Skip to main content
Val Byrne


Nuacht

Meaisín Ama an Phobail

Tá tionscnamh nua seolta ag Aoisbhá Éireann, Éire Ildánach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun dul i ngleic le scoiteacht agus stair shóisialta pobail bheaga ar fud na hÉireann a chaomhnú.

Chun comóradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta Seanóirí na Náisiún Aontaithe, tá Aoisbhá Éireann chun Meaisín Ama an Phobail a sheoladh i gcomhpháirtíocht le Éire Ildánach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Is é Neighbourhood Network a chuirfidh an tionscadal aoisbháúil trasghlúine forbartha pobail seo ar fáil agus tá sé leagtha amach chun daoine óga a nascadh lena gcomharsana aosta thrí shraith agallamh, tionscadal ealaíne agus grianghrafadóireachta treoraithe.

Agus iad ag obair lena chéile, cruthóidh an dá ghlúin íomhá den chuma a bhí ar a bpobail san am atá caite agus an chaoi a bhfuil athrú tagtha orthu. Cruthófar láithreán gréasáin taispeántais as na rannpháirtíochtaí sin chun na comhráití a rinneadh, agus na pictiúir ó na tionscadail agus na pictiúir de na rannpháirtithe a chur ar fáil.

 

Sheila Cleary & Hannah Gerlitz, Bray, Co. Wicklow

Chomh maith leis sin, cuirfear na hagallaimh agus na pictiúir le taisceadán todhchaí pobail agus séalófar é ar feadh 10 mbliana ionas go gcaomhnófar cartlann thábhachtach maidir le hathruithe sóisialta do na glúnta atá le teacht.

D’éirigh leis an tionscadal a cuireadh ar bun ar bhonn píolótach i gCill Mhantáin anuraidh i lár na paindéime, agus bealach a bhí ann chun dul i ngleic le scoiteacht agus comhtháthú sóisialta a chruthú i bpobail. Faoi láthair, tá sé á chur ar fáil i gContae na Mí, i Muineachán agus san Iarmhí.

Tá freagairt iontach tugtha ar an tionscadal go dtí seo. Léiríonn na chéad torthaí gur éirigh le pobail bheaga in Éirinn a bheith an-acmhainneach in ainneoin na géarchéime sláinte domhanda.

I mbliana, le tacaíocht bhreise ó Aoisbhá Éireann, Éire Ildánach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, beidh Neighbourhood Network in ann Meaisín Ama an Phobail a leathadh amach chuig pobail eile ar fud na tíre.  Is iad cuid de na limistéir ina bhfuiltear ag súil le páirt a ghlacadh ná Dún Laoghaire | Ráth an Dúin, an Cabhán, Dún na nGall agus Cill Chainnigh.

Fo-cheannteideal: Óg & Sean a chur in Éineacht

I ngach aon limistéar Údaráis Áitiúil, tarraingeofar cúig phobal isteach chun páirt a ghlacadh ann. I gcaitheamh tréimhse ceithre mhí, déanfaidh eagraí pobail deonach maoirseacht agus éascaíocht ar chúigear duine óg agus cúigear seanduine sa phobal a chur i mbeirteanna chun comhoibriú ar an tionscadal seo, ceangail an phobail a fhorbairt agus cuidiú le caidrimh inbhuanaithe a fhorbairt.

Labhair Louise Curran, atá ina hEagraí Pobail i Meaisín Ama Chill Mhantáin, faoina heispéireas ar an tionscadal: “Bhí sé iontach forbairt an tionscadail seo a fheiceáil – agus na naisc idir na glúnta á neartú trí na scéalta aoibhne a insíodh. Chomh maith leis sin, tá me buíoch don tionscadal toisc gur tugadh slí eile dom bealach a chur ar fáil do bhaill shinsearacha pobail a dtábhacht sa tsochaí a léiriú. Mar gheall ar na daoine cineálta agus grámhara seo, saibhríodh go mór an t-eispéireas a bhí agam le linn na dianghlasála.”

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “Tá an Clár Éire Ildánach bródúil as tacú le hobair an Neighbourhood Network chun an tionscadal seo a fhorbairt ina dtugtar cumhacht do phobail, ina gcuirtear tacaíocht agus cairdeas ar fáil do dhaoine aosta agus ina ndéantar taighdeoirí saoránach d’áitritheoirí ar bhealach cruthaitheach.”

 

Dorothy Hutson, Bray, Co. Wicklow

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “Tá an Clár Éire Ildánach bródúil as tacú le hobair an Neighbourhood Network chun an tionscadal seo a fhorbairt ina dtugtar cumhacht do phobail, ina gcuirtear tacaíocht agus cairdeas ar fáil do dhaoine aosta agus ina ndéantar taighdeoirí saoránach d’áitritheoirí ar bhealach cruthaitheach.”

Bealach iontach agus bealach atá sábháilte ó thaobh Covid is ea Meaisín Ama an Phobail chun dul i dteagmháil le seanóirí. Tá sé an-tráthúil go bhfuil sé beartaithe tús a chur leis i dtús an Fhómhair, toisc go dtabharfaidh sé aoibhneas leis agus go gcothófar naisc phobail le linn mhíonna níos dorcha na bliana.

Maidir leis an tionscadal, dúirt Catherine McGuigan, Príomhoifigeach Aoisbhá Éireann “Tá ríméad ar Aoisbhá Éireann comhoibriú lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail, Éire Ildánach agus Neighbourhood Network chun an tionscadal iontach seo a chur ar fáil ar fud roinnt limistéir tionscadail aoisbháúil rannpháirteacha faoi stiúir údarás áitiúil in éineacht lenár gComhairlí Seanóirí.  Trí thionscnaimh dá leithéid, táimid in ann an fhís maidir le hÉirinn Aoisbháúil a fhíorú de réir mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais seo | Ár dTodhchaí Comhroinnte”

Mary Lionain & Méabh Ní Dubhlaing, Arklow Co. Wicklow

Agus fáilte á cur roimh an tionscadal, dúirt Joe O’Brien, an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ar a bhfuil freagracht i leith Forbairt Pobail agus Carthanachtaí: “Tá an tionscadal seo in chuidiú chun glúnta a nasctha i dtimpeallacht shábháilte. Tá an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht sa phobal feicthe againn le 18 mí go háirithe maidir le dul i ngleic le haonrú sóisialta. Agus muid ag téarnamh agus ag oscailt arís i ndiaidh COVID19, spreagtar ionchuimsiú sóisialta ar fud na nglúnta trí thionscnaimh ar nós Meaisín Ama an Phobail chun pobail a thabhairt níos gaire dá chéile agus tacú le folláine gach duine”.

Ó Dé hAoine an 1 Eanáir, seoladh an Tionscadal Meaisín Ama an Phobail ar líne, agus tá gailearaí Chill Mhantáin ar fáil le breathnú air anseo.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Sylvia McCarthy, Aoisbhá Éireann | Comhairle Contae na Mí

M         +353 (0) 83 4422111

E          smccarthy@meathcoco.ie

 

Aoife O’Connor, Neighbourhood Network

E          aoife@neighbourhoodnetwork.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal agus faoi mar is féidir leat páirt a ghlacadh ann i do chontae, cliceáil anseo.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×