Skip to main content


Nuacht

Buaiteoirí This is Art! na bliana 2023 fógartha

Scroll
min read

Buaiteoirí This is Art! na bliana 2023 fógartha

min read

10/06/23

Buaiteoirí This is Art! na bliana 2023 fógartha

Tá buaiteoirí This is Ard! 2023, a dhéanann ceiliúradh ar ealaíontóirí óga den uile chumas, le breis is 3,000 iontráil agus duaischiste atá os cionn €10,000 fógartha.

D’fhógair Clár Éire Ildánach agus RTÉ buaiteoirí an tríú comórtas náisiúnta This is Art! a dhéanann ceiliúradh ar ealaíontóirí óga den uile chumas inniu. Roghnaigh painéal moltóirí neamhspleácha (atá liostaithe thíos) na buaiteoirí (atá liostaithe thíos freisin) a thagann ó Bhaile Átha Cliath agus ó Dhún na nGall agus chuir béim arís eile ar ardchaighdeán na n-iontrálacha ó chatagóirí aoise éagsúla.

Cuirtear cleachtas ealaíne i measc daoine óga chun cinn sa chomórtas agus spreagtar agus tacaítear le cruthaitheacht, úrnuacht agus féinléiriú.

Ag obair ar an téama, ‘Seo Spreagadh/This Is Inspiration’, fuarthas 3,000 iontráil ó ealaíontóirí óga den uile chumas, in aois 18 mbliana d’aois agus faoi, fud fad na tíre agus a chruthaigh saothar ealaíne bunaidh a thaispeánfar i ndánlann ealaíne ar líne do na glúnta atá le teacht.

Ghlac 17 údarás áitiúil páirt in This is Art! i mbliana agus rinne seacht gcinn (7) de na húdaráis áitiúla óstach ar thaispeántais an Satharn, an 10 Meitheamh.

Beidh saothair ealaíne den scoth sna taispeántais seo ó thaispeántas Phort Láirge i nGailearaí Ealaíne Phort Láirge go taispeántas an Bhóthair Thuaidh, Muineachán, ó ealaíontóirí i do cheantar atá ag teacht chun cinn, mar sin seiceáil amach an méid atá ar taispeáint. Beidh saothair roghnaithe ó iontrálacha na bliana seo le feiceáil ar chláir fógraí ar fud na tíre agus ar na meáin shóisialta mar chuid den fheachtas atá ag Clár Éire Ildánach agus ag RTÉ.

Buaiteoirí na bliana 2023

Is iad buaiteoirí This is Art! 2023:

  • Aois 7 agus faoi: Maimoonah Syed, aois 6, Baile Átha Cliath – ‘Punk The Skunk’
  • Aois 8 – 11: Tadhg Tural, aois 11, Baile Átha Cliath – ‘A Day in Lesvos’
  • Aois 12 – 15: Zihan He, aois 14, Baile Átha Cliath – ‘Journey of Tranquility’
  • Aois 16 – 18: Georgia Smith, aois 16, Baile Átha Cliath – ‘The Stratford Fox’
  • Catagóir ghrúpa: An Chéad Bhliain, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn – ‘Mess Monsters’

Fógrófar an duaischiste de €10,000, leis na buaiteoirí ó na catagóirí difriúla ag fáil duaiseanna chomh
maith le Gradam Grand Prix, This Is Art! – trófaí gloine coimisiúnaithe go speisialta agus an chéad
cheann dá leithéid, ón ealaíontóir gloine cáiliúil, Róisín de Buitléar.

Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir, Clár Éire Ildánach:

“Thar ceann Chlár Éire Ildánach, ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le buaiteoirí This is Art! 2023 as an obair eisceachtúil atá déanta acu. Tá lúcháir orainn in Éire Ildánach tacú le daoine óga le bheith cruthaitheach i cibé foirm atá i gceist agus táimid thar a bheith ríméadach i mbliana an raon leathan stíleanna agus teicnící atá in úsáid ag an uile dhuine a chuir isteach ar This is Art. Ar nós na moltóirí, táimid tógtha leis an méid samhlaíochta ar bhain na healaíontóirí óga úsáid as. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh lenár gcomhpháirtithe This is Art! a chuir an clár cruthaitheach iontach seo ar fáil.”

