Skip to main content


Nuacht

This is Art! Ag iarraidh ar gach ealaíontóir óg a chumas a léiriú

Scroll
3 min read

This is Art! Ag iarraidh ar gach ealaíontóir óg a chumas a léiriú

3 min read

11/03/21

This is Art! Ag iarraidh ar gach ealaíontóir óg a chumas a léiriú

Comórtas iontach úrnua ar líne is ea This is Art! a bunaíodh mar chomhpháirtíocht idir RTÉ agus an Clár Éire Ildánach, agus é dírithe ar dhaoine óga ar oileán na hÉireann.

Ba mhaith le This is Art! cuireadh a thabhairt do gach ealaíontóir óg atá faoi 18 píosa ealaíne, a chuirfear ar taispeántas i ndánlann ar líne, a chruthú ina aonar nó mar bhall de ghrúpa. Cuireann an comórtas seo cleachtas na healaíne chun cinn i measc daoine óga agus spreagann sé cruthaitheacht, úrnuacht agus féinléiriú.

Is féidir iarratais a uaslódáil chuig www.thisisart.ie.

This is Art! Creative Ireland

Open Video

Féadfaidh daoine óga ag gach leibhéal cumais cur isteach ar an gcomórtas i ngach disiplín ealaíne, ina measc péintéireacht, líníocht, grianghrafadóireacht agus dealbhóireacht agus i  5 chatagóir: Aois 7 agus faoi, 8-11, 12-15, 16-18 agus sa chatagóir do na Grúpaí. Déanfaidh painéal de mholtóirí ar a mbeidh na healaíontóirí Joe Caslin, Fatti Burke agus Leanne McDonagh, Sarah McAuliffe (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann) agus Tadhg Crowley (Áiléar Lewis Gluckman) moltóireacht ar an obair ealaíne agus cuirfear ar taispeáint ansin iad i ndánlann ildaite ar www.rte.ie/thisisart.

Dúirt Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: “Is ceann de phríomhspriocanna an Chláir Éire Ildánach é a chinntiú go dtugtar deis dár bpáistí agus dár ndaoine óga barr a maitheasa a bhaint amach ó thaobh na cruthaitheachta de. Cuardaíonn muid agus tacaíonn muid le cláir a thugann spreagadh dóibh agus a dhéanann athrú ó bhonn orthu ar nós This Is Art! atá ag ceiliúradh tallann na ndaoine óga ar fad a dteastaíonn uathu iad féin a chur in iúl tríd an amharcealaíon. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an  bhfoireann sa Rannóg Cláir do Dhaoine Óga in RTÉ as ardán chomh samhlaíoch a chruthú dár gcuid páistí. De bharr gur fhiafraigh siad ‘Céard is ealaín ann?’ thug siad an tsaoirse do na daoine óga a bheith ar a gcomhairle féin agus ligean lena samhlaíocht agus iad ag cruthú ealaíne.”

Roghnófar cúigear ealaíontóirí, duine i ngach catagóir, ar a mbronnfar, den chéad uair riamh, an chéad duais -This is Art! Grand Prix Award, ar píosa dealbhóireachta é leis an amharcealaíontóir Vera Klute a bhí coimisiúnaithe go speisialta, agus tabharfar Teastais Mholta chomh maith le dearbháin chun ábhar ealaíne a cheannach do 30 obair ealaíne eile sna catagóirí ar fad. Bronnfar Trí Sparánacht Grúpaí freisin chomh maith le sparánachtaí le haghaidh cúrsaí gairide sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) agus i Crawford College of Art & Design, dearbháin le haghaidh ábhar ealaíne agus dearbháin le haghaidh fearas digiteach.

B'fhéidir go dtaitneodh seo leat…

Stay up to date

×