Skip to main content


Nuacht

Féile Ghearrscannán Still Voices 5-7 Samhain

Scroll
min read

Féile Ghearrscannán Still Voices 5-7 Samhain

min read

14/10/21

Féile Ghearrscannán Still Voices 5-7 Samhain

Is cúis áthais d’Fhéile Scannán Still Voices, i gcomhpháirt le hÉire Ildánach, an clár iomlán d’Fhéile hibrideach na bliana seo, a bheidh ar siúl ó 5 go 7 Samhain agus muid seacht mbliana ar an bhfód, a fhógairt. Is fada linn go mbeimid in ann fáilte a chur ar ais roimh lucht féachana beo arís agus ceiliúradh á dhéanamh ar gach rud a bhaineann leis an scannánaíocht!

Cé go bhfuil an fhéile fós lonnaithe i mBaile Uí Mhathain  – an áit ar rugadh an scríbhneoir mór le rá,  Oliver Goldsmith – de réir mar a d’fhás an fhéile, leathnaigh sí amach go dtí ionaid níos mó  sa Longfort, san Iarmhí, agus i Ros Comáin.

Tá clár na féile i mbliana lom lán le himeachtaí agus tá rogha den scoth de ghearrscannáin fhíorshuntasacha ar fáil go pearsanta agus ar líne thar dheireadh seachtaine na féile.

Chun comóradh a dhéanamh ar an gcúigiú bliain, tá ríméad ar Still Voices fáilte a chur roimh an stiúrthóir scannáin iomráiteach Terence Davies go lár na tíre, le haghaidh taispeáint  speisialta dá shárshaothar ón mbliain 1988 ‘Distant Voices, Still Lives’ scannán a bhfuil an fhéile ainmnithe ina dhiaidh. Beidh an ócáid phearsanta seo ar siúl ar an 5 Samhain ag 8 pm in Amharclann Dean Crowe, i mBaile Átha Luain. An lá dar gcionn glacfaidh Davies páirt i máistir-rang stiúrtha leis an scannánóir cáiliúil de chuid na hÉireann Pat Collins in Amharclann Backstage, An Longfort. Pléifidh Davies agus Collins saol scannánaíocht fada agus éagsúil an scannánóra, a stíl déanta scannán agus a shoineantacht uathúil.

Beidh na taispeáintí atá oiriúnach do theaghlaigh agus a mbíonn an-tóir orthu agus na ceardlann beochana do pháistí ag filleadh chomh maith agus iad ina gcuid an-tábhachtach den fhéile do scannánóirí seanbhunaithe agus lucht déanta scannán atá ag teacht chun cinn.

Ar an 7 Samhain, beidh plé an-spéisiúil ar siúl i Leabharlann Pobail Bhaile Uí Mhatháin le triúr ealaíontóirí clúiteacha ón Longfort, Michael Keegan-Dolan, Karen McGann agus John Connell faoi  na dúshláin a bhaineann le gairm bheatha a bhaint amach sna healaíona. Déanfaidh an file as an Longfort, Dani Gill, cathaoirleacht ar an ócáid seo.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×