Skip to main content


Nuacht

Spás Céadfach an Dúin Rúnda i Músaem Cathrach na Gaillimhe

Scroll
min read

Spás Céadfach an Dúin Rúnda i Músaem Cathrach na Gaillimhe

min read

18/01/22

Spás Céadfach an Dúin Rúnda i Músaem Cathrach na Gaillimhe

Bronnadh maoiniú ar Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe chun forbairt a dhéanamh ar Monument, taispeántas de chuid Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa. Cruthaíodh ardán taispeántais ildisciplíneach leis an tionscadal seo maidir le séadchomharthaí móra ar oileáin bheaga san Eoraip, le béim ar leith ar Dhún Aonghasa agus caisil Oileáin Árann. Ag céim luath d’fhorbairt an tionscadail, toisc gur dalta a raibh uathachas ag gabháil dó a bhí i nduine dár n-oibrithe deonacha shocraíomar gur mhaith linn spás céadfach do leanaí a chur san áireamh mar chuid den taispeántas. Ní raibh maoiniú ar fáil laistigh de bhuiséad an taispeántais chun an ghné sin a áireamh, áfach. Beartaíodh go lorgófaí maoiniú don tionscadal seo faoi scéim Éire Ildánach de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Shainaithníomar spás beag sa taispeántas ar méid a d’fheilfeadh do leanaí, áit arbh fhéidir an spás céadfach a lonnú. Thugamar Spás Céadfach an Dúin Rúnda air agus choimisiúnaíomar feistiú an spáis le híomhánna agus cruthanna ó láithreán Dhún Aonghasa. D’fhoghlaimíomar go bhféadfadh spásanna céadfacha cuidiú chun duine a mbíonn seachrán air go minic de ghnáth a dhíriú agus spreagadh breise a thabhairt do dhaoine a mbíonn ag fulaingt de dheasca easpa spreagtha timpeallachta ar bhealach atá dírithe agus rialaithe. Ós rud é go mbíonn na spásanna céadfacha seo tarraingteach ó amharc agus go fisiciúil, tá sé cruthaithe go gcuirtear feabhas ar achar airde daoine a théann ar seachrán go héasca in imeacht aimsire nuair a chaitheann siad am i dtimpeallacht ilchéadfach. I mbeagán focal:

  • Tugtar deis leis an tionscadal do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon dul i mbun gníomhaíocht chultúir ar bhealach fónta agus intomhaiste.
  • Baineann an tionscadal seo go díreach leis an ngníomh chun tacaíocht a chur ar fáil d’institiúidí agus gníomhaireachtaí cultúir chun cláir a chur ar bun le daoine aonair agus pobail a bhfuil riachtanais speisialta acu.
  • Léiríonn an tionscadal seo mar nach mbaineann daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu dóthain úsáide as na tairbhí a thagann ó bheith ar cuairt in institiúidí agus gníomhaireachtaí cultúir mar gheall nach mbíonn dóthain tacaíochta cuí ann dóibh sna foirgnimh sin.

Bhí na líonraí agus caidrimh atá againn cheana laistigh den phobail mar dhúshraith ag an tionscadal seo tríd na comhpháirtithe comhoibríocha atá againn ar an tionscadal seo.

Áirítear 3 cuid sa spás.

  1. Urlár agus Balla Stuáilte Saincheaptha Bhí an féar agus na caisil ar Oileáin Árann ina bhfoinsí inspioráide don stuáil ar an urlár agus ar an mballa. Rinneadh gach cuid a phriontáil le grianghraf ó na hOileáin. Tá ábhair bhoga ann ar fud an spáis agus is spás é atá sábháilte do gach duine.
  2. Néalteilgeoir agus Feadán Boilgeog: Néalteilgeoir a theilgeann spéir ghorm, faoi spreagadh na dtonnta agus na farraige mórthimpeall Oileáin Árann. Cuirtear solas atá seasmhach, ach a bhíonn ag athrú ar fáil leis an teilgeoir seo a chabhraíonn le daoine a bheith ag díriú fócais. Cuireann an Feadán Boilgeog leis an dath gorm atá ar an spás, lena dtarraingítear éisteacht agus radharc na leanaí. Tá taifead fuaime a bhíonn ar siúl ann freisin, lena gcloistear fuaim na dtonnta agus na n-éan, a chuireann le téama an tseomra chéadfaigh, agus a chruthaíonn atmaisféar sábháilteachta agus suaimhnis.
  3. Gné Crochta ar an tSíleáil: Tá gné crochta ar an tsíleáil a ligeann don duine luí siar ar an urlár chun féachaint ar na héin agus na scamaill agus ar an solas athraitheach.

Ó seoladh an Dún Rúnda, tá aiseolas thar a bheith dearfach faighte againn ina thaobh ó chuairteoirí chuig an taispeántas. Tá an-tóir ag leanaí de gach aois air anois mar gurb ionann é agus spás a bhfuil an leanbh lárnach ann, áit ar féidir le cuairteoirí óga a bheith laistigh den taispeántas ach beagáinín scartha amach uaidh.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×