Skip to main content
Oct 2022 Sculptor Cathy Carmen working with Photo Brian Farrell


Nuacht

Is Binne an Fonn

Scroll
min read

Is Binne an Fonn

min read

30/04/22

Is Binne an Fonn

Clár d’ealaíontóirí níos sine agus grúpaí do dhaoine níos sine “Ní gá go mbeadh teorainn le ré na healaíontóra. Is cosúil go dtagann siad slán ó dhearcthaí aoisíocha agus ó thuairimí thraidisiúnta maidir le dul ar scor.”

Ar cheann de na moltaí a cuireadh chun cinn i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar Bheartas Aoisbháúil Chomhairle Chontae Liatroma sa bhliain 2020 ná chun a chinntiú go mbeadh tacaíocht ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla níos sine ionas go mbeidís in ann leanúint ar aghaidh le hobair nua a dhéanamh agus le bheith ag tabhairt faoin ngairm agus dul chun cinn a dhéanamh léi le linn a saoil ar fad. Is deis ar leith é an tionscadal seo a léiríonn gur féidir caighdeán agus doimhneacht obair an ealaíontóra a fheabhsú de réir mar a théann an t-ealaíontóir in aois nuair a chuirtear deis ar fáil do ghrúpaí daoine atá níos sine chun breathnú ar an gcruthaitheacht féin atá acu i bpróiseas atá faoi stiúir ealaíontóirí níos sine.

An Tionscadal

Tá John McDwyer, Cathy Carmen agus Charlie McGettigan ag obair le trí Ghrúpa Seandaoine Gníomhacha sheanbhunaithe trí Fhóram Seandaoine Gníomhacha Liatroma.

Beidh gach tionscadal an-chomhoibríoch agus is iad an t-ealaíontóir agus an grúpa iad féin a roghnóidh foirm an tionscadail. Tógfaidh sé píosa ama go dtí go dtiocfaidh foirm an tionscadail chun solais, tar éis do na healaíontóirí agus na grúpaí roinnt ama a chaitheamh le chéile agus cinneadh a dhéanamh faoin méid atá siad ag iarraidh a dhéanamh le chéile.

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×