin shóisialta, ábhar ilmheán d’fheidhmchláir shoghluaiste agus ábhar do thumteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

 

Ag labhairt faoi sheoladh Phlean do’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití, dúirt an tAire Catherine Martin:

 

Feictear ar fud na hEorpa go spreagann na hearnálacha cruthaitheachta an t-aistriú digiteach agus glas, feidhmeanna nua teicneolaíochta trí chomhchruthú agus nuálaíocht bunaithe ar ealaín ar mhaithe le hiomaíochas na hÉireann sa gheilleagar amach anseo. Is múnla é rath an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc don earnáil scannán atáimid ag iarraidh aithris a dhéanamh air anseo. Oibreoidh mo Roinnse i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun cur i bhfeidhm a threorú, a mbeidh baint lárnach ag an tionscal leis trí Fhóram Earnálacha na Cruthaitheachta Digití. Chun obair an Fhóraim seo a chumasú, tugaim gealltanas  €410,000 a infheistiú i gcroímhaoiniú chun cumas ionadaíoch a thógáil in Institiúid na nDearthóirí in Éirinn (IDÉ) agus in Eirmersive go dtí deireadh na bliana seo chugainn. Cuirtear tacaíocht ar fáil do IMIRT trí Fhís Éireann, gníomhaireacht de chuid mo Roinne, chomh maith. 

 

Dúirt Simoney Coveney, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta:

 

Tá deiseanna iontacha d’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití in Éirinn. Léiríonn taighde a choimisiúnaigh Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann (CDCÉ) go bhfuil an poitéinseal ag an bhfostaíocht in earnálacha dearaidh 20,000 post a chruthú idir 2020 agus 2026, le fás féideartha €1.4bn olltáirgeacht intíre thar an achar ama céanna. Mar sin féin, is micreaghnóthaí iad go leor cuideachtaí sna hearnálacha sprice agus d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach dóibh rochtain a fháil ar thacaíochtaí fiontraíochta, infheistíocht agus scileanna a bhíonn ag teastáil. Cé gur aithníodh tábhacht earnálacha na cruthaitheachta digití cheana féin i ngníomhartha ar fud na fiontraíochta agus an bheartais forbartha réigiúnaí, soláthrófar sa Phlean seo an creat straitéiseach agus an cur chuige comhoibríoch is gá chun acmhainneacht na n-earnálacha spriocdhírithe a bhaint amach chun nuálaíocht, fás acmhainneach agus poist inbhuanaithe a bhrú chun cinn sa gheilleagar amach anseo.

 

Dúirt an tAire Coveney chomh maith:

 

Aithnítear an tábhacht a bhaineann le dearadh do gheilleagar na hÉireann sa ghealltanas reatha d’Ionad Náisiúnta Dearaidh faoi Thionscadal Éireann 2040 agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027. Tríd an bPlean seo déanfaidh mo Roinnse dul chun cinn ar fhorbairt an Ionaid Dearaidh Náisiúnta atá beartaithe chun cabhrú le nuálaíocht mhargadh-threoraithe i bhfiontair atá lonnaithe in Éirinn chun díolacháin idirnáisiúnta a mhéadú. Beidh sé ina phríomhghníomh cumasaithe straitéiseach don Phlean seo.

Ag fáiltiú roimh an bplean, dúirt an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Dara Calleary TD:

 

Tá sé mar aidhm ag an bplean do na hEarnálacha Cruthaitheachta Digití creatlach a leagan amach inar féidir le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí fiontraíochta comhoibriú le hearnálacha cruthaitheachta digiteacha i mbealach daingean agus comhtháite. Éascóidh an Fóram Earnálacha idirphlé agus comhoibriú idir na forais stáit chun tacú leis an earnáil, dúshláin a aithint agus deiseanna a thapú, mar a tharlaíonn siad le linn dul chun chin digití. Tá Fiontar Éireann agus na hOifigí Áitiúla Fiontair ag obair le comhlachtaí san earnáil cruthaitheachta digití cheana féin, agus leanfar leis an dtacaíocht seo chun buntáistí digiteacha a bhaint agus forbairt agus fás a dhéanamh i margaí idirnáisiúnta

 

Le cur i bhfeidhm in 2024 díreofar ar na réimsí ríthábhachtacha seo a leanas: bailiú sonraí, rochtain ar thacaíochtaí fiontraíochta agus deiseanna margaidh agus an bhuíon scileanna a fhorbairt.

 

Bunófar Fóram Earnálacha na Cruthaitheachta Digití ina n-oibreoidh grúpaí ionadaíocha earnála go dlúth leis an RTCEGSM agus RFTF, in éineacht leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta & Eolaíochta agus Forbairt Tuaithe agus Pobail. Glacfaidh Gníomhaireachtaí Stáit cosúil le Fiontraíocht Éireann, Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann agus Fís Éireann páirt ann freisin. Ag tuairisciú do Ghrúpa Forfheidhmithe faoi chomhchathaoirleacht an RTCEGSM agus RFTF, soláthrófar san Fhóram comhéadan ríthábhachtach idir an Rialtas agus comhlachtaí ionadaíocha an tionscail chun acmhainneacht Earnálacha na Cruthaitheachta Digití do gheilleagar na hÉireann a bhaint amach.

 

Chun an Plean d’Earnálacha na Cruthaitheachta Digití a íoslódáil, téigh chuig

Foilseacháin

 

 

 

Stay up to date

×