Skip to main content


Nuacht

Suíomh gréasáin Reimagine seolta chun athrú cruthaitheach idir daoine agus a n-áiteanna cónaithe a éascú

Scroll
3 min read

Suíomh gréasáin Reimagine seolta chun athrú cruthaitheach idir daoine agus a n-áiteanna cónaithe a éascú

3 min read

11/03/21

Suíomh gréasáin Reimagine seolta chun athrú cruthaitheach idir daoine agus a n-áiteanna cónaithe a éascú

Tá togra nua ailtireachta i bhfoirm áis ar líne seolta le tacaíocht ón gClár Éire Ildánach, chun forbairt a dhéanamh ar phobail áitiúla i bpáirt le Cumann Ailtireachta na hÉireann.

Ionad nua barr feabhais nua ar líne is ea ReImaginePlace.ie a mbainfidh pobail áitiúla, pleanálaithe, ailtirí agus dearthóirí úsáid as chun athruithe cruthaitheacha a chur ar shráidbhailte, ar bhailte agus ar chathracha ar fud na hÉireann. Is cuid den togra Reimagine é an suíomh gréasáin agus tá Cumann Ailtireachta na hÉireann ina bhun. Clár náisiúnta atá ann le haghaidh comhdhearadh agus socrú áite, ina mbíonn ailtirí agus páirtithe áitiúla curtha le chéile agus trína dtugtar deis do na pobail a bheith gníomhach maidir leis an bhforbairt ar a gcomharsanachtaí féin.

Suíomh gréasáin Reimagine seolta chun athrú cruthaitheach idir daoine agus a n-áiteanna cónaithe a éascú

Open Video

An Togra Reimagine – ag feabhsú pobail

Agus í ag labhairt ag seoladh Reimagine Place, dúirt Nathalie Weadick, Stiúrthóir an IAF, : “Pobail áitiúla a fheabhsú mar áiteanna cónaithe sin é atá ag croílár chlár Reimagine an IAF. Tar éis na ndúshlán a bhain le 2020 is léir go bhfuil sé seo níos tábhachtaí na riamh. Toisc gur éirigh chomh maith le clár píolótach Reimagine anuraidh, cúis áthais dom a chur in iúl go dtabharfar cuireadh do bhreis pobail páirt a ghlacadh i gclár Reimagine in 2021.

 

“Tháinig muid ar fad ar an tuiscint i mbliana go raibh ár bpobail áitiúla tábhachtach, ach aithníonn muid freisin an láidreacht pobail atá in Éirinn. Agus muid ag foghlaim cén chaoi le dul i ngleic leis seo ar fad agus teacht chugainn féin, tá muid chun ár ndícheall a dhéanamh cabhrú leis na pobail sin saol níos fearr a chruthú don todhchaí. Tabharfaidh an clár Reimagine deis do dhaoine a bheith páirteach agus ceannródaíoch i dtaca le hathrú cruthaitheach a chur i bhfeidhm ar a bpobail, a gcomharsanachtaí, a mbailte móra agus a sráidbhailte, trí ailtirí, dearthóirí agus daoine áitiúla a dteastaíonn athrú dearfach uathu a thabhairt le chéile.

Agus í ag seoladh an togra go hoifigiúil, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD,: “Is sampla rímhaith é Reimagine den chaoi gur féidir le clár cultúir agus sláinte an Rialtais daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus iad a athrú ó bhonn tríd an gcruthaitheacht. Is féidir le dearadh na bhfoirgneamh, na sráideanna, na bpáirceanna, agus na gcomharsanachtaí tacú le sláinte coirp agus le sláinte intinne.  Cuidíonn sé le míchothromaíocht i gcúrsaí sláinte a laghdú, feabhas a chur ar shláinte na ndaoine and oiriúnú a dhéanamh don athrú aeráide.”

Fuair an togra Reimagine tacaíocht ó chlár de chuid Éire Ildánach, an Ciste Náisiúnta don Chruthaitheacht.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×