Dúirt Suzanne Kelly, Ceann Ábhair Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ:

“Tá gliondar orainn in RTÉ a bheith mar chuid de thionscnamh atá thar a bheith dearfach agus spreagúil. Arís eile, bhí leibhéal na cruthaitheachta ón 3,000 ealaíontóir óg den uile aois fud fad na tíre éachtach. Is éard a bhí i gceist lenár gcuireadh do This Is Art!, a bheith samhlaíocht agus cruthaitheach agus tá na torthaí dochreidte! Maith sibh, a bhuaiteoirí go léir agus buíochas don uile dhuine a chuir isteach ar an gcomórtas. Tá an obair agus an cion a chuir sibh leis an gcomórtas i mbliana inspioráideach i ndáiríre.”

An méid a bhí le rá ag na Buaiteoirí:

Maimoonah (0-7)

“Nuair a thugaim faoi shaothair ealaíne samhlaím go bhfuilim rannpháirteach i ngach ní is ansa liom. Táim thar a bheith sásta gur thaitin mo shaothar ealaíne leis na moltóirí.”

Tadhg (8-11)

“Bhí glacadh leis an duais seo thar a bheith spreagúil dom. Táim thar a bheith buíoch duais a bheith bainte amach agam. Ba bhreá liom dá mbeadh ar chumas an uile dhuine duais a bhaint amach. Tá ceanglán mór agam atá lán le mo chuid líníochtaí. Faighim inspioráid i ngach áit. Tugann an domhan inspioráid dom. Tá na billiúin agus na trilliúin míreanna thart timpeall ort is féidir leat a tharraingt. Bhí go leor spraoi i gceist leis an saothar ealaíne a chruthú.”

Zihan (12-15)

“Chuir mé tús le healaín a chruthú nuair a bhí mé sé nó seacht bliana d’aois. Ciallaíonn ealaín am suaimhneach, imím ó strus na scoile. Díríonn mo shaothar ealaíne go príomha ar chumhacht an cheoil agus an bealach a gcruthaíonn sé am ciúin dúinn i bhfad ó anró an tsaoil. Tá sé thar barr duais a bhaint amach agus is breá liom an trófaí!”

Georgia (16–18)

“Baineadh croitheadh asam an chéad áit sa chatagóir seo a bhaint amach in This is Art! 2023. Is í an chomhairle a bheadh agamsa d’ealaíontóirí óga, a bheith ag cleachtadh gach uile lá fiú má cheapann tú nach bhfuil an saothar ealaíne go maith, lean ort mar sin féin. Lean ort leis an líníocht agus leis an gcleachtadh. Má tá tú den tuairim go bhfuil smaoineamh maith agat, ba cheart duit leanúint ar aghaidh leis. Beidh tú i d’ealaíontóir níos fearr má leanann tú ort ag cleachtadh.”

An Chéad Bhliain, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn (Buaiteoirí Grúpa)

“Táimid chomh sásta a fháil amach gur bhaineamar catagóir ghrúpa buaiteoirí Grand Prix amach. D’oibríomar thar a bheith crua ar an tionscadal seo ar feadh go leor seachtainí agus tá sceitimíní orainn gur thaitin an saothar go mór leis na moltóirí. Nuair atá grúpa i mbun oibre, tagann smaointe difriúla chun cinn agus tá sé iontach na smaointe sin a fheiceáil ag teacht le chéile chun saothar ealaíne den scoth a chruthú. Bhí an-spraoi againn ag déanamh na n-arrachtaí seo agus mar rang táimid fíor-bhródúil.”

Na Duaiseanna a Bhuaigh na hEalaíontóirí

Gradam Grand Prix: Faigheann an t-ealaíontóir buacach i ngach aon chatagóir an Gradam Grand Prix This Is Art! – trófaí gloine coimisiúnaithe go speisialta agus an chéad cheann dá leithéid, ón ealaíontóir gloine cáiliúil, Róisín de Buitléar.

