Skip to main content


Nuacht

Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath

Scroll
min read

Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath

min read

2/09/22

Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath

Chuir Robert Davis agus Elton Mullaly, ón gcomhlacht Southpaw Pictures, an chéad Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath ar bun mar gheall ar an spéis mhór atá acu féin i gcúrsaí scannánaíochta agus an fonn atá orthu tús maith a chur le ré gairme dhaoine óga i saol na scannánaíochta.

Tugann an taispeántas deis don lucht scannánaíochta cistí a aimsiú maidir le gearrscannán a léiriú.  Tháinig lucht na scannánaíochta le chéile agus eagraíodh plé painéil agus ócáid caidrimh Déardaoin, an 14 Iúil in Ionad Ealaíne Rua Red, Tamhlacht.

Ba léir do Rob agus d’Elton go raibh gá ag daoine atá ag teacht chun cinn i réimse na scannánaíocht le deis ar mhaoiniú ionas go bhféadfaidís scannáin a léiriú agus a chur ar taispeáint.  Bhí gá freisin acu le haithne a chur ar níos mó de lucht na hearnála.  Is gné bhunúsach sin de thús a ré gairme i mbun an tionscail.

Eagraíodh gairm scoile oscailte i mí Bealtaine 2022 agus roghnaíodh triúr dá thoradh sin, Ais Brady, Jason Branagan agus Margaret Rowe, chun gearrscannán an duine a chruthú agus a chur ar taispeáint ag Taispeántas Gearrscannánaíochta Dheisceart Bhaile Átha Cliath ar an 14 Iúil.

“Bhí sé iontach cistíocht a fháil ó SDCC maidir le Forever Hold Your Peace. Ba mhór agam an deis an scannán seo a dhéanamh i mo dhúiche féin le dream iontach aisteoirí agus léiriúcháin agus tá mé ríbhuíoch den Chomhairle, d’Éire Ildánach, de SCENe agus den Oifig Fiontraíochta as a chur ar mo chumas é a dhéanamh.”

Chomh maith leis na scannáin a thaispeáint, tharla bronnadh gradam, plé painéil le triúr moltóirí agus le Paddy Slattery agus deis ag daoine atá ag tosú ar shaol na scannánaíochta labhairt le comhaltaí an phainéil agus ábhar léargais/comhairle a fháil ó dhaoine a bhfuil oiread taithí agus cleachtadh acu ar an réimse:

Gillian Cooper – Wildcard Distribution
Justin Healy – Léiritheoir Feidhmiúcháin RTÉ
Jennifer Smyth – Comhordaitheoir Léiriúcháin & Forbartha, Fís Éireann

Chuir na rannpháirtithe aithne ar na saineolaithe ar an bpainéal agus ghnóthaigh siad tuiscint bhreise ar na gnáis oibre agus ar na gnéithe gnó a bhaineann le gach céim de ghnó na Scannánaíochta.

Tá Southpaw Pictures tugtha go mór do dhaoine nua cumasacha a chothú agus táthar den tuairim freisin gur bunghné sin don fhorás agus don fhadmharthanacht atá i ndán maidir leis an tionscal san am atá romhainn.

Tugann an clár Éire Ildánach i mBaile Átha Cliath Theas cúnamh maidir leis an tionscadal seo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×