Skip to main content


Nuacht

Comhdháil Óige Ildánach 2021

Scroll
2 min read

Comhdháil Óige Ildánach 2021

2 min read

16/03/21

Comhdháil Óige Ildánach 2021

D’fhógair Clár Éire Ildánach na sonraí do Chomhdháil Óige Ildánach 2021. Beidh an chomhdháil – 'Creativity: the connection to our future, now' – ar siúl ar líne agus beidh trí imeacht ar leith ann i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine chun plé a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le deiseanna a bheith á gcur ar fáil do dhaoine a bheith páirteach in imeachtaí cruthaitheacha laistigh den scoil agus i measc an phobail araon.

Creative Youth Conference

Open Video

Tá clár Éire Ildánach tar éis na sonraí a bhaineann le Comhdháil Óige Ildánach 2021 a fhógairt. Is féidir breathnú ar an gcomhdháil – ‘Creativity: the connection to our future, now’ – ina hiomláine anois.

Agus é ina chuid de phlé níos leithne ar Phlean Óige Ildánach  – a foilsíodh i mí na Nollag 2017 –tabharfaidh an Chomhdháil deis do na páirtithe leasmhara a machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus a dtuairimí a nochtadh maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá amach romhainn.

Cuirfidh an Taoiseach tús leis an ócáid seo agus beidh ionchur an freisin ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, an tAire Oideachais, Norma Foley agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumas, Comhtháthú agus Óige, Roderic O’ Gorman.

Beidh dhá painéal díospóireachta mar chuid den phríomhchomhdháil agus aíonna náisiúnta agus idirnáisiúnta páirteach, lena n-áirítear Andreas Schleicher (OECD), Dr Michelle Cullen (Accenture), Arlene Forster (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta) An tOllamh Anne Looney (OC BÁC),  Bo Stjerne Thomsen (The LEGO Foundation), an t-údar Roddy Doyle, Helene Hugel (Helium Arts) agus An tOllamh Linda Doyle (Coláiste na hOllscoile, BÁC).

Is féidir breathnú ar an ócáid ina hiomláine anois ar Chainéal YouTube Éire Ildánach

An Chruthaitheacht – an nasc lenár dtodhchaí, anois

Bhí dhá dhíospóireacht painéil ar siúl roimh an gcomhdháil ina ndearnadh iniúchadh ar thionscadail chruthaitheacha a raibh Éireannaigh óga páirteach iontu sa chóras oideachais agus lasmuigh den chóras oideachais.

Bhí ionchur ag daoine éagsúla a raibh baint acu le tionscnaimh de chuid Óige Ildánach sa phainéal díospóireachta – amhail Clár na Scoileanna Ildánacha agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach – agus thug siad léargas a bhí fíorluachmhar ar rolladh amach Phlean Óige Ildánach go dtí seo.

Má chaill tú na díospóireachtaí painéil seo is féidir leat breathnú orthu anseo

Óige Ildánach sa Chóras Oideachais

Comhdháil Óige Ildánach sa Phobal

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×