Skip to main content


Nuacht

An siompóisiam maidir le Scileanna Sláinte agus Folláine a sheol na hAirí Martin agus Donnelly

Scroll
4 min read

An siompóisiam maidir le Scileanna Sláinte agus Folláine a sheol na hAirí Martin agus Donnelly

4 min read

22/06/22

An siompóisiam maidir le Scileanna Sláinte agus Folláine a sheol na hAirí Martin agus Donnelly

Dheimhnigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhar leis an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, a n-aitheantas maidir leis na buntáistí sláinte agus folláine a ghabhann leis an gcruthaitheacht agus leis na healaíona.

Rinne Clár Éire Ildánach uile-Rialtais, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon, comhóstach i gColáiste Ríoga na Lianna agus na Máinlianna in Éirinn, Baile Átha Cliath, ar shiompóisiam náisiúnta ar bhuntáistí dearfacha na cruthaitheachta agus na n-ealaíon ar shláinte agus ar fholláine.   

Breithnigh lucht déanta beartais agus cleachtóirí ó na hearnálacha sláinte, ealaíon agus cultúir, an bealach is fearr le leas a bhaint as an gcaoi a gcabhraíonn rannpháirtíocht sa chruthaitheacht lenár sláinte agus folláine.   

Thug an tAire Martin, ar oscailt an tsiompóisiaim di, aitheantas do stair fhada agus shaibhir an chomhoibrithe idir na hearnálacha ealaíon agus cúraim sláinte agus leag an tAire béim ar an ngá le timpeallacht níos tacúla agus níos inbhuanaithe a chruthú trí chomhoibriú agus comhtháthú níos fearr idir na hearnálacha. 

Chuir dhá fhíseán inar taispeánadh seanchas sa bharda péidiatraice in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge agus ceardlann cheoil do chónaitheoirí Theach Altranais St Camillus i Luimneach, samplaí i láthair maidir leis na cineálacha rannpháirtíochta cruthaitheachta a thacaíonn le cúram sláinte pobail a sheachadadh in Éirinn.  

Seanchas le hIontaobhas Ealaíon Leighis Phort Láirge

Open Video

D’fhógair an tAire Martin maoiniú píolótach breise freisin, trí Chlár Éire Ildánach, chun iniúchadh a dhéanamh ar chomhoibriú níos dlúithe idir na hearnálacha ealaíon agus sláinte sa réimse oideasú sóisialta. Cuideoidh an tionscnamh le dochtúirí teaghlaigh agus le cleachtóirí leighis eile chun othair a chur ar aghaidh chuig tionscnaimh ealaíon agus cruthaitheachta áitiúla i gcúig ionad phíolótacha i bPort Láirge, Baile Átha Cliath, Dún na nGall agus Maigh Eo, sa chás tairbhe a bheith i gceist leis ó thaobh a gcuid folláine. 

Dúirt an tAire Martin:

Tá an t-ádh orainn bonneagar daonna cuimsitheach a bheith againn ar fud na tíre – atá neadaithe sna hearnálacha ealaíon agus cultúir araon – a bhfuil sé de chúram orthu tacú le folláine mhuintir na hÉireann. Tá spéis agam a fháil amach cibé an bhféadfadh spreagadh na líonraí seo comhoibriú go háitiúil cur lenár n-uaillmhianta maidir le folláine faoi seach.”

Thagair an tAire Donnelly do thuairisciú na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir leis an fhianaise láidir atá ann a thugann léiriú ar an mbealach ina bhfuil ról tábhachtach ag rannpháirtíocht le hearnáil na n-ealaíon i bhfeabhas a chur ar fholláine agus ar mheabhairshláinte, agus thug ar aird:  

Tagann nádúr iomlánaíoch na gcineálacha seo gníomhaíochtaí ealaíonta agus cultúrtha go hiomlán lenár bhfís don tsláinte agus don fholláine. Ní díreach faoi easpa galair atá an tsláinte, baineann sé le haitheantas a thabhairt do thábhacht agus d’idircheangailteacht folláine fisiciúil, meabhrach agus sóisialta.”

Ceoltóirí ar Ghlao - Luimneach

Open Video

Chuir an dá Aire fáilte chroíúil freisin roimh leathadh amach tionscnamh píolótach cruthaitheachta nua ag an mbeidh tionchar dearfach ar shláinte agus ar fholláine Phobal an Lucht Siúil. Tá na tionscadail á gcómhaoiniú ag Clár Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Aonad Meabhairshláinte/Oifig Náisiúnta um Ionchuimsiú Sóisialta) agus ag an gComhairle Ealaíon. Déanfaidh an tionscnamh. Folláine an Lucht Siúil trí Chruthaitheacht 2022, maoiniú de bheagnach €250,000 ar chúig thionscadal atá comhdheartha agus comhtháirgthe ag an Lucht Siúil chun tacú le sláinte agus le folláine an Lucht Siúil. 

Dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an HSE:

Is breá na tionscadail ealaíon agus sláinte leanúnacha nua atá á gcur i láthair anseo inniu agus atá á seachadadh ar fud na seirbhíse sláinte, a fheiceáil. Rachaidh imeacht an lae inniu chun leasa do chomhaltaí foirne na seirbhíse sláinte atá i láthair ag imeacht a lae inniu, go pearsanta nó go fíorúil, cuirfidh sé lena gcuid eolais ar an réimse seo agus sinn ag leanúint ar aghaidh ag baint úsáid as na healaíona cruthaitheachta chun sochair folláine na n-úsáideoirí seirbhíse agus na foirne.”

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir, an Chomhairle Ealaíon:

Mar a léirítear sa raon tionscadail agus díospóireachta, is féidir le rannpháirtíocht sna healaíona cur go suntasach lenár sláinte agus lenár bhfolláine. Feictear sa Chomhairle Ealaíon na deiseanna a chuireann an réimse oibre seo i láthair do go leor ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíona atá ag obair i réimse na nEalaíon agus na Sláinte, agus tá meas ar an gcion suntasach a chuireann ár gcomhghleacaithe san earnáil sláinte, úsáideoirí na seirbhíse sláinte, cúramóirí, cairde agus oibrithe deonacha le forbairt agus le fuinneamh na n-ealaíon in Éirinn.  Táimid tiomanta oibriú lenár gcomhghleacaithe ag leibhéal náisiúnta chun tacú le forbairt straitéiseach sa réimse seo sna blianta atá romhainn.

Stay up to date

×