Skip to main content


Nuacht

Coimisiúin Chlár Éagsúlachta Éire Ildánach agus Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

libeanna:

Bhí ríméad ar Éire Ildánach i bpáirt le Coiste Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht ó Ghailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann an tionscadal seo a chur i láthair.

Roghnaíodh cúigear grianghrafadóirí chun freagra cruthaitheach a thabhairt ar an téama  ‘éagsúlacht’ i gcathair Bhaile Átha Cliath. Ba iad Mandy O’Neill, Ala Buisir, Jialin Long, Tessy Ehiguese agus Tobi Isaac-Ierin na grianghrafadóirí a bhí roghnaithe.

Le breis agus cúig mhí, bhí na grianghrafadóirí ag obair i ndlúthpháirt le pobail éagsúla i mBaile Átha Cliath, agus naisc nua, spreagúla á gcruthú acu idir an t-ealaíontóir, na pobail áitiúla, agus an chathair. Léirigh na tionscadail seo, a raibh coimisiúnú déanta orthu, an t-athrú mór atá tagtha ar thírdhreach sóisialta agus cultúrtha ár bpríomhchathair agus muid ag druidim le comóradh céad bliain bhunú an Stáit.

Seoladh an tionscadal ar 1 Iúil 2021, “Tá an-áthas orm tacú leis an tionscadal álainn seo a chuireann an éagsúlacht a bhaineann le muintir Bhaile Átha Cliath in 2021 in iúl ar bhealach cumhachtach. Tá sé ar fad mar chuid den fhís atá ag Éire Ildánach deiseanna a chur ar fáil go háitiúil do dhaoine nua cruthaitheacha le gur féidir leo iad féin a chur in iúl agus go mbeidh ardán acu.” — An tAire Catherine Martin.

Cuireadh na grianghraif shuntasacha faoi bhráid lucht féachana poiblí trí thaispeántas lasmuigh ar phainéil dhigiteacha, stadanna meitreo agus scáthláin bus ar fud chathair Bhaile Átha Cliath thar thréimhse coicíse.

Thaitin an tionscadal go mór leis an bpobal agus fuair sé léirmheasanna iontacha ó na meáin.

Freagairt na meán:

https://www.independent.ie/life/the-world-in-one-city-five-photographers-capture-the-spirit-of-dublins-diverse-communities-40572479.html

https://www.rte.ie/news/dublin/2021/0628/1231836-dublin-diversity-campaign/

https://mobile.twitter.com/rtenews/status/1409577419745419267

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×