Skip to main content
Image by Liam D. Kidney


Nuacht

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 186 scoil nua isteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha, rud a fhágann go bhfuil 1 as gach 5 scoil sa tír tar éis ceangal leis an gclár

Scroll
min read

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 186 scoil nua isteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha, rud a fhágann go bhfuil 1 as gach 5 scoil sa tír tar éis ceangal leis an gclár

min read

5/10/22

Tá fógartha ag an gComhairle Ealaíon go dtiocfaidh 186 scoil nua isteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha, rud a fhágann go bhfuil 1 as gach 5 scoil sa tír tar éis ceangal leis an gclár

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon inniu go bhfuiltear tar éis tairiscint a dhéanamh do 186 de scoileanna agus ionaid ar fud na hÉireann a chuir isteach le bheith mar chuid de thionscnamh na Scoileanna Ildánacha. Léiríonn an leibhéal an-ard iarratas le bheith mar chuid den phróiseas 2 bhliain seo an tábhacht a chuireann scoileanna agus ionaid ógtheagmhála leis an gcruthaitheacht agus an uaillmhian atá acu an smaointeoireacht chruthaitheach a cheiliúradh agus í a bheith ag croílár gach a ndéanann siad.

Ag labhairt di inniu tráth na fógartha, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Cuirimid fáilte chroíúil roimh an gcohórt úr de 186 scoil go Scoileanna Ildánacha. Tá lúcháir orainn go bhfuil a oiread sin éilimh ann ar an gclár ar fud na tíre agus tá an-áthas orainn a rá, faoin gcéim seo den chlár, go bhfuil 20% de scoileanna na hÉireann tar éis ceangal linn. Agus muid ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Oideachais, sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus in Éire Ildánach, táimid ag tnúth le scoilbhliain eile lán cruthaitheachta, comhairliúcháin agus fiosraithe”.

Arsa an tAire Oideachais, Norma Foley, TD, “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an 186 scoil a bheidh ag teacht le chéile le bheith mar chuid de thionscnamh Scoileanna Ildánacha 2022. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo isteach sa tionscnamh spreagúil seo, agus táim ag tnúth le bheith ag coinneáil súil ar fhorbairt na dtionscadal cruthaitheach dathúil tarraingteach seo sa dá bhliain atá romhainn. Trí Scoileanna Ildánacha, bíonn an Roinn Oideachais ag tacú leis an smaointeoireacht chriticiúil, leis an bhfolláine chognaíoch agus mhothúchánach agus ag spreagadh timpeallacht chruthaitheach, gan aon srianta laistigh den spás oideachasúil.”

Ag labhairt di inniu freisin, arsa an tAire Catherine Martin, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an 186 scoil agus ionad Ógtheagmhála ar éirigh lena n-iarratas le bheith ina Scoil Ildánach agus a mbeidh an deis acu anois tús a chur leis an aistear dhá bhliain chun an chruthaitheacht a chur ag croílár a bpobail scoile. Le teacht isteach an chohóirt nua, beidh taithí ag 1 as gach 5 scoil in Éirinn ar thionscnamh na Scoileanna Ildánacha ó cuireadh tús leis an gclár in 2018 agus tá méadú tar éis teacht i mbliana ar ilchineálacht na suíomhanna a fhaigheann tacaíocht. Is léiriú é seo ar thionchar agus neart na comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon, an Roinn Oideachais agus an clár uile-rialtais Éire Ildánach.”

Ceapadh tionscnamh na Scoileanna Ildánacha chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena scileanna ealaíne agus cruthaitheacha. Faigheann gach scoil a ghlacann páirt deontas agus oibríonn le Comhlach Cruthaitheach a thacaíonn leo chun a bPlean Scoile Ildánaí saincheaptha féin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí nua oibre lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.

Fuair Scoileanna Ildánacha iarratais ó chontaetha ar fud na tíre le bheith mar chuid den tionscnamh agus rinneadh iad a mheas bunaithe ar an gcaoi a rachadh Scoileanna Ildánacha chun sochair don fhoghlaim agus don fhorbairt sa scoil agus ar an gcaoi a mbeadh ról lárnach ag leanaí agus daoine óga i dtaca leis an bpróiseas seo a stiúradh.

Cuireadh an clár ar bun in 2018 agus táthar tar éis cuireadh a chur ar níos mó ná 650 scoil, go dtí seo, le bheith rannpháirteach ann.  Leis an mbabhta is úire seo de thairiscintí, is amhlaidh anois go mbeidh 1 cheann as gach 5 scoil in Éirinn ag glacadh páirt / tar éis páirt a ghlacadh i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha. Liosta le háireamh is ea liosta na bhfaighteoirí, ó scoileanna móra sna príomhchathracha go dtí scoileanna níos lú ar na hoileáin lena n-áirítear Inis Bó Finne, Acaill, Inis Oírr agus Inis Meáin. Is amhlaidh go bhfuil an chruthaitheacht i réim i ngach aon áit.

I mbliana, táthar tar éis cuireadh a chur ar 132 bunscoil eile, 35 iar-bhunscoil eile, 10 scoil speisialta agus 5 ionad ógtheagmhála chun clárú leis an tionscnamh.  Ag clárú leis an tionscnamh freisin i mbliana, tá ceithre scoil i Suíomhanna Malartacha a fhreastalaíonn ar dhaoine óga a bhfuil mórdhúshláin mhothúchánacha agus iompraíochta acu. Tiocfaidh Scoil Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh, Co. Átha Cliath, Scoil Speisialta Ardtacaíochta Bhaile Uí Dhúda, Baile Átha Cliath 20, Scoil Speisialta na Crannóige Nua, Port Reachrann, Co. Átha Cliath agus Scoil Speisialta Naomh Cainneach, Luimneach, isteach sa chlár agus gheobhaidh tacaíochtaí breisithe.

Tá na scoileanna a bhí rannpháirteach go dtí seo tar éis gach uile fhoirm den chruthaitheacht a fhiosrú agus an iliomad dóigheanna lena ceiliúradh a ghlacadh chucu féin.  Ón mbácáil go dtí cruthú agus dearadh gairdíní, ón ngrianghrafadóireacht go dtí an taibhiú, ó bheith ag obair le grúpaí pobail eile go dtí limistéir ina scoil féin a athrú ó bhonn, tá tionchar na Scoileanna Ildánacha le sonrú ó cheann ceann na tíre.

CRÍOCH

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×