Skip to main content


Nuacht

Shoptalk

I siopa ar an tSráid Mhór i gCora Droma Rúisc. Thug oifig Oidhreacht Liatroma i gcomhar le hÉire Ildánach agus leis an ealaíontóir Vanya Lambrecht Ward cuireadh don phobal teacht agus labhairt faoi chúrsaí oidhreachta i rith sheachtain na hOidhreachta.

Baineadh úsáid as an siopa sealadach seo mar áit taispeántais, leabharlann agus spás gníomhaíochta chomh maith lena úsáid mar áit chruinnithe chun scéalta a bhailiú agus a roinnt agus le cainteanna a thionóil maidir leis an luach atá le siopaí Liatroma agus aghaidheanna na siopaí sin.

Thionóil SHOPTALK caint phoiblí an 21 Lúnasa. Rinne an painéal saineolaithe a raibh cuireadh faighte acu freastal ar an ócáid, Alison Harvey (An Chomhairle Oidhreachta), an Dr Arthur Parkinson (UCD), Fintan Duffy (RTÉ) agus bean an tí Carole Coleman (RTÉ) gnéithe a bhain leis na hábhair a bhí á bplé chomh maith le gnéithe a bhain le pleanáil agus leis an oidhreacht chultúir a phlé. Tugadh cuireadh don phobal teacht agus scéalta agus smaointí a roinnt, triail a bhaint as sínscríbhneoireacht nó dearadh tíleanna nó eolas a lorg sa leabharlann a coimeádadh go speisialta a bhí againn.

Le linn na coicíse sin i mí Lúnasa, chuir Shoptalk fáilte roimh réimse leathan de chuairteoirí. Tháinig comharsana, lucht siopaí eile (ón am atá caite agus ón am i láthair) cuairteoirí sheachtain na hoidhreachta, turasóirí, daoine a bhí ag dul thar bráid a bhí fiosrach faoin siopa, teaghlaigh, leanaí, comhghleacaithe agus cóisir cearc amháin fiú chomh fada leis an siopa. Tháinig go leor daoine a bhí ag dul thar bráid isteach agus gan aon eolas acu roimh ré faoin siopa. Shiúil go leor daoine thart sa siopa go bhfeicfidís na taispeántais, na scéalta, na leabhair sa leabharlann agus chun an físeán a rinne Orla Murphy a fheiceáil. D’fhan go leor chun píosa cainte a dhéanamh faoin siopa nó chun smaointe a tháinig chucu nuair a bhí siad sa siopa a roinnt.  Bhain na comhráití sin le nithe mar imeachtaí, cuimhní agus scéalta eile a cuimhníodh orthu, pléití ríthábhachtacha a bhaineann le cúrsaí pleanála, cúrsaí geilleagracha agus caomhnú a dhéanamh ní hamháin ar aeistéitic bhailte Liatroma (agus níos faide ó bhaile) ach ar chreatlach shóisialta ár mbailte agus an méid atá i ndán dóibh amach anseo. Bhí an chuid is mó de na comhráití sin, cuid acu a bhí an-fhada, ag dul anonn is anall idir scéalta, smaointe, ceangail agus tagairtí do smaointí teibí, ríthábhachtacha agus teoiriciúla. Bhí móramh láidir na gcainteanna dearfach cé is moite go raibh amhras ann go ndúnfaí siopaí, go gcaillfí bonneagar, faoi fhadhbanna geilleagracha agus na hábhair eile go léir.

Thug go leor le fios go raibh siad thar a bheith sásta na grianghraif ar fad a fheiceáil agus na scéalta a léamh chomh maith leis an fáilte a cuireadh rompu agus oscailteacht na dtograí agus a gcuid ábhair chomh maith leis an ábhar a bhí sa siopa.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×