Skip to main content


Nuacht

The Lost Palace of Lixnaw

Ba dhíol suntais an tionscnamh maidir le ‘The Lost Palace of Lixnaw’ ar chlár Chomharsanachtaí Cruthaitheachta Cheantar Bardasach Chiarraí i rith na bliana 2019. Tugadh léargas d'óg agus d'aosta ar an stair dhearmadta a bhaineann le ré órga Leic Snámha trí leas a bhaint as an drámaíocht, an amharclannaíocht, an scéalaíocht, físeáin agus ceardaíocht chun athinsint a thabhairt ar stair Leic Snámha san 18ú céad.

Bhí canálacha, Páirc Fianna, gairdíní, aibhinní, úllghoirt agus timpeallacht foirgníochta i gCúirt agus ar Diméin Leic Snámh a bhí inchurtha lena raibh ar fáil in Éirinn agus i Londain ag an am. Leis an tionscnamh The Lost Palace, tugadh deis do mhuintir na háite, agus do phobal Chiarraí i gcoitinne, an ghné sin den oidhreacht a thabhairt chun suntais agus a thuiscint. Mar gheall ar an bpróiseas cruthaitheachta, cothaíodh tuiscint níos fearr ar stair Leic Snámha chomh maith le hoidhreacht bhreá an cheantair a léiriú ar bhealach beo.

Maidir le grúpaí rannpháirtíochta, bhí leibhéal ard rannpháirtíochta i gceist le spéis mhór á chur sa tionscnamh ag daltaí scoile agus ag daoine de phobal na háite, cuid mhór nach raibh an stair seo ar eolas acu.

Cruthaíodh cuid mhór deiseanna don rannpháirtíocht idirghlúnta leis an tionscnamh agus bhí obair i gcomhar le háisitheoir drámaíochta, dearthóir cultacha, scannánaí, grúpaí pobail áitiúla agus scoileanna san áireamh.

Bhí cuid mhór gnéithe idirghlúnta i gceist leis an togra ar tháinig lón foghlama maidir le stair na háite, gnéithe den taobh tíre, gnéithe foirgníochta agus saol na ndaoine faoina scáth.

D’oibrigh daoine den aos cruthaitheachta le leanaí chun radharcanna agus carachtair ó ré seo na staire a chruthú agus rinneadh scannánaíocht ar an taibhréim mar bhealach chun tuiscint nua a chothú ar stair na háite agus na ndaoine.

Ar cheann de na buaicphointí maidir leis an togra iomlán, bhí trí cinn d’fhíseáin athchruthúcháin a léiriú agus na leanaí i mbun tráchtaireachta ar chuid mhór gnéithe éagsúla de stair Leic Snámha i rith an 18ú céad.

Chomh maith leis na daltaí scoile agus a gcuid tuismitheoirí, cothaíodh caidreamh freisin le daoine sna bailte fearainn thart ar Leic Snámha agus bhí siadsan sa lucht féachana an tráth a raibh scannánaíocht á dhéanamh ar na radharcanna.

Chuaigh téama ‘The Lost Palace’ i bhfeidhm go tréan maidir le samhlaíocht na ndaoine agus an lucht ealaíne a spreagadh agus tháinig sé chun cinn arís i ndáil le tionscadail eile, mar shampla:

  • ‘Inventory of Everyday Objects’ le Alison Mac Cormaic – tionscnamh ceardaíochta agus fardail d’fhonn tuiscint ar an am i gcúrsaí staire a chruthú do na glúnta atá le theacht
  • Swimming Flagstone le Lisa Fingleton lena ndéantar iniúchadh ar chúrsaí bithéagsúlachta, inmharthanachta agus bia. Tugtar athruithe ó ghlúin go glúin agus ó ré go ré i gceist leis an tionscadal seo.
  • Ceangal le Ailtireacht Chiarraí 2019 – tionscnamh ríshásúil ar fud an chontae ar fad maidir leis an timpeallacht foirgníochta agus an oidhreacht cultúir a raibh cuid mhór as Leic Snámha agus as Tuaisceart Chiarraí san áireamh leis.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×