Moltaí: Faigheann saothair roghnaithe ar fud gach catagóire Teastais Mholta chomh maith le dearbháin duaise d’ábhair ealaíne agus déanfaidh duine de na moltóirí athbhreithniú gairmiúil ar a gcuid oibre.

Sparánachtaí do Ghrúpa: Soláthróidh ealaíontóirí gairmiúla eispéireas ealaíne uathúil do na buaiteoirí agus do na daoine a thagann sa dara háit sa Chatagóir Ghrúpa.

Eile: Bronnfar duaiseanna sparánachta le haghaidh cúrsaí ealaíne, dearbháin d’ábhair ealaíne agus dearbháin d’fhrámáil pictiúir freisin ar líon ealaíontóirí.

An méid a dúirt na moltóirí

Tadhg Crowley, Músaem Glucksman, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ar bhuaiteoir 0–7: ‘Punk the Skunk’ (le Maimoonah)

“A leithéid de shaothar iontach ealaíne lena mbaineann an oiread sin lúcháir! Is annamh a bhíonn saothar ealaíne ann a tharraingíonn aird na moltóirí go léir agus rinne Punk the Skunk é sin. Tá úsáid álainn bainte as ábhar, tá scil eisceachtúil léirithe ag Maimoonah. Comhghairdeas ó chroí Maimoonah, lean ort leis an gcruthaitheacht!”

Colin Martin RHA, Scoil RHA & NCAD ar bhuaiteoir 8-11: ‘A Day in Lesvos’ (le Tadhg)

“Buaiteoir fíor-spéisiúil sa chatagóir seo a léirigh an bealach inar féidir leis an ealaín scéalta a insint ar go leor leibhéal. Baineann saoirse iontach leis an mbealach ina dtarraingíonn Tadhg Teach na Cúirte agus is féidir leat an solas agus an teas a mhothú ón mbealach ina ndéanann sé cur síos ar an fhoirgneamh chomh líofa agus chomh cruinn. Insítear scéal pearsanta dúinn freisin maidir leis an méid atá ag tarlú i dteach na cúirte óna dhearcadh. Comhghairdeas!”

Amanda Coogan, Amharcealaíontóir ar bhuaiteoir 12-15: ‘Journey of Tranquility’ (le Zihan)

“Zihan, is saothar ealaíne eisceachtúil atá anseo, comhghairdeas ó chroí. Is ealaíontóir cumasach tú. Is breá liom, an comhdhéanamh, ach go háirithe. Tá an scáil dúbailte san fhuinneog thar barr, tugann sé trí dhearcadh dom ar do thuras álainn chun an tsuaimhnis. Comhghairdeas arís agus táim ag tnúth go mór le tuilleadh den saothar ealaíne seo.”

Ruth Medjber, Grianghrafadóir, ar bhuaiteoir 16-18: ‘The Stratford Fox’ (le Georgia)

“Níl ealaín sráide éasca, ach d’éirigh thar barr leis an ealaíontóir óg seo. Tá saothar fíor-speisialta curtha aici ar láthair fhoirfe, nuair a bhreithnítear céard ba mhaith le daoine eile a fheiceáil. Tá an t-eolas teicniúil atá aici thar barr nuair a thógtar a haois san áireamh.”

Aoife Dooley, Maisitheoir agus Údar ar Bhuaiteoir Grúpa: ‘Monster Mess’ (leis an gCéad Bhliain / Rang Ealaín), Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall)

“Is breá liom an bealach inar thóg gach dalta a ghlac páirt, píosa den scéal a chiallaigh rud éigin dóibh go pearsanta agus gur chuir siad an méid sin i láthair trí ealaín! Féachann an saothar ealaíne iontach agus is breá liom an bealach inar bhain siad úsáid as bealaí difriúla le linn na hoibre.”

Tabhair cuairt ar www.rte.ie/thisisart le tuilleadh faisnéise a fháil agus leis na hiontrálacha agus na buaiteoirí go léir a fheiceáil.

 

 

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×