Skip to main content


Nuacht

Tionscadal Dialann Covid de chuid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara

Scroll
min read

Tionscadal Dialann Covid de chuid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara

min read

19/01/22

Tionscadal Dialann Covid de chuid Sheirbhís Ealaíon Chill Dara

Bhí an tionscadal neamhghnách seo dírithe ar dhaoine aosta agus orthu siúd a bhí ag clútharú i gCill Dara. In 2020 sheachaid Seirbhís Ealaíon Chill Dara os cionn 140 leabhar nótaí muilscín chuig tithe ar fud an chontae chun na rannpháirtithe a spreagadh lena gcuid smaointe, a saothair ealaíne, agus a scéalta a roinnt le linn na dianghlasála. Bhí sé i gceist go mbeadh na dialanna mar chuid de chartlann bhuan de chuid Chomhairle Contae Chill Dara sa deireadh.

Tá na leabhair nótaí tugtha ar ais anois chuig Seirbhís Ealaíon Chill Dara le gur féidir scanadh digiteach a dhéanamh orthu agus go nochtfar stór de chuimhní cinn ón dianghlasáil. Deir Lucina Russell an tOifigeach Ealaíon le Comhairle Contae Chill Dara go bhfuil aoisraon na ndaoine a raibh baint acu leis an tionscadal “go hiontach agus an té is óige sé bliana d’aois agus an duine is sine 91 bliain d’aois“. “Thosaigh siad ag teacht isteach chugainn, le seachtain anuas. Dúirt go leor daoine go raibh súil acu go dtiocfadh deireadh leis an dianghlasáil um Cháisc. Thagair a lán daoine don uaigneas, don aonrú, don éadóchas, ach bhí dóchas acu agus thuig siad go mbeadh sé seo thart. Tá go leor tagairtí ann do na gníomhaireachtaí tacaíochta agus bhí baint ag cuid de na daoine a d’úsáid na leabhair nótaí le Naas Care of the Aged agus freisin le seirbhísí a chuidíonn le daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu. Labhraíonn siad go minic sna leabhair nótaí, faoi na seirbhísí, ar nós an tseirbhís seachadadh béilí. Mar a thuigfeá, tá an-lear tagairtí do bhia sna leabhair nótaí. Bhain go leor daoine taitneamh as an tréimhse agus tá neart cur síos ann ar éin agus ar ghairdíní. Tá na madraí agus na cait tábhachtach go leor,” ar sise. “D’fhéadfadh tionscadail bheaga shimplí ar nós é a bheith ina chuid de phictiúr níos mó”.

I measc na ndialannaithe atá le feiceáil sa chlár faisnéise freisin tá an duine is sine a ghlac páirt i dtionscadal na leabhar nótaí. Le haghaidh na dialainne, roghnaigh Elizabeth Kenny, atá 91 bliain d’aois, machnamh a dhéanamh ar a saol. “Ní raibh a fhios agam i ndáiríre. B’fhéidir go raibh mé ag tabhairt faoi rud nár thuig mé. Sílim gurbh é an lá dár gcionn é. Fuair mé an peann agus dúirt mé, ‘Seo é, Lizzy. Tosaigh ag scríobh. Níl mé in ann scríobh go maith ach thosaigh mé ag scríobh agus choinnigh mé orm. Agus an bhfuil a fhios agat cén fáth a raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh… mar go mbeidh mé 92 bliain d’aois i mí Aibreáin seo chugainn, ar fhaitíos go gcaillfinn an beagán atá agam,” ar sise, ag gáire.

Tá ochtar clainne ag Elizabeth, 21 garpháiste agus 19 páiste gharpháistí. Ba é an chuid ba deacra ó thaobh na dianghlasála mar a bhain le Elizebeth ná gur airigh sí uaithi a cairde san ionad cúraim lae sa Nás. “Is breá liom mo shaol agus mo theaghlach. Cé go bhfuil grá agat do do mhuintir féin is breá leat a bheith ag caint le cairde, nach bhfuil an ceart agam? Is féidir leat rudaí a insint dóibh, tá a fhios agat”. Sa scannán, a fuair tacaíocht ó Chlár  hÉire Ildánach agus a stiúir David C Lynch, arb as  dhúchas Chill Dara ó dhúchas dó, tá cuid de na dialannaithe Covid ba shine  agus taispeánadh é den chéad uair ar líne mar chuid de Oíche Chultúir 2020.

